Is breá liom an t-amhrán náisiúnta agus is breá liom gur Gael mé…

Tá saol an lae inniu breac le ceart, ceartaiseacht agus ceartchreidmhigh agus bhraithfeá gurb í an bhunaidhm leis an rud ar fad ná náire a chur orainn maidir le cé sinn féin…

All Ireland Senior Football Final 25/9/2005 Kerry The Kerry team stand for the National Anthem Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Foireann Chiarraí, lenár gcolúnaí ina measc, ag seasamh d’Amhrán na bhFiann i bPáirc an Chrócaigh i 2005 ©INPHO/Donall Farmer

Na blianta ó shoin, nuair a bhíodh cluichí móra á n-imirt le Ciarraí agam, agus mé ag breith chugham féin faoin gcluiche a bhí romham amach, thána ar shlí neafaiseach agus éifeachtach chun mé féin a chur ar mo shuaimhneas.

Faoi mar is eol do chách, seinntear nó deirtear an t-amhrán náisiúnta, Amhrán na bhFiann, roimh gach cluiche gur fiú trácht air i gCumann Lúthchleas Gael. Bhíodh sé de nós agamsa agus mé ag imirt díriú isteach ar na focail den amhrán céanna chun sánas a chur ar an nguairneán a bhíodh im bholg agus im cheann ins na nóimeataí deireanacha roimis an gcluiche.

Anois, ní mise an tírghráthóir is fearr amuigh agus is cuma liom an ann nó as don bpolaitíocht.

Ach is breá liom an t-amhrán náisiúnta agus is breá liom gur Gael mé.

Múineadh Amhrán na bhFiann dúinn sa bhunscoil agus múineadh dúinn chomh maith go raibh tábhacht ar leith leis an urraim a léireoimis don amhrán aon uair a bheadh sé le clos go poiblí. Muna mbeadh sé de chnámh droma ionat seasamh in ómós d’Amhrán an bhFiann, ní bheadh an cnámh droma ionat seasamh ar son nó i gcoinne aon ní.

Sin é an taobh gur bhreá lem’ chroí Amhrán na bhFiann a chlos ar laethanta móra i bPáirc a’ Chrócaigh. An seal beag sin nuair ná bíodh idir tú fhéinig, d’fhoireann agus an cluiche mór ach aistriúchán Liam Uí Rinn ar fhocail Pheadar Kearney.

Sinne Fianna Fáil atá faoi gheall ag Éirinn….

Nach uasal a déarfá bheith faoi gheall ag Éire mhaorga na maoileann mbán?

Buíon dár slua, thar toinn do ráinig chughainn…

Nach uatha a thána, glúin ar ghlúin?

Agus an ansan, an ceann ba mhó a chorródh an fhuil trím’ chuislí-

Fé mhóid bheith saor….

An tsaoirse sin go dtroideadh cathanna de dhroim na mílte fada bliain chun í a bhaint amach agus anois tusa ag baint leasa aisti chun an caitheamh aimsire is ansa leat mar Ghael a chleachtadh.

Faoin dtráth go mbítí dulta sa bhearna bhaoil agus ainneoin na liricí bheith dírithe ar ghunnaí agus ar phíléir, breis is cheithre fichid míle duine ag liúrthaigh is ag búirthigh agus scata fear óg ullamh chun catha – n’fheadar an raibh aon áit ar domhan ná aon uair sa tsaol go rabhas chomh mór istigh liom féin.

Dála mórán imreoirí eile, b’é Amhrán na bhFiann mo dhoras, mo bhealach chun teacht ar mo chló ceart.

Screen Shot 2015-10-05 at 01.14.54
Jarlath Burns ©INPHO/Tommy Grealy

Ní nach iontach, mar sin, gur chuir an méid a bhí le rá ag Jarlath Burns le déanaí faoi Amhrán na bhFiann agus faoi bhrat na hÉireann na cluasa ar bior orm.

Ar eagla ná fuil aon ní cloiste ná léite agat faoi thuairimí iarchaptaen Ard Mhacha agus duine des na hoifigigh is faide radharc i gCumann Lúithchleas Gael, ‘séard a bhí á rá go bunúsach aige nach gcuirfeadh sé isteach rómhór air féin dá bhfágfaí Amhrán na bhFiann agus brat na hÉireann ar leataobh dá gciallódh san go mbeadh breis teagmhála ag an bpobal Aontachtach ó thuaidh le cluichí CLG.

Dúirt Burns go gcothaíonn bratacha deighilt agus achrann agus dá mbeadh duine éigin ag moladh go bhfágfadh CLG ar leataobh iad, nach gcuirfeadh sé isteach beag ná mór air. Nílid, a dúirt sé, ar cheann des na croí-luacha atá aige féin chomh fada is a bhaineann le CLG.

