Tom O’Sullivan an Daingin ag dul ó neart go neart

Ní haon píobaire an aon phoirt é laoch óg Chiarraí agus an Daingin, mar is eol go maith d’iarbháideoir na Ríochta, Diarmuid Murphy

Tom O’Sullivan an Daingin ag dul ó neart go neart

Tús mhí Dheireadh Fómhair seo caite, bhí Daingean-Uí Chúis ar tí a ndíbeartha as craobh shinsir peile Chiarraí. Agus cúig nóiméad d’am cúitimh imeartha sa chluiche leathcheannais, bhí siad pointe chun deiridh i gcoinne Chiarraí Thoir.

Ba é Tom O’Sullivan slánaitheoir an Daingin an lá sin. Suas an pháirc leis chun cúilín an chomhscóir a fháil lena chiotóg, scór a d’fhág go mbeadh lá eile ag an bPaorach. Nuair a chas na foirne ar a chéile an tseachtain dár gcionn, d’aimsigh O’Sullivan cúig phointe ón imirt agus bhí bua maith ag an Daingean.

Cé gur mar leathchúlaí láir a bhí sé ag imirt rinne O’Sullivan gaisce scórála sa chraobh sin. Ag deireadh an tséasúir, ba é Paul Geaney an t-aon imreoir ar an bhfoireann a scóráil níos mó ná é.

Choinnigh O’Sullivan leis an gcleas céanna do Chiarraí i mbliana. Sa tsraith, scóráil sé i gcúig cinn de chluichí na Ríochta agus é ag imirt mar leathchúlaí ar chlé.

Ach ní haon píobaire an aon phoirt é. De réir mar a bhí an samhradh á chaitheamh tháinig athrú ar ról Uí Shúilleabháin. D’aimsigh sé cúl eile i gcoinne Chorcaí i gcluiche ceannais na Mumhan agus fuair sé cúilín i gcoinne na Mí agus Dhún na nGall ach tá ardmholadh á thuilleadh anois aige chomh maith as an tsárchosaint.

Le cúig chluiche anuas bhí O’Sullivan ag marcáil Peter Harte (Tír Eoghain), Cillian O’Sullivan (An Mhí), Jamie Brennan (Dún na nGall), James Carr (Maigh Eo) agus Paul Kerrigan (Corcaigh) agus níor éirigh le duine ar bith acu oiread agus cúilín amháin a scóráil.

Ba é O’Sullivan an chéad duine a choinnigh Brennan faoi chois i mbliana agus ní bhuair Peter Harte seilbh na liathróide ach ceithre huaire san iomlán i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Is nuair a bhí Ó Súilleabháin ag imirt le foireann faoi-16 an Daingin a chuir Diarmuid Murphy suntas ann den chéad uair. Cé gur maith a thuigeann iarchúl báire Chiarraí, atá anois ina roghnóir le Daingean-Uí Chúis, an cumas atá sa chosantóir óg tá an t-athrú atá tagtha ar an bhfear óg i mbliana imithe i bhfeidhm ar go mór ar Murphy.

“Is cinnte gur gné dá chuid imeartha í an dianchosaint a bhfuil an-fheabhas tagtha uirthi i mbliana. Roimhe seo bhí cáil air mar leathchúlaí arbh é dul ar an ionsaí an rud ab ansa leis,” arsa Murphy le Tuairisc.ie.

“Bhí sé i gcónaí dian i mbun marcála ach an rud is mó atá imithe i bhfeidhm orm i mbliana ná an obair atá déanta aige ar an gcuid sin dá chuid imeartha. Tá an obair sin soiléir. Tá an-stuaim léirithe aige le cúpla cluiche anuas sa tslí a dhíríonn sé ar a fhear a mharcáil agus sa tslí nach ngéilleann sé don chathú nádúrtha ann dul ar an ionsaí..”

