Mórchnuasach máistriúil dátheangach
LEABHAIR
An leabhar atá á léamh faoi láthair agam, choinneodh sé an doras is troime sa teach ó bheith ag oscailt ar a chonlán féin – sin é Cnámh agus Smior nó Bone and Marrow atá curtha in eagar ag Samuel K. Fisher agus Brian Ó Conchubhair agus foilsithe ag Wake Forest University Press. Mórchnuasach máistriúil dátheangach d’fhilíocht na Gaeilge atá sa leabhar seo a shíneann siar chomh fada leis an 7ú hAois CR agus aniar chomh fada lenár linn féin. An chéad stop ar aistear seo na héigse ná ‘Messe agus Pangur Bán’, an dáinín álainn sin a léiríonn gur dream fadbhunaithe inár measc iad an dream a thugann grá do na cait.
An ceann deiridh, a chastar orainn ar leathanach 942, ná ‘Manach Eile agus a Chat’, píosa deisbhéalach ó pheann Ailbhe Uí Ghearbhaigh. Idir an dá dhán sin, is fairsing an t-ábhar atá le fáil. Tá réamhnóta ag dul le gach dán ar leith, a thugann comhthéacs don phíosa. Tá an traidisiún roinnte ina thréimhsí éagsúla, agus aiste ghairid scríofa ag an mbeirt eagarthóirí a d’oibrigh ar na dánta a bhaineann le gach tréimhse ar leith. Is rímhór an pléisiúr bheith ag póirseáil tríd.
Tadhg Mac Dhonnagáin
Tógáil croí sa taighde
Mol an óige agus tiocfaidh …. an taighde. Seolfaidh Ollscoil Mhá Nuad tionscnamh nua ar líne, ‘Scríobhaithe an Tuaiscirt 1650-1900’ le Fintan Keegan, Dé Céadaoin seo chugainn ag 1 p.m. Is bunachar inchuardaithe é seo ina bhfuil breis agus 220 tagairt beathaisnéise, liostaí saothar, crostagairtí, srl, do scríobhaithe an Tuaiscirt thar dhá chéad go leith bliain. Bunaithe ar thráchtas PhD Keegan atá an t-ábhar seo.
Mór an tógáil croí a leithéid seo a fheiceáil, áis a ligeann “d’úsáideoirí sonraí fairsinge beathaisnéise a chuardach a nascann scríobhaithe le lámhscríbhinní a grafadh sa leath thuaidh d’Éirinn idir 1650 agus 1900. Is féidir teacht ar lámhscríbhinní, seoltaí, chomh maith le sonraí pearsanta eile ar an suíomh seo”.
Tuilleadh dea-scéala – níl fiacha ort fanacht go dtí an 15ú leis an ábhar a bhreathnú. Tá sé ar líne cheana féin agus tú in ann do thaighde féin a dhéanamh. Mar sin féin, má tá fonn ort páirt a ghlacadh sa seoladh oifigiúil ar líne, cuireadh tú nóta go nua-ghaeilge.mu.ie agus cuirfidh siad nasc ar fáil duit.
Ní gan iomrá atá na scríobhaithe anois. Moltar an obair.
Is fada Diarmaid Ferriter i mbéal an phobail mar staraí. Tá a leabhar nua, Between Two Hells: the Irish Civil War (Profile Books) anois ar fáil faoi chlúdach bog. Scéal na tragóide agus scéal na ndaoine a ghlac páirt inti atá ann; riachtanas léitheoireachta, bíodh is gur cinnte nach mbeidh gach aon duine ag teacht le gach aon tuairim atá ag Ferriter ar an ábhar goilliúnach seo.
