Clár slachtmhar taitneamhach faoi thraidisiún na mara i gCorca Dhuibhne

Tugann an saothar taitneamhach Meitheal Mara Chorca Dhuibhne éachtaint dúinn ar cé chomh fite fuaite is atá an leithinis leis an bhfarraige mórthimpeall uirthi

Clár slachtmhar taitneamhach faoi thraidisiún na mara i gCorca Dhuibhne

Criú Kate Marie. Pic: TG4

Tá an fharraige de dhlúth agus d’inneach mhuintir Chorca Dhuibhne agus cuireann an tsraith ceithre chlár Meitheal Mara Chorca Dhuibhne (TG4, Dé Máirt) roimpi éachtaint a thabhairt ar cé chomh fite fuaite is atá an leithinis leis an bhfarraige mórthimpeall uirthi. Déanann sé an cúram sin go slachtmhar. Le Helen Ní Shé na deisbhéalaí ár dtionlacan mar thráchtaire buailimid le meascán mearaí de dhaoine éagsúla (a bhformhór mór ag labhairt as Gaeilge) atá ag brath ar an bhfarraige ar shlí amháin nó ar shlí eile.

I dtosach an chéad ghála dar teideal ‘Lag Trá’ cuirtear abhaile orainn arís is arís eile go bhfuil an tionscal i lag trá. Drogall ar an gcéad ghlúin eile tabhairt faoi ngairm mar gheall ar chuótaí, biaistí teoranta, costas an bhreosla, an t-athrú aeráide agus déine na hoibre. Meabhraíodh dúinn gur síneadh an ghairm mar aon le tuiscintí is miotaseolaíocht na farraige síos chugainn ó ghlúin go glúin. Má bhíonn aon lúb ar lár sa slabhra sin is deacair filleadh. Fágann sin go bhfuil cantam den aiféala agus den bhrón ag rith tríd an gclár; an tuiscint go bhfuil deireadh ré, deireadh traidisiúin ag teannadh linn.

Tá dúil sa bhfarraige ag daoine i gcónaí, áfach, idir óg agus aosta. Buailimid le hÉamonn Ó Corcora atá ag iascaireacht oisrí amach ó Ché na Fianaite. É sona sásta in ainneoin go dtuigeann sé na dúshláin atá ann don tionscal.

Ina dhiaidh sin, déanaimid dreas cainte le hEddie Moore ós na Gorta Dubha, é féin agus a mhac ag cóiriú a bháid i Luimneach. Eddie ag rá linn go mbíodh ceathrar ar an mbád tamall ach nach bhfuil ann anois, de bharr na gcostas, ach beirt, é féin agus a mhac Cathal. Insítear dúinn nach bhfuil ach ceithre cinn de bháid mhóra fágtha sa Daingean. Ní mórathruithe go dtí é. Sé scéal mhuintir Uí Chatháin is mó a léiríonn na hathruithe sa tionscal traidisiúnta. Tráth dá raibh bhí comhlacht próiseála éisc na gCathánach ag seoladh tuairim is 100 tonna scadán Bóthar an Phoist amach; cuid de ag imeacht thar sáile. Deir Michael linn gur thug sé faoi deara in 2014 go raibh rudaí ag athrú, go raibh nósanna an éisc ag athrú agus nach raibh an scadán chomh flúirseach is a bhí. In 2016 tháinig cosc i bhfeidhm. D’aithin sé treo na gaoithe agus múineann gá seift.

Tosaíodh ar an monarcha a athchóiriú mar mhúsaem a thabharfadh léargas ar thraidisiún iascaireachta na leithinse do thurasóirí agus muintir na háite araon. Faoi mar a deir sé linn bhíodh baile an Daingin ina bhaile iascaireachta tamall agus anois is baile turasóireachta ˙é. Níos fusa, b’fhéidir do chrústa a thuilleamh ón bPoncánach a thagann aniar os cionn an Atlantaigh seachas a bheith ar an bhfarraige féin. Tá nasc idir an dá cheann, áfach agus címid Aoife Ní Chiobháin ón mbialann Solas ag cur ana-bhéim ar an mbia mara áitiúil ina biachlár. An é sin an todhchaí? Pé acu scéal eile b’fhéidir go mbeidh ana-ghá le músaem an gCathánach má bhíonn lúb ar lár sa traidisiún iascaireachta. . Clár pointeáilte, léargasach a thugann éachtaint ar thraidisiún atá i reachtaibh mórathruithe.

Fág freagra ar 'Clár slachtmhar taitneamhach faoi thraidisiún na mara i gCorca Dhuibhne'