Diarmuid Murphy. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Deir Murphy go ndeachaigh na blianta a chaith O’Sullivan i bPobalscoil Chorca Dhuibhne chun tairbhe dó. Bhí sé ar dhuine den tsárbhuíon  imreoirí a bhuaigh Corn Uí Ógáin in 2014 agus 2015, buíon a raibh an-tionchar ag iarbhainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmaurice orthu.

“Bhí an t-ádh dearg orthu go raibh Éamonn ina gceann ó bhíodar sa chéad bhliain.  D’fhan sé leo an t-am ar fad sa scoil sin agus is féidir lorg a chuid cóitseála a fheiceáil orthu ar fad, go háirithe ar Tom O’Sullivan agus ar a chumas i mbun cosanta. Bhí lámh ag Tommy Griffin ann chomh maith, idir an bheirt acu dheineadar sárjab leis an mbuíon sin.”

Beidh ar O’Sullivan an taispeántas is fearr fós a thabhairt uaidh Dé Domhnaigh más le Ciarraí Áth Cliath a chloí i gcluiche ceannais na hÉireann. Measann cuid mhaith tráchtairí go mbeidh O’Sullivan ag marcáil sárthosach na hardchathrach, Paul Mannion.

“B’iontach an cleite ina chaipín ag Ó Súilleabháin é dá n-éireodh leis gan aon scór a ligean le Mannion, déarfaidh mé an méid sin leat. Ní ag caint ar All-Star a bheifeá ansin ach ar Pheileadóir na Bliana! Tá an-dúshlán roimhe is cuma cé a bheidh á mharcáil aige mar tá imreoirí den scoth acu ar fud na páirce.”

Tom O’Sullivan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Deir Murphy go mbeidh cúnamh ag teastáil ó O’Sullivan agus a chomhghleacaithe i gcosaint na Ríochta más leo an cluiche a bhaint.

“Beidh a leordhóthain le déanamh ag Tom ach caithfidh sé cabhair a fháil ón gcuid eile, agus is ionann an scéal ag an líne lánchúil go léir. Teastóidh cabhair uathu. Caithfidh na himreoirí eile brú a chur ar an té a bhfuil seilbh na caide aige amach faoin ngort le seans a thabhairt do na lánchúil.”

Lá mór a bheidh ann do chumann Dhaingean-Uí Chúis. Chomh maith le O’Sullivan agus Paul Geaney a bheidh ag imirt Dé Domhnaigh, bhí Mickey Geaney agus Conor Geaney ag traenáil leis an bhfoireann i gcaitheamh na bliana. Tá Tommy Griffin ina roghnóir agus tá Christy Flannery ag cuidiú leis an traenáil nirt agus aclaithe.

Ar an drochuair do Chiarraí, tá imreoir óg cumasach eile as an Daingean Mark O’Connor ag tuilleamh a chrústa san AFL agus cé gur cinnte gur mhaith le mórán go mbeadh fáil air siúd chun smacht a chur ar Brian Fenton, is cinnte go mbeidh imreoirí an bhaile i lár an aonaigh Dé Domhnaigh.

“Tá an-bhús i mbaile an Daingin. Tá ualach bratacha agus ribíní ar fud na háite,” arsa Murphy. 

“Tá súil agam go n-éireoidh go seoigh leo.”

Fág freagra ar 'Tom O’Sullivan an Daingin ag dul ó neart go neart'

  • Seàn Ò Cathasaigh

    Nìl amhras ar bith ach is sàr- imreoir è tom o sullivan. Is imreoir èirimiùil è agus tà fios a ghnòtha aige. Tàimse dòchasach go mbeidh an làmh in uachtar aige ar Paul Mannion nò Con o Callaghan. Agus go mbuafaidh sè an gradam imreoir na bliana. Tà sè tuillte aige. Nì bhìonn bua gan dua a deirtear agus ba dhòigh leat gur cumadh an seanfhocal seo do Tom O Sullivan.
    Seàn Ò Cathasaigh