Tá áthas ar Tuairisc.ie a fhógairt go bhfuil tús curtha inniu le ‘Club Leabhar 1916 Tuairisc.ie’. Foilseofar anseo gach coicís, i gcomhar le foilsitheoirí éagsúla, sliocht as leabhar a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca. Beidh lascaine ar fáil ar na leabhair a bheidh faoi chaibidil ag Club Leabhar 1916 Tuairisc.ie ach Tuairisc.ie a lua agus an leabhar á cheannach ar shuíomh an fhoilsitheora nó ar an bhfón.
Beidh fáilte roimh phlé ar na leabhair sna tráchtanna faoin sliocht, faoin haischlib #Tuairisc1916 ar Twitter, agus ar leathanach Facebook Tuairisc.ie. D’fhéadfaí go bhfoilseofaí aon trácht a fhoilsítear ar na suíomhanna sin ar alt pléite ag deireadh na coicíse.
Foilseofar anailís agus tuairimíocht ar leabhar na coicíse ó shaineolaithe litríochta na Gaeilge agus beidh tuilleadh plé ar na leabhair ar an gclár Rónán Beo @ 3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is í an chéad leabhar a bheidh faoi chaibidil ag Club Leabhar 1916 Tuairisc.ie ná Seacht mBua an Éirí Amach le Pádraic Ó Conaire, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht. Is féidir an leabhar a cheannach anseo. Beidh Dé Luain le hEoghan Ó Tuairisc faoi chaibidil i gceann coicíse agus 2016 AD le Pádraic Standún faoi chaibidil i gceann míosa.
D’athraigh Éirí Amach na Cásca saol na hÉireann. Spreag sé na scríbhneoirí chomh maith le cách. Ba é ceiliúradh Shean-Phádraic ar bhliain na glóire Seacht mBua an Éirí Amach, seacht scéal faoi dhaoine ar thug an tÉirí Amach casadh buan ina saol. Tá cuid den scríbhneoireacht is fearr dá ndearna Sean-Phádraic sa leabhar seo, ochtú bua an Éirí Amach dar le Seosamh Mac Grianna.
Sliocht as an scéal ‘Beirt Bhan Misniúil’ le Pádraic Ó Conaire ón gcnuasach ‘Seacht mBua an Éirí Amach’, in eagar ag Tomás de Bhaldraithe. (Sáirséal agus Dill 1967, Cló Iar-Chonnacht 2010):
Tá aithne agam ar sheanbhean atá dall le blianta fada. Baintreach atá inti, agus ní heol dom go raibh aici ach an t-aon mhac amháin.
Baintreach agus í dall – shílfeá ón gcaint sin gur bean bhocht a bheadh inti; shíleas féin i dtosach é nuair a fuaireas a tuairisc. Ach bhí dul amú orm agus dul amú mór. Bean shaibhir í; dá mbeadh an céadú cuid dá maoin agamsa d’fhéadfainn gan faic a dhéanamh le mo bheo.
Chuireas aithne uirthi i dtosach na Bealtaine atá imithe thart. Cuireadh ann mé ar theachtaireacht; ach nuair a chonaiceas an t-áras maorga, agus an chosúlacht a bhí ar an uile rud thart ann, shíleas ar ndóigh nach raibh mé san áit ar cuireadh mé – searbhóntaí agus gach aon tsórt thart orm gach uile choiscéim a shiúlfainn! Agus dúradh liom cuairt a thabhairt ar sheanbhean dhall bhí ina cónaí sna sléibhte i gCill Mhantáin!
Seoladh isteach sa seomra mé.
Bhí sise ann romhan: bean chaol chaite, aghaidh bhán leicthe uirthi agus cosúlacht ar an uile bhall di go raibh sí mórchúiseach mórálach. Is maith is cuimhneach liom an chéad amharc sin: bhí gúna dubh síoda uirthi, cathaoir mhór shuaimhnis fúithi, a cosa in airde ar stól, a cuid cniotála ar bord beag lena taobh – bhí sí ar nós deilbhe duibhe sa seomra mór galánta sin, gan cor aisti go labhraínn féin i dtosach.
“Cuireadh anseo mé le teachtaireacht,” arsa mise.
“Sea?”
“Le teachtaireacht ó do mhac.”
Gheit sí.
“Dúirt sé liom a rá leat . . .”
Ní raibh sé de mhisneach agam an teachtaireacht a thabhairt di lom díreach nuair a thugas faoi deara cén imní a tháinig uirthi nuair a luadh a ainm.
Cén chaoi a bhféadfainn agus gan agam ach an drochscéal di? Cén chaoi a bhféadfainn inseacht don tseanbhean dhall sin go raibh sí gan mac anois; go raibh cnámha a haon mhic faoin bhfód le mí?
Cheapas bréag a inseacht di.
“Tá do mhac beo slán thall i Sasana,” arsa mise, “bhí sé san Éirí Amach; gabhadh é, cuireadh thar sáile é . . .”
“Ní raibh a ainm sna páipéir,” ar sise, “léadh ainmneacha na ndaoine a cuireadh thar sáile dom.”
“Ainm bréige a bhí air . . .”
Caitear bréaga a chothú le bréaga eile. Ach cén neart a bhí agam air? An bhféadfása an fhírinne a inseacht don tseanbhean dhall sin? Cárbh fhios duit nach marófaí í dá n-inseofá an fhírinne di mar seo: “A bhean uasal, is trua liom thú. Tá tú gan mac anois?”
