Cleas nua ag teastáil ó fhir na Ríochta chun an Ráig faoin gCúig a stopadh

Pé toradh a bheidh air, cluiche stairiúil a bheidh againn i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Áth Cliath i gcluiche ceannais na hÉireann

Cleas nua ag teastáil ó fhir na Ríochta chun an Ráig faoin gCúig a stopadh

Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Ciarraí v Áth Cliath – Páirc an Chrócaigh, 3.30pm (Beo ar RTÉ & Sky Sports)

Dá mhéad cainte a rinneadh faoi chluiche ceannais peile na hÉireann le seachtain anuas is ea is mó a bhí daoine ag tabhairt seans do Chiarraí.

Nuair a thug Áth Cliath stánáil do Mhaigh Eo sa bhabhta leathcheannais trí seachtaine ó shin, ba é tuairim na coitiantachta ná go raibh an cúigiú craobh as a chéile sa mála ag Jim Gavin agus a fhoireann.

Chinn ar aon fhoireann go dtí sin leithéidí Con O’Callaghan, Paul Mannion agus Brian Fenton a cheansú agus an teip chéanna a bhí i ndán d’fhoireann óg na Ríochta sa chluiche ceannais.

Tá athrú poirt ag daoine let tamall, áfach.

Níl aon duine taobh amuigh de lucht tacaíochta Átha Cliath ag iarraidh cluiche aontaobhach a fheiceáil, agus le seachtain anuas táthar ag díriú ar a bhfuil le déanamh ag Ciarraí chun teacht aniar aduaidh ar Áth Cliath.

Níl sé ródheacair cás a dhéanamh d’fhoireann na Ríochta ach an oiread.

Tá David Clifford agus Paul Geaney sa líne lántosach chomh maith le haon bheirt eile sa tír agus níl Stephen O’Brien ná Seán O’Shea mórán taobh thiar dóibh.

I lár na páirce, tá David Moran ag imirt ar fheabhas agus d’éirigh go maith cheana le Jack Barry agus é ag marcáil fathach Átha Cliath Fenton.

Fiú i measc na gcosantóirí a bhfuil oiread caitheamh anuas déanta orthu, tá Tom O’Sullivan ar tí gradam All Star a bhuachan, tá Tadhg Morley imithe i bhfeabhas agus is cinnte go bhfuil mianach maith i leithéidí Paul Murphy agus Jason Foley.

Peter Keane agus imreoirí Chiarraí. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is í an fhadhb atá ag Ciarraí ná go gcaithfidh nach mór gach duine den chúigear déag a chuirfear chun páirce agus an seisear eile a thiocfaidh isteach mar ionadaithe an cluiche is fearr atá imeartha riamh acu a imirt chun Áth Cliath a chloí.

Beidh tús an chluiche thar a bheith tábhachtach Dé Domhnaigh. Údar misnigh do Chiarraí é nach bhfuil tús rómhaith curtha ag Áth Cliath le cluichí móra le cúpla bliain anuas. Níor scóráil siad ach sé phointe sa chéad leath i gcoinne Mhaigh Eo agus cúig cinn a fuair siad i gcoinne na Mí i gcluiche ceannais Laighean.

Fiú anuraidh, bhí siad 0-5 in aghaidh 0-1 chun deiridh sa chluiche ceannais i gcoinne Thír Eoghain tar éis 15 nóiméad agus thóg sé tamall orthu dul i ngleic le Gaillimh sa bhabhta leathcheannais.

An méid sin ráite, chuir Áth Cliath an freasúra de dhroim seoil go héasca i ngach ceann de na cluichí sin. Nuair a bhíonn an oiread sin imreoirí maithe ag foireann, ní thógann sé i bhfad orthu an taoide a chasadh.

Agus iad dhá phointe chun deiridh i gcoinne Mhaigh Eo an mhí seo caite, d’aimsigh Áth Cliath 2-6 sa chéad 12 nóiméad den dara leath agus a gcéilí comhraic in aimhréidh acu.

Rinne Brian Fenton scrios ar Mhaigh Eo sa tréimhse sin ina bhfuair sé greim arís agus arís eile ar an liathróid ó chiceanna amach Mhaigh Eo. Tá a fhios ag an saol mór go gcaithfidh Ciarraí a chinntiú nach mbeidh an tionchar céanna aige ar chluiche an lae inniu.

Ní bheidh siad ag iarraidh aon chic amach fada a chur ina threo ach is í an fhadhb atá ag acu ná gur chlis ar an gcic amach gearr acu le cúpla cluiche anuas. Chaill siad seacht gcinn de chiceanna amach gearra le linn na gcluichí i gcomórtas an tSárochtair, trí cinn i gcoinne Dhún na nGall ina measc, agus má tharlaíonn an rud céanna inniu, gearrfaidh Áth Cliath pionós trom orthu.

Ar an taobh eile den pháirc, beidh le feiceáil an mbainfidh Ciarraí úsáid as seift éigin chun cur as do Stephen Cluxton. I gcluiche leathcheannais 2016, chuir Ciarraí Cluxton go mór faoi bhrú díreach roimh leath ama agus d’éirigh leo dhá chúl a aimsiú. B’fhéidir go mbeadh cleas nua acu tráthnóna.

Is cinnte go dteastóidh a leithéid más leo Áth Cliath a bhualadh tráthnóna. Caithfidh siad rud éigin as an nua a dhéanamh, ach is í an dúshlán atá rompu ná go mbíonn na freagraí i gcónaí ag Áth Cliath ar gach iarracht a dhéantar tuisle a bhaint astu.

Chomh maith leis sin, is ag foireann na hardchathrach atá na himreoirí is fearr agus is acu is mó atá taithí.

Is leo a bheidh an lá arís inniu agus is acu a bheidh craobh na hÉireann den chúigiú bliain as a chéile.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Cleas nua ag teastáil ó fhir na Ríochta chun an Ráig faoin gCúig a stopadh'