Cluichí ceannais 80 nóiméad agus ‘damhsaí gallda’

50 bliain is an lá inniu a d’imir Uíbh Fhailí agus Gaillimh a chéile i gCluiche Ceannais Sinsir Peile na hÉireann, cluiche ina raibh 40 nóiméad i chaon leath

Cluichí ceannais 80 nóiméad agus ‘damhsaí gallda’

Iománaithe Chorcaigh 1970

50 bliain is an lá inniu a d’imir Uíbh Fhailí agus Gaillimh a chéile i gCluiche Ceannais Sinsir Peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh. Bhí an cluiche sin ar cheann de chúig cinn peile agus de chúig cinn iomána a raibh 40 nóiméad i chaon leath, rud a chuirfidh iontas ar chuid mhaith daoine inniu.

Ag Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael i gColáiste Muire i nGaillimh i 1970 is ea a socraíodh, ar bhonn trialach, fad 20 nóiméad a chur le babhtaí ceannais na gcúigí, babhtaí leathcheannais na hÉireann agus na cluichí ceannais.

Ag breathnú siar air ba shocrú é a bhí thar a bheith uaillmhianach. Ba mhór an dúshlán a bhí ann do pheileadóirí idirchontae 33% breise imeartha a dhéanamh, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh gur mhór idir an cineál traenála a bhíodar a dhéanamh i gcomparáid lena macasamhail inniu agus nach raibh baol ar an tacaíocht eolaíochta ar fáil dóibh.

Fós ní cuimhin liom go mbíodh níos mó de chuma na tuirse orthu ná a bhíodh tráth a raibh 20 nóiméad níos lú imeartha leagtha síos dóibh.

John Dowling as Uíbh Fhailí, a bhí le bheith ina Uachtarán idir 1988 -1981 a mhol an rún fad a chur leis an imirt – bhí na himreoirí aclaí a ndóthain agus in ann go maith aige, a dúirt sé.

Chuir an té a bheadh ina Uachtarán 6 bliana dar gcionn Conchubhair Ó Murchú as Corcaigh in aghaidh an mholta agus fuair seisean tacaíocht láidir ó chathaoirleach a chontae Pádraig Ó Drisceoil, a mheas go mbeadh sé iomarcach a leithéid a iarraidh ar imreoirí amaitéaracha.

Ciarraí 1970

Is minic a fhaigheann toscaireacht Chorcaí cluas mhaith ag na Comhdhálacha Bliantúla, ach ní bhfuair an geábh sin. Níor theastaigh ach comhaireamh lámh sular ghairm uachtarán na linne Pádraig Ó Fainnín as Port Láirge gurbh amhlaidh a bheadh le teacht bhabhtaí ceannais na gcúigí an bhliain sin.

Bhí rún eile os comhair na comhdhála sin a chuirfeadh athrú ó bhonn eile ar chluiche na peile dá nglacfaí leis – ceann a d’iarr go ndéanfaí laghdú ar líon na n-imreoirí ar fhoirne sinsearacha peile. Bhí a leithéid déanta i gCraobhacha na gColáistí ag an am agus éirithe go maith leis an gcoimhlint 13 an taobh.

Ach más amhlaidh a mheas na teachtaí go raibh díol an lae den mhéiseáil déanta nó an raibh cúiseanna eile leis, diúltaíodh dó. Mheas mé i gcónaí go mba é an trua nár tugadh seans dó mar gur chuir sé go mór le healaín na himeartha i gCorn an Ógánaigh.

Suimiúil freisin ag breathnú siar ar Chomhdháil 1970 go raibh leadhbairt den teanga ag dul do chumainn a bhí ag ceadú ‘damhsaí Gallda’ ina gcuid clubthithe, nó á n-eagrú in áiteacha eile. Ní mé cén bharúil a bheadh acu siúd a bhí i láthair den fhothram agus den truailliú a thagann ón torann a thagann amach as na callairí i bPáirc an Chrócaigh ag cluichí móra an lae inniu!

Bhí rian an mhéadú ar an am imeartha le feiceáil go sonrach ar na babhtaí ceannais 80 nóiméad iomána seachas ar na cinn pheile – aon chúl déag agus 31 cúilín ar an gclár faoin am ar bhuaigh Corcaigh ar Loch Garman (6-21,5-10) sa gceann ba thúisce, cúl níos lú ná sin an bhliain dár gcionn nuair a bhuaigh Tiobraid Árann ar Chill Chainnigh 5-17, 5-14. Sa mbliain 1972 bhuaigh Cill Chainnigh ar Chorcaigh 3-24, 5-11.

Pádraig Ó Fainnín, Uachtarán CLG ag an am. Pictiúr: RTÉ

Ina dhiaidh sin ní raibh na cúil chomh fairsing – Luimneach 1-21, Cill Chainnigh 1-14 i 1973 agus Cill Chainnigh 3-19, Luimneach 1-13 sa gcluiche ceannais iomána deireanach a mhair 80 nóiméad.

Ciarraí a thug leo an chéad cheann de na Cluichí Ceannais Peile a mhair an t-achar sin nuair a scóráil Din Joe Crowley ceann de na cúil is iomráití a fuair Ciarraí riamh ina mbua 2-19, 0-18 ar chontae na Mí.

Dhá bhliain dár gcionn bhí seans ag Ciarraí ar Chorn Sam Mag Uidhir arís, ach an babhta seo ba imreoir lár páirce de chuid Uíbh Fhailí laoch an lae – Willie Bryan.

Bhí Gaillimh san iomaíocht sna trí chluiche ceannais peile eile a mhair 80 nóiméad – buadh orthu i chuile cheann acu. Uíbh Fhailí cothrom an lae seo i 1971, Corcaigh i 1973 agus Áth Cliath an bhliain dár gcionn.

Níorbh iontas mar sin agus deireadh tagtha leis an tréimhse trialach go raibh fonn ar Ghaillimhigh go laghdófaí fad na himeartha. Ag Comhdháil Bhliantúil CLG 1975 i mBun Dobhráin, ba iad a mhol an rún gur 70 nóiméad imeartha a bheadh i gceist, moladh ar glacadh leis agus atá i bhfeidhm ó shin.

Fág freagra ar 'Cluichí ceannais 80 nóiméad agus ‘damhsaí gallda’'