Inseod duit cén chaoi ar chuireas aithne air i dtosach. Dream fear armtha a chuaigh isteach i bpáirc bheag i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath leis an áit a ghabháil le troid a dhéanamh lena sean-naimhde. Dhíbir siad an pobal uile as an bpáirc. Shíleadar go raibh sí fúthu féin ar fad, nach raibh aon duine ann ach a muintir féin. Ach bhí dul amú orthu. Ag cuartú na háite domsa tháinig mé ar fhear ina luí ar shuíochán ina thromchodladh meisce. Fear meánaosta bhí ann, fear saibhir de réir cosúlachta, ach ba léir ón bhfuil a bhí ar a bhaithis agus ón gclábar a bhí ar a chuid éadaigh, go raibh sé ar a shaoire ón tuath agus nach ar a leas a bhí sé á caitheamh.
Dhúisíos é.
“Amach leat as an bpáirc go beo,” arsa mise.
D’fhéach sé idir an dá shúil go míchéatach orm. Bhí fonn troda air.
“Amach leat thú féin . . .”
Rugas ar ghualainn air.
“Seo, corraigh,” arsa mise. Níor mhaith liom a bheith ró-bhorb leis go gcuirfeadh sé a chéad dúiseacht de.
Shíl sé mé a leagadh, truisleog a thabhairt dom. B’éigean dom barr na beaignite a thabhairt air.
“Marbhfháisc ort,” ar seisean, “tá gléas troda agus catha agam féin,” agus bhain sé piostal as a phóca sula raibh a fhios agam céard a bhí faoi a dhéanamh.
“Anois, más fear thú,” ar seisean; d’fhéach sé ar mo chulaith éadaigh, ar m’éide catha, ar mo chrios agus na piléir bhí ann, ar an ngunna agus ar an mbeaignit. Scríob sé a cheann. Chuimil sé na súile. Bhí a chéad dúiseacht agus a dheireadh meisce á gcur de aige.
“Agus cé thú féin le do thoil?” ar seisean agus ionadh mór air.
“Saighdiúir mé,” arsa mise á threorú go dtí an geata, “saighdiúir in arm Phoblacht na hÉireann . . .”
“An ag brionglóidí atá mé?” ar seisean. “Poblacht na hÉireann?”
Dúirt sé na focla sin trí nó ceathair d’uaire agus é ag iarraidh an scéal a thuiscint. Dá n-abróinn go raibh mé i mo shaighdiúir Rómhánach agus go raibh Iúil Caesar mar cheannaire orm, ní bheadh níos mó ionaidh ar an bhfear bocht.
Faoi dheireadh dúirt sé:
“Cogar mé leat, a fhir óg,” ar seisean, “cén dáta é?”
“Luan Cásca.”
“Sea, sea, ach an bhliain?”
“1916.”
Dá bhfeicféa ansin é ag iarraidh a dhéanamh amach céard a bhí cearr leis an saol! Chuirfeadh a fhéachaint gáire ar Naomh Pól.
Chuidíos leis.
“Tá éirí amach ann,” arsa mise.
“Éirí amach?”
“Sea, éirí amach in aghaidh na Sasanach.”
Dhírigh sé é féin. Chuir sé cosúlacht mhíleata air féin.
“An nglacfaidh sibh liomsa mar shaighdiúir?”
Bhí sé dáiríre píre. Ní raibh a fhios agam céard ab fhearr a dhéanamh. Fear fear – agus bhí fir ag teastáil uainn go géar. Thugas i láthair mo chaiptín é.
“Bhfuil urchar maith agat?” ar seisean le mo dhuine.
“Chomh maith le haon fhear eile in Éirinn,” ar mo dhuine.
“Agus tuigeann tú céard atá fúinn a dhéanamh?”
“Go sármhaith, ach níor shíleas go mbeadh an fhaill againn go deo.”
Agus glacadh leis. Rinne sé troid, troid chomh maith le haon fhear eile dá raibh ann. Chuireas aithne thar barr air i gcaitheamh na seachtaine. Bhí mé féin agus é féin le chéile ar bharr tí ag pléascadh ar feadh mórán achar. Ní raibh comrádaí ba chroíúla ag aon fhear riamh. Choinníodh sé ag gáire thú ó mhaidin go hoíche le scéalta agus le greann. Bhí scéal aige faoi bhean a raibh cos adhmaid aici . . . ní call dom é a inseacht anois, uair éigin eile b’fhéidir . . .
Ach ba mhór an fear ban é, ba mhór an fear óil é – ach ba mhó ná sin an fear troda é . . .
Níor labhair sé liom riamh faoina mháthair go raibh sé ag fáil bháis; sea, piléar, piléar seachráin . . .
D’inis sé dom ansin gur baintreach bhí inti, nach raibh aon chlann uirthi ach é féin, go raibh sí dall.
“Agus má éiríonn leat imeacht,” ar seisean, agus é ag séalú uainn, “má éiríonn leat imeacht tabharfaidh tú cuairt uirthi agus inseoidh tú di cén chaoi a bhfuair mé bás.”
Gheall mé sin dó.
Ach nuair a chonaic mé an tseanbhean aonraic dhall sin, ina suí ansin léi féin sa seomra mór galánta, nuair a thuigeas ón ngeit a baineadh aisti nuair a luas ainm a mic go raibh gean millteach aici air, ní raibh sé de mhisneach agam ansin mo gheall a chomhlíonadh agus an fhírinne a rá léi. Is mór an misneach a bheadh ag fear a bhrisfeadh croí máthar . . .
Fág freagra ar 'CLUB LEABHAR 1916: Seacht mBua an Éirí Amach'