‘Cnoc an Anfa’, ‘Stoirmhonadh’, nó ‘Lios na Scáth’ – cén Ghaeilge atá ar Stormont?

Tá an focal ‘Stormont’ idir lúibíní tar éis ‘Lios na Scáth’ san eolas a chuir Oifig an Fheidhmeannais ar fáil faoin bhfolúntas do Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh

‘Cnoc an Anfa’, ‘Stoirmhonadh’, nó ‘Lios na Scáth’ – cén Ghaeilge atá ar Stormont?

Foilsíodh an tseachtain seo lámhleabhar oifigiúil don té a bheadh ag iarraidh cur isteach ar phost an Choimisinéara Teanga don Ghaeilge a d’fhógair Céad-Aire an Tuaiscirt, Michelle O’Neill an tseachtain seo caite.

Tá 43 leathanach ar fad sa lámhleabhar agus eolas go leor ann don té a bhfuil suim aige sa phost dúshlánach seo a bheidh lonnaithe i “dtimpeallacht chasta” an Tuaiscirt. Tagraítear trí huaire sa cháipéis seo d’áit nach gcloistear caint uirthi i mbéal na nGael – Lios na Scáth.

Tá an focal ‘Stormont’ idir lúibíní tar éis ‘Lios na Scáth’ dhá bhabhta sa cháipéis – is dóigh gur glacadh leis go mbeadh a cheacht foghlamtha ag an nGael a léifeadh an tríú babhta é.

Tá 4,391 tagairt don fhocal ‘Stormont’ ar Corpas.ie agus tá 73 tagairt don fhocal ‘Cnoc an Anfa’ – aistriúchán Gaeilge a bhíonn in úsáid ag go leor cainteoirí Gaeilge sa Tuaisceart. Do ‘Lios na Scáth’ níl oiread is tagairt amháin ar Corpas.ie.

Is é ‘Stormont’ an leagan oifigiúil Gaeilge atá ar an áit de réir Logainm.ie agus ní thugtar leagan Gaeilge ar shuíomh Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann. Níl stádas oifigiúil ag ‘Cnoc an Anfa’ ar chor ar bith ach léirítear sa chuardach sin ar Corpas.ie gur foinsí ón Tuaisceart féin iad an chuid is mó de na foinsí ina bhfuil an leagan áirithe sin. Úsáideann Sinn Féin, Conradh na Gaeilge, an Dream Dearg, Glór na Móna agus eagraíochtaí eile ó thuaidh ‘Cnoc an Anfa’ go han-mhinic freisin.

Cén t-ainm is ceart a thabhairt ar Stormont i nGaeilge, mar sin?

Luaitear ar shuíomh Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann (agus i leabhar Pat McKay [2007] a bunaíodh ar ábhar an Tionscadail) gur dócha gur leagan ciorraithe den logainm Béarla ‘Storm Mount’ é ‘Stormont’ agus gur úsáideadh den chéad uair é thart ar an mbliain 1830 mar ainm ar an teach agus eastát a bhí ag an Oirmhinneach John Cleland, a phós iníon úinéir an tí, Samuel Jackson.

Ba é ‘Mount Pleasant’ an t-ainm a thugadh muintir Jackson ar an teach roimhe sin.

Sa bhliain 1859 a tógadh an caisleán, Stormont Castle, agus i 1924 a tógadh Tithe na Parlaiminte ina aice. Tá áit in Albain darb ainm ‘Stormont’ freisin (agus i Luimneach, in Ard Mhacha, agus i gcontae an Dúin) agus táthar ann a chreideann gur ón áit sin a thóg Cleland an t-ainm dá theach. Meastar gur Béarlú ar an logainm Gàidhlig ‘Stoirmhonadh’ é Stormont na hAlban agus, mar sin, gur focal Gaelach is bunús le hainm na parlaiminte sa Tuaisceart.

Céard as a dtáinig an ‘Lios na Scáth’ atá ag Oifig an Fheidhmeannais, mar sin? Tá leid faoi sin ann i nótaí Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann:

Storm Mount, the residence of Samuel Cleland (Cleeland) Esquire, is situated in the townland of Ballymiscaw. It is a large, plain house with very little planting about it.

Tá ‘Ballymiscaw’ féin ar shuíomh Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann agus an leagan Gaeilge ‘Baile Lios na Scáth’ luaite leis. Is léir gur ón mbaile fearainn a thóg Oifig an Fheidhmeannais an leagan ‘Lios na Scáth’ do Stormont ach is aisteach gur fágadh an mhír ‘Baile’ ar lár ann. Tharla sé go minic i mBéarlú na logainmneacha sa gcuid eile den tír gur fágadh an ‘baile/bal/bally’ ar lár ach ní mar sin a bhíonn sé i gcás an leagain Gaeilge.

‘Athlone’ atá againn i mBéarla, ach ‘Baile Átha Luain’ atá againn i nGaeilge. ‘Athy’ a thugtar ar ‘Bhaile Átha Í’ agus ‘Athenry’ a thugtar ar ‘Bhaile Átha an Rí’. Bheifí ag súil, b’fhéidir, go dtabharfaí Liscaw, ar ‘Bhaile Lios na Scáth’ i mBéarla ach go mbeadh an ‘Baile’ fós ag na Gaeil.

Tá ceist spéisiúil tarraingthe anuas ag Oifig an Fheidhmeannais i ngan fhios dóibh féin: agus stádas oifigiúil de shaghas éigin ag an nGaeilge taobh amuigh de stát na hÉireann den chéad uair riamh, cé na caighdeáin agus nósanna teanga a leagfaidh an stát ó thuaidh amach?  An mbeidh siad difriúil leis na caighdeáin agus nósanna atá i bhfeidhm le breis agus céad bliain ó dheas? Agus an dtabharfaidh muid uilig ‘Lios na Scáth’ ar Stormont feasta?

Fág freagra ar '‘Cnoc an Anfa’, ‘Stoirmhonadh’, nó ‘Lios na Scáth’ – cén Ghaeilge atá ar Stormont?'

  • Lillis Ó Laoire

    Ní móide go bhfuil an litriú Stoirmhonadh i gceart, dar liom. Tá riail foghraíochta sa Ghaeilge a bhaineann an séimhiú de chonsan nuair a thagann dhá chonsan atá mar a chéile i ndiaidh a chéile. e.g. Naomh Mhuire > Naomh Muire. Dar liom mar sin gur Stoirmonadh nó Stoirm Monadh, gan séimhiú, an leagan cruinn.

  • JP

    Sampla eile:
    ‘neamh-mheabhair’ (fuaimniú=neameabhair)

  • Niall Comer

    Sílim go bhfuil barraíocht machnaimh á déanamh air seo. Is léir domsa gur Storm Mount (áit, b’fhéidir, a raibh radharc le feiceáil ar bhealach na haimsire/stoirme).