CLG sásta Amhrán na bhFiann agus crochadh bhratach na hÉireann a phlé – Ó Fearghail

Agus é ag plé tionchar Brexit ar oileán na hÉireann agus ar CLG, deir Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail go mbeadh an cumann san áireamh in aon chomhaontuithe nua a tharlódh

CLG sásta Amhrán na bhFiann agus crochadh bhratach na hÉireann a phlé – Ó Fearghail

Tá sé ráite ag Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghail, go mbeadh sé sásta teora a chur le húsáid Amhrán na bhFiann agus bhratach na hÉireann ag cluichí CLG dá mbeadh Éire aontaithe ann.

Thall in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a bhí Ó Fearghail, áit a bhfuil sé ag freastal ar an turas do bhuaiteoirí ghradaim All-Stars, agus é ag labhairt faoi impleachtaí Brexit do CLG.

Deir sé go bhféadfadh athrú teacht ar chúrsaí polaitíochta ar “oileán na hÉireann” i ndiaidh Brexit agus, dá dtarlódh a leithéid, go gcuirfeadh CLG fáilte roimh aon socruithe nua. Thagair sé don obair a rinne Nicky Brennan agus Sean McCague le linn dóibhsean a bheith n-uachtaráin ar CLG chun fáilte a chur roimh an gComhaontú Angla-Éireannach.

Dúirt Ó Fearghail go raibh sé deacair na ceisteanna seo a phlé roimh ré ach, “má bhíonn socruithe agus comhaontuithe nua ann sa todhchaí, bheadh muid oscailte faoi rudaí cosúil le bratacha agus amhráin náisiúnta, ach ní roimh na socruithe sin.

“Is rudaí tábhachtacha iad an bhratach agus an t-amhrán náisiúnta do CLG agus ní thiocfaidh athrú air sin, ach ní bheadh a fhios agat faoin todhchaí. Amach anseo, má dhéantar comhaontuithe don oileáin uile, is cinnte go mbeidh CLG san áireamh ansin.”

Ní hé seo an chéad uair ar pléadh crochadh bratach na hÉireann ag cluichí CLG. Anuraidh, dúirt iar-imreoir Ard Mhacha Jarlath Burns nach gcuirfeadh sé isteach air dá mbainfí bratacha na hÉireann uile as páirceanna CLG mar chomhartha athmhuintearais d’aontachtóirí i dTuaisceart Éireann, cé gur chreid sé nach dtarlódh a leithéid.


DARA Ó CINNÉIDE: Is breá liom an t-amhrán náisiúnta agus is breá liom gur Gael mé…


Fág freagra ar 'CLG sásta Amhrán na bhFiann agus crochadh bhratach na hÉireann a phlé – Ó Fearghail'