Beidh a fhios againn Dé Luain cé hiad na foirne a sheasfaidh an fód do Ghaillimh agus do Dhún na nGall ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018 agus na comórtais cháilithe á n-imirt an deireadh seachtaine seo.
Inniu a chuirfear tús leis na cluichí i nGaillimh agus na babhtaí leathcheannais sna comórtais shinsir agus shóisir le n-imirt ar Pháirc an Mháimín i Leitir Móir.
Ba iad Rinn Mhaoile (Sóisir) agus Oileáin Árann (Sinsir) a thug leo na craobhacha anuraidh ach ní ghlacfaidh siad aon pháirt i gcluiche an deireadh seachtaine seo mar gur chlis orthu níos túisce sna comórtais.
Cuirfear tús leis na cluichí sa ghrád sóisir tráthnóna ag 2.00i.n. nuair a imreoidh Micheál Breathnach i gcoinne Bhearna. Casfaidh Naomh Anna ar an Fhairche ina dhiaidh sin sa dara cluiche leathcheannais.
I gcomórtas na sinsear, tabharfaidh An Spidéal aghaidh ar Mhaigh Cuilinn ag 5.00i.n.. Is iad Maigh Cuilinn rogha na coitiantachta sa chluiche sin ach beidh siad faoi míbhuntáiste agus é beagnach cinnte nach mbeidh a gcuid imreoirí contae ar fáil ó tharla go mbeidh Gaillimh ag imirt an deireadh seachtaine seo chugainn.
Beidh slua mór ann don dara cluiche leathcheannais nuair a chasfaidh an fhoireann bhaile, Naomh Anna, ar an gCeathrú Rua ag 6.30i.n.. Bhí bua maith ag fir na Ceathrún Rua ar Naomh Anna nuair a chas na foirne ar a chéile sa chraobh cúpla bliain ó shin ach déarfadh duine nach mbeadh sé chomh héasca céanna acu arís.
Rachaidh buaiteoirí na gcluichí leathcheannais ar aghaidh go dtí na cluichí ceannais a bheidh á n-imirt amárach ar Pháirc an Mháimín.
Is amárach chomh maith a chuirfear tús le comórtas cáilithe na bhfear i nDún na nGall. Is sna Dúnaibh a bheidh comórtas náisiúnta na bliana seo agus gheobhaidh siad cleachtadh maith an deireadh seachtaine seo agus iad ag reáchtáil na gcomórtas áitiúil chomh maith.
Sna babhtaí leathcheannais sóisir, imreoidh an fhoireann bhaile i gcoinne Chill Charthaigh agus casfaidh Gaeil Fhánada ar Ard an Rátha.
Imreofar an chéad chluiche leathcheannais sa chomórtas sinsir ag 4.30i.n. nuair a chasfaidh Gaoth Dobhair ar Naomh Columba. Cé gurb iad cumann Mhachaire Gathlán ríthe an chomórtais náisiúnta agus é buaite ocht n-uaire acu, níor éirigh leo deireadh seachtaine na Cincíse a bhaint amach ó 2014.
Sa chluiche leathcheannais eile, casfaidh seaimpíní náisiúnta 2015 agus 2016, Naomh Conaill, ar Ghleann tSúilí ag 6.00i.n.
Fillfidh na buaiteoirí ar na Dúnaibh arís Dé Luain chun na cluichí ceannais a imirt.
Comórtas cáilithe na Gaillimhe
Dé Sathairn, 5 Bealtaine
Babhtaí leathcheannais sóisir
Bearna v Micheál Breathnach – 2.00i.n.
Naomh Anna v An Fhairche – 3.30i.n.
Babhtaí leathcheannais sinsir
An Spidéal v Maigh Cuilinn – 5.00i.n.
Naomh Anna v An Cheathrú Rua – 6.30i.n.
Dé Domhnaigh, 6 Bealtaine
Cluiche ceannais na sóisear – 2.00i.n.
Cluiche ceannais na sinsear – 4.00i.n.
Comórtas cáilithe Dhún na nGall
Dé Domhnaigh, 6 Bealtaine
Babhtaí leathcheannais sóisir
Na Dúnaibh v Cill Charthaigh – 1.00i.n.
Gaeil Fhánada v Ard an Rátha – 2.30i.n.
Babhtaí leathcheannais sinsir
Gaoth Dobhair v Naomh Columba – 5.00i.n.
Naomh Conaill v Gleann tSúilí – 6.30i.n.
Dé Luain, 7 Bealtaine
Cluiche ceannais na sóisear – 1.30i.n.
Cluiche ceannais na sinsear – 3.30i.n.
Fág freagra ar 'Coimhlintí móra romhainn i gcomórtais cháilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i nGaillimh agus i nDún na nGall'