Thosaigh an seó bóthair i rith an lae. I bhfíseán beag gairid a crochadh ar shuíomh RTÉ tharraing Katie Hannon ainmneacha as babhla leis na háiteanna ag an bpóidiam a roghnú do dhíospóireacht na gceannairí an oíche sin ar Upfront (RTÉ1, Dé Luain).
Deichniúr a bhí sa roinnt; cé a chreidfeadh, nó a thuig, go bhfuil deichniúr ceannairí againn? Bíodh sin mar atá bhí an dísle caite do chlibirt an Luain.
Chinn RTÉ go dtabharfaí cead aighnis d’aon pháirtí a fuair ar a laghad 2% den vóta san olltoghchán deiridh nó go bhfuil ar a laghad Teachta Dála amháin acu. Ba neafaiseach an tslat tomhais í óir go raibh an saol agus a mháthair ann. Le cois an triúir mhóir bhí Ivana Bacik (LO), Richard Boyd Barrett (PRB), Joan Collins ó Right to Change, Michael Collins ó pháirtí na neamhspleách, Peadar Tóibín (Aontú), Roderic O’Gorman (Comhaontas Glas) agus Cian O’Callaghan (Daonlathaithe Sóisialta) ag seasamh isteach do Holly Cairns, bailithe isteach sa stiúideo.
B’ait an feic é an deichniúr bailithe timpeall i leathchiorcal; bhí an lionsa leathanuilleach ag teastáil ó cheamaraí RTÉ gan aon agó. Bhí an rud ar fad ana-ait óir go raibh an iomarca daoine ar fad ar stáitse. Dá mba mhian le Katie an cheist chéanna a chur ar chách gach uair thógfadh sé deich nóimint an duine. Cinneadh stuama a bhí ann gan sin a dhéanamh mar nuair a tharla sé, faoin tráth go raibh deireadh ráite ag an duine deireanach bhí dearmad déanta againn ar an gceist.
Ceann de na rudaí is suntasaí ná go raibh Micheál Martin agus Simon Harris ina seasamh díreach in aice lena chéile agus bhí Mary Lou McDonald ar an gclé ar fad (in aice le Richard Boyd Barrett faoi mar a tharlaíonn sé). Dar liom gur imir sin tionchar ar allagar na hoíche; ba mhinic go raibh an bheirt le feiscint in aon seat amháin agus a gcuid cainte is cáinte dírithe an tslí chéanna – i dtreo McDonald. Go deimhin bhíothas in ann iad a chloisint ag monabhar lena chéile ar uairibh. Ba léir go rabhadar seasta gualainn ar ghualainn i mórán slite mar níor chaitheadar aon slais lena chéile. Cogadh na mba maol.
Bhí cúpla buille ord ar inneoin cinnte: Peadar Tóibín ag tabhairt “empty hollow husk” ar Fhianna Fáil agus ag rá go mbeadh bata agus bóthar faighte ag Harris dá mbeadh sé san earnáil phríobháideach. Harris ag maíomh nach bhfuil “monopoly on compassion” ag Sinn Féin i ndiaidh do Mary Lou slais a chaitheamh faoi “faux compassion” faoi leanaí. “How dare you?” arsa Harris agus iarracht, b’fhéidir den ‘faux fearg’ ina ghlór. Bhaist Martin “cleas trí chárta” ar chinneadh Shinn Féin gan a bhforógra a fhoilsiú roimh an díospóireacht.
Bhí Boyd Barrett paiseanta agus deisbhéalach mar is gnách leis. Ar an dtaobh eile den scéal bhí an chuma ar O’Callaghan go raibh sé thar a bhaint. Tuairim is leathuair an chloig nó mar sin isteach sa dá uair an chloig seo bhíos ag rá liom féin gur chuma ann nó as iad na páirtithe beaga mar gur comhrac triúir a bhí anseo.
Cleachtadh feistis don díospóireacht idir Harris, Martin agus McDonald an Mháirt seo chugainn.
Fág freagra ar 'Cleachtadh feistis do dhíospóireacht an triúr ceannairí'