Ag taisteal abhaile as Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite ní raibh faoi thrácht ar chuile thuairisc raidió a chuala mé ach an taispeántas iontach peile a bhí curtha ar fáil ansiúd ag Baile Átha Cliath agus ag Maigh Eo.
Ní thiocfainn leo.
’Séard a bhí feicthe againn ná togha comhraic, dhá chúl den scoth agus dhá shábháil, mar aon le roinnt mhaith cúilíní ar ardchaighdeán nuair ba mhó cúrsaí idir dhá cheann na meá – iad ar fad bainteach le cumas imeartha na ndaoine a bhí sáite iontu agus an liathróid ina seilbh.
Ach is eagal liom gur bhain an chuid ba mhó de na rudaí eile a thug mé liom le hiarrachtaí imreoirí a gcéilí comhraic a stopadh ó bheith ag imirt agus dírím mo mhéar ar ’chaon taobh a bhí chomh ciontach lena chéile.
Bheinn níos cáintí fós ar an réiteoir agus ar a chúntóirí – rud nach dtagann uaim ón nádúr.
Admhaím nár mhór do Joe McQuillan súile a bheith i gcúl a chinn go bhfeicfeadh sé leath dá raibh ar siúl ina thimpeall – tarraingt, brú, trasnaíl, stracadh, doirn dúnta. Ach ná habair liom nach raibh sé de dhualgas ar na maoir thaobhlíne agus chúil fiú cuid den lot rialach a bhí ar siúl os a gcomhair a thuairisciú.
Ní leor a dhul amach agus iarracht a dhéanamh beirt imreoirí atá ag coraíocht a scaradh óna chéile. Bhí seo ar siúl go leanúnach, fós níor taispeánadh aon chárta buí go dtí an 17ú nóiméad agus faoin am ar tháinig leath ama ní raibh feicthe ach ceithre cinn.
Idir sin agus an deireadh ardaíodh an ceann buí leathdhosaen uair, an ceann dubh aon uair amháin agus an ceann dearg faoi dhó, ach bhí sin i bhfad ródheireanach. Leis an leiciméireacht a stopadh ní mór beartas a dhéanamh go luath agus go minic.
Níl léiriú níos fearr ar an rud atá i gceist agam ná an cic amach deireanach a ghlac báireoir Mhaigh Eo David Clarke agus an t-am caite. Idir é agus lár na páirce ní móide go raibh oiread agus imreoir amháin ina sheasamh – iad ar fad nach mór, idir chosantóirí agus thosaithe, sínte ar an talamh nó ar a nglúine ag iomrascáil. Má bhí riail amháin á sárú bhí suas le scór. Fós ní raibh mar thoradh ar an iomrascáil ar fad ach an cárta dubh fánach amháin a fuair Ciarán Kilkenny.
Coicís roimhe sin facthas cluiche ceannais chomh teann, corraitheach céanna idir iománaithe na Gaillimhe agus Phort Láirge. Spórt é seo a fhágann arm ar iompar ag gach comhraiceoir. Fós ba ar éigean a facthas aon bhuille fealltach agus bhí ar chumas an réiteora a chúram a dhéanamh ar bheagán cúnaimh.
Is cuma faoi seo an raibh an bua tuillte ag Baile Átha Cliath Dé Domhnaigh seo caite nó nach raibh. Thug siad an chraobh leo mar nach raibh siad baileach chomh siléigeach le Maigh Eo.
Tharla sin cé go mba iad foireann Stephen Rochford ba thréine agus ba ghéarchúisí sa gcéad leath ar fad agus ar feadh cuid mhaith den dara ceann. Iadsan a bhí ag buachan na gcathanna colainne agus bhí cealú déanta acu ar phríomhbhagairtí Bhaile Átha Cliath – tionchar Ciarán Kilkenny agus Stephen Cluxton ar an imirt.
Ní raibh Maigh Eo ach an oiread ag brath ar chiceanna saora (13 de na 17 scór a bhí acu tagtha as an imirt oscailte), ach i ndeireadh an lae chniog trí ghné iad a bhí luaite agam anseo cúpla seachtain ó shin.
Ar chúis éicint thugadar cead a chinn do Cluxton sa dara leath; chuireadar leathdhosaen deiseanna scórála nach raibh an-deacair amú agus thar rud ar bith eile chinn ar Dhónal Vaughan guaim a choinneáil air féin.
Murach gur díbríodh an Beachánach den pháirc bheadh fear breise ag Maigh Eo ar feadh leathuair iomlán den imirt. Fiú dá uireasa sin d’éirigh leo a dhul chun cinn ar a gcéilí comhraic faoi dhó san achar sin. Cuimhnigh céard a dhéanfadh siad agus an buntáiste sin acu.
Ainneoin mo chuid cnáimhseála admhaím gur bhain mé an-solamar as an gcluiche.
Níl ann ach go bhfuilim tinn, tuirseach den mheon seo a chreideann gur le diúltacht a dhéanfar sárú ar an gcruthaitheacht.
Is cinnte gur ag Baile Átha Cliath atá an painéal imreoirí is foirfe sa tír agus tá a chruthúnas sin le fáil sna trí chraobh as a chéile atá anois acu agus sna cinn a thugadar leo in 2011 agus 2013.
Sin ráite, ní bheadh aon ghlacadh agam leis an argóint gur acu atá an fhoireann is fearr dár facthas riamh. Aon chúilín amháin a bhí le spáráil acu ar Mhaigh Eo i dtrí cinn de na cluichí ceannais sin agus an bhearna chéanna idir iad agus Ciarraí in 2011.
Tá a fhios agam go bhfuil sé ráite ag Pat Spillane “go bhféadfadh sé tarlú” go dtiocfaidh an lá a mbeadh an cháilíocht sin tuillte acu, ach ní bheinn an-chinnte nach mbeadh níos mó ná farasbarr cúilín aige féin agus ag a chomrádaithe ar na foirne a bhfuair Baile Átha Cliath an ceann ab fhearr orthu le blianta beaga.
Nuair a bhain mé an baile amach san oíche Dé Domhnaigh seo caite ba iad saineolaithe an Sunday Game a chuir fáilte romham agus iad ar a ndícheall (seachas Ciarán Whelan) ag iarradh ceithre chuid a dhéanamh dá chontae dúchais siúd ar mhaithe le ‘cothromaíocht’.
Ach an chumhacht a bheith ag a leithéidí, is dóigh faoi seo go mbeadh foirne dá gcuid féin ag Trá Lí, Cill Airne agus An Daingean i gCraobhacha Peile na hÉireann agus cuilt bhreac déanta do Chontae Chill Chainnigh tar éis dóibhsean Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan aon uair déag idir 2000 agus 2015!