“…dá gceapfainn ar feadh bomaite go spreagfadh sé Tom Elliot (iarcheannaire Aontachtaigh Uladh agus ball de Thionól Thuaisceart Éireann) chun bheith báiúil linn, thógfainn anuas na bratacha” a dúirt Burns.

Ní dóigh liom, chun a cheart a thabhairt do Burns, go raibh sé ag iarraidh teacht i dtír ar thuairimíocht na nAontachtach i leith Chumann Lúithchleas Gael – é ag rá go paiteanta gur dóichí nach n-athródh meon an phobail Aontachtaigh le díothú na mbrat agus an amhráin –  agus é ag glacadh leis gur beag an glacadh a bheadh ag pobal CLG féin leis.

Is é an tuiscint atá agam ar a chuid cainte ná gurb í a thuairim mheáite, nach n-athródh croí-aitheantas CLG dá gcuirfí deireadh le hAmhrán na bhFiann agus le brat na hÉireann bheith ar foluain le linn na gcluichí.

Is dócha gurb í an cheist a bhí á cur ag Burns ná an bhfuil gá ag cluichí CLG leis an aitheantas neamhbhalbh a thug rudaí ar nós bratacha agus Amhrán na bhFiann dóibh le beagnach céad bliain?

Déarfadh daoine leat go n-imrítear na cluichí toisc go mbaineann daoine taitneamh as bheith á n-imirt agus á bhfaire.

Go deimhin féin, is léir ó bheith ag féachaint ar chuid ana-shubstaintiúil des na himreoirí is fearr atá á n-imirt agus ar scata sa lucht féachana gur beag a mbeann ar bhrat ná ar amhrán náisiúnta leis an ngeáitsíocht agus an corrthónacht a bhíonn orthu le linn d’Amhrán na bhFiann bheith á chasadh.

Ach níl ansan ach scéal thairis.

Scéal fairis, b’fhéidir, an ceann a thug Kevin Myers dúinn i bpáipéar Domhnaigh inné, ‘sé sin go n-imir Edward Carson iománaíocht le Coláiste na Tríonóide babhta amháin agus gurb iad na Sasanaigh nó lucht labhartha an Bhéarla san Impireacht ar a laghad, a chur ord agus eagar ar an uile spórt seachas polo!

‘Sé an scéal is mó atá le hinsint, áfach, ná nach gcaithfidh Cumann Lúthchleas Gael leithscéal a ghabháil le haon dream daoine nach áil leo cluichí na nGael agus dream nach sásófar go deo ar aon chuma.

Má tá aon ní foghlamtha thuaidh agus theas againn, ‘sé sin gurb é an uair is mó a léiríonn pobail éagsúla shibhialta a ndaonnacht ná nuair a aithníonn siad na difríochtaí atá eatarthu agus nuair a bhíonn meas acu ar an éagsúlacht sin.

Ní gá traidisiúin fadbhunaithe a thréigint ná a chaitheamh i dtraipisí díreach chun teacht i dtír ar dhream daoine ceartchreideamhacha. Tá saol an lae inniu breac le ceart, ceartaiseacht agus ceartchreidmhigh agus bhraithfeá gurb í an bhunaidhm leis an rud ar fad ná náire a chur orainn maidir le cé sinn féin, maidir lenár n-oidhreacht agus maidir leis na luacha atá againn mar phobal.

Tá rudaí déanta againn i gCumann Lúthchleas Gael ná beifí mórálach astu – an ceann ba mheasa ar fad nuair a scoireadh Dubhghlás de hÍde mar Éarlamh CLG i 1938 toisc gur fhreastail sé ar chluiche sacair le linn don gcosc ar theagmháil le cluichí Gallda bheith i bhfeidhm ag CLG.

Tá sé feicthe againn le Riail 21, Riail 42 agus mórán eile nach iad, gur féidir le CLG a bport a athrú go stuama de réir tuiscintí agus deasghnátha an lae.

Tá cosmhuintir CLG ag athrú lá i ndiaidh lae agus bí siúráilte go mbeidh athruithe eile ag teastáil chun dul in oiriúint do mhian an phobail sin.

Ach go bhfága Dia (agus Jarlath) againn Amhrán na bhFiann agus ár mbrat.

Fág freagra ar 'Is breá liom an t-amhrán náisiúnta agus is breá liom gur Gael mé…'

  • seán

    An mbeadh an díospóireacht sin maidir leis an Amhrán Náisiúnta ag cine eile ar bith ar domhan? Féach na lircí atá sa Marseillaise in ainm Chroim? Bí ag caint ar bhualadh agus bascadh, lot agus léirscrios! An gcuimhneodh na Francaigh ar a leithéid a athrú nó a chaitheamh uathu? Cuirfidh muintir na Fraince a gcroí is a n-anam isteach ann an deireadh seachtaine seo chugainn faid is a bhíonn focail laga uiscealacha Ireland’s Call á gcangailt ag ‘Gaela’ na hÉireann! Agus ná tarraing chugam ‘God shave the Queen’!

  • Eoghan ONeill

    Is cuimhin liom an t-am, seal maith de bhlianta ó shin ( sílim 2004), an uair a bhain Ciarraí an Chraobh Náisiúnta agus thosaigh sé a óráid le cupla focal as Gaeilge ach ansin, in áit casadh ar an Uebersprache, lean sé ar aghaidh is ar aghaidh. Bhí muidne sa bhaile ag amharc ar an tele agus sheas muid uilig suas in ómós dó! “Fairfocs” mar a deirfeadh Ross ó’Carroll Kelly.

  • cormac@hotmail.com

    Féach an Marseillaise a dhuine! Fíoch agus fuil ó thús deireadh atá ann. Ní chuireann na Francaigh aon fhiacail ann ach oiread ach iad á chanadh ó chroí amach i gcónaí. Na créatúirí seo againne i gcleith le Ireland’s Call, mo léir.

  • seán

    Níorbh in í an chéad droch-íde a fuair Dubhghlás de hÍde ná an íde dheiridh ach chomh beag.

  • seán

    ‘Scéal fairis, b’fhéidir, an ceann a thug Kevin Myers dúinn i bpáipéar Domhnaigh inné, ‘sé sin go n-imir Edward Carson iománaíocht le Coláiste na Tríonóide babhta amháin agus gurb iad na Sasanaigh nó lucht labhartha an Bhéarla san Impireacht ar a laghad, a chur ord agus eagar ar an uile spórt seachas polo!’
    Féach an tionchar a bhí ag na tiarnaí talún ar an iománaíocht in Éirinn, mar shampla agus an cur síos atá in Scéal na hIomána le Liam Ó Caithnia air. Sár-leabhar is ea í sin agus ba cheart do gach tráchtaire beo in RTE/RnG a bhfuil meas ar bith aige/aici air/uirthi féin í a léamh faoi dhó, is cuma cé acu caid nó camáin is mó is spéis leo. Ní lú liom an sioc ná Kevin Spadhar(s) (is ait liom go léifeadh DÓC preampallán mar é, ach níl aon amhras ná gur homo ludens ab ea an Sasanach riamh anall, óir ní raibh dada eile le déanamh aige chun an aimsir a mheilt.

  • cormac@hotmail.com

    Bíodh sé seo thíos againn as seo amach agus ár mbos ar ár gcroí againn, in ainm …..na Banríona!

    God save our gracious Queen
    Long live our noble Queen
    God save the Queen
    Send her victorious
    Happy and glorious
    Long to reign over us
    God save the Queen

    O Lord our God arise
    Scatter her enemies
    And make them fall
    Confound their politics
    Frustrate their knavish tricks
    On Thee our hopes we fix
    God save us all

    Thy choicest gifts in store
    On her be pleased to pour
    Long may she reign
    May she defend our laws
    And ever give us cause
    To sing with heart and voice
    God save the Queen

    Not in this land alone
    But be God’s mercies known
    From shore to shore
    Lord make the nations see
    That men should brothers be
    And form one family
    The wide world over

    From every latent foe
    From the assassins blow
    God save the Queen
    O’er her thine arm extend
    For Britain’s sake defend
    Our mother, prince, and friend
    God save the Queen

  • Breandán de Leigh

    Aontaím go huile agus go hiomlán le Dara. Más mian le daoine páirt a ghlacadh sa CLG bá chóir dóibh stair agus nósanna na heagraíochta a ghlacadh mar níl rud ar bith bagrach no nimhiúil futhu. Na daoine,Thuaidh agus Theas, atá in éadan Amhrán na bhFiann agus Brat na hÉireann agus an Ghaeilge agus achan rud eile ‘Gaelach sa tír níl a sasamh ann go raibh Banríon na Breataine Móire agus a brat i gceannas ar an tír seo arís. Níl mé a rá gur mhaith le Jarlath seo ach é ag déanamh a seacht ndícheall a chur ina luí orainn a ‘liobralaí’ agus a ‘thuisceanaí’ agus atá sé ní thuigeann sé nach bhfuil seo ach an tús. Nuair a bheas an tAmhrán Naisúnta agus an Bhrat imithe beidh na daoine seo ag caoineadh faoin Ghaeilge agus ansin faoi ainmeacha na bhfoirne agus..agus….agus? Tá na daoine seo in éadan gach rud Gaelach agus ní bheidh siad sásta go dtí go mbeadh sé imithe as an tír go deo. Mo náire thú Jarlath Burns le bheith ag cuidiú leo, shílfeá go mbeadh níos mó céille agat. Tá a fhios agat go maith nach mbeadh seans dá laghad ag an Ghaeilge sa CLG má éiríonn leis an deacadh bréagach seo.

  • Kathryn

    I mo bharúil, mar gheall ar an rud gur spórt Éireannach é an CLG, tá sé galánta, níos mó ná rud ar bith eile, an t-amhrán náisiúnta a chloisteáil roimh chluiche.

  • Rebecca Ní Dhonnaile

    Ní féidir linn stair na tíre s’againne a shéanadh agus mar gheall air seo sílim go bhfuil tábhacht ollmhór bainte le hamhrán naisiúnta s’againne! Ag deireadh an lae, is rud Gaelach é an CLG agus ba chóir go mbeadh go deo na ndeor.

  • Gráinne

    Dar liomsa, is páirt dár n-oidhreacht agus dár gcultúr é an CLG agus baineann gach duine taitneamh as an t-amhrán náisiúnta a chanadh ag cluichí peile. Cuireann sé fearg orm freisin nuair nach bhfuil a fhios ag daoine ar fhocail Amhrán na bhFiann.

  • Molly

    Caithfidh me a rá gur rud fíor thábhachtach é aitheantas náisiúnta a bheith ag achán duine, agus is dóigh liom go gcuireann an t-amhrán náisiúnta leis sin. Tagann daoine ón tír céanna (is cuma cén tír a bhfuil mé ag caint fúithi) le chéile nuair atá siad ag ceol a n-amhrán náisiúnta, agus bíonn mothú bróid orthu uilig, dar liom. Maidir le húsáid an t-amhráin náisiúnta ag chluichí peile, is fíor é gur rud Gaelach é an Cumann Lúthchleas Gael, mar sin de sílim gur chóir dúinn meas a thaispeaint dó trí úsáid a bhaint as Amhrán na bhFiann!

  • Carolina

    Go pearsanta mothaím iontach bródúil agus mé ag ceol an t-amhrán náisiúnta ag cluichí CLG. Sílim gur rud riachtanach é go bhfuil feasacht chultúrtha ag achan daoine, go hairthe i measc an t-aos óg.
    Cé nar eagraíocht fiorfa í, caithfear cuimhneamh an fáth gur bunaíodh an CLG sa céad dul sios; mar cuid den athbheochan Cheilteach a bhí ag tarlú sna 19ú agus 20ú haois le dul i ngleic le droch-chaoi a bhí ag an Gaeilge agus an droch mheas a bhí ag Éireannaigh ar a gcultúr agus teanga fhéin agus dá bharr seo crothu Éire nua Ghalldaithe. Mar sin, sílim gur rud íorónta labhairt le bheith ag plé anois gné a chuireann beim fhéiniúlacht phobal na hÉireann a glacadh amach as an CLG.
    Tuigim an barúil gur feidir an t-Amhrán Naisuinta iomha pholaitiúil a chur ar an CLG agus is feidir seo cuir isteach ar dul chun cinn ach ní réiteach é ar féiniúlacht a thréigean. É sin ráite ionas go bhfuil cluichí Gaelacha á imirt agus Gaeilge á labhairt beidh féiniúlacht Gaelach ann cibé.

  • Aoife O'Hare

    Iontach suimiúil

  • Bronagh

    Is breá liom gur Gael mé ach i mo thuairimse, silim gur chóir an amhrán náisiúnta (Amhrán na bhFiann) a athrú. Ba corr amhrán níos neodrach a bheadh mar amhrán náisiúnta na hÉireann agus silim go bhfuil “Irelands call” níos fearr.

  • Riain

    Níl aon fhadhb agam an t-amhrán náisiúnta a sheinm nó an brat a chur in airde i rith cluichí CLG. Is cluichí na hÉireann ar dtús iad le stair an-ársa ar a gcúl. Is é meath an chultúir a fhaightear nuair a ligtear na hathrúcháin beaga seo a dhéanamh, píosa ar phíosa. Tá cultúr traidisiúnta na hÉireann imighthe orainn cheanna agus ní fágtar ina diaidh ach cultúr atá níos cóngaraí go cultúr na Stáit Aontaithe. Tá na cluichí CLG tarraingteach mar thairbhe ar cé chomh gaelach is atá siad, go bhfuil go fóill rud éigin againn ina bhfuil muid ábalta a bheith bródúil as.