Pól Ó Muirí
CEOL
Féile bheag atá feilíunach don Ghael
Tá borradh i mbliana faoi fhéilte beaga nua, agus béim ar an leith ar an gceol Éireannach. Ceann ar leith a sheasann amach ná Otherside Festival, a bheidh á reáchtáil ag Caisleán Bhaile Shláine. Féile do dhaoine fásta os cionn 21 bliain atá inti, mar fhreagra is dócha ar an gcaoi go bhfuil aoisghrúpa níos óige á mhealladh an bPicnic Leictreach le blianta beaga anuas. Tá roghanna glampála agus eiceachampála ar fáil don té nár mhaith leo a bheith ag streachailt le pubaill sa mbáisteach (ná sa teas!), agus ar ndóigh tá scoth na gceoltóirí Éireannacha le bheith i láthair: Saint Sister, Ye Vagabonds, The Scratch agus Le Boom ina measc. D’fhéadfá a rá gurb í seo an fhéile is feiliúnaí (seachas Féile na Gealaí ar ndóigh!) do phearsantacht dhéthaobhach na nGael – ceol traidisiúnta ar ardán An Cobblestone faoi sholas na gréine… agus fiántas i gcoim na hoíche le Kneecap!
Emma Ní Chearúil
PODCHRAOLADH
Macarthur tugtha chun cuimhne
Dhá scór bliain ar aghaidh, maireann dúnmharuithe Malcolm Macarthur agus gach rud a thit amach ina ndiaidh i gcuimhne daoine mar cheann de na heachtraí is uafásaí agus is conspóidí i stair an stáit.
Tar éis dó oidhreacht mhór a chur amú, i mí an Mheithimh 1982 thug Macarthur faoi phlean tabhairt faoin ngadaíocht. Faoin am go raibh an scéal tagtha chun críche, bhí beirt maraithe agus rialtas Charles Haughey ar tí titim.
Curtha le chéile ag an iriseoir de chuid an Irish Times Harry McGee, déanann GUBU cur síos ar an scéal uile, ó chúlra Macarthur, na coireanna a rinne sé agus an ceangal a bhí aige leo siúd a bhí i gcumhacht in Éirinn ag an am.
Sa chéad cheann de na seacht n-eagrán, déantar cur síos ar mharú Bridie Gargan, banaltra óg a d’ionsaigh Macarthur agus í ag déanamh bolg le gréin i lár Pháirc an Fhionnuisce. Éiríonn an scéal níos casta agus níos conspóidí as sin amach.
Pádraic Ó Ciardha
TEILIFÍS
Saothar polaitiúil cliste
Tarrac ar dheich mbliana ó shin is ea tháinig an tríú séasúr de Borgen, leagan na Danmhairge den West Wing chun críche. Ar feadh tríocha clár do leanamar gaiscí agus barrthuislí an pholaiteora chumasaigh, idéalaigh Birgitte Nyborg. Tugadh éachtaint ar a saol baile mar aon le geábhanna a thabhairt fé thionscal na meán. Mhaífeadh daoine áirithe go raibh an saothar níos meáite, níos meabhraí ná a chomhghleacaí Meiriceánach cáiliúil. B’ait an cinneadh é deireadh a chur leis an tsraith chomh luath sin ina shaolré. Tá sé nach mór chomh hait céanna gur deineadh cinneadh é a thabhairt ar ais. Tánn tú ag siúl ar an tanaí i gcónaí nuair a dhéanann tú iarracht seansaothar/seancharachtar a raibh rath air a athbheochan.
Tá an saol athraithe go mór ó shin; go deimhin ní raibh aon phríomh-aire baineann riamh ag an Danmhairg nuair a thosaigh an tsraith ag craoladh ar dtús, tá beirt ó shin ann. Ina dhiaidh sin féin is dóigh liom go mbíonn goile i gcónaí ag an lucht féachana don saothar polaitiúil cliste. Príomhthéama na sraithe ocht gclár seo ná go bhfaightear ola sa Ghraonlainn, dúthaigh de chuid na Danmhairge. Táthar in amhras go gcuirfidh seo dlús faoin ngluaiseacht neamhspleáchais.
Sí ár laoch atá i lár an aonaigh agus na conspóide mar Aire Gnóthaí Eachtracha i gcomhrialtas. Tarraingítear cúrsaí timpeallachta isteach agus cá mbeimis gan tagairt do na Rúisigh. Tá Sidse Babett Knudsen/Birgitte chomh mealltach, cumasach is a bhí sí riamh agus éireoidh léi an saothar seo a thabhairt ar an bport.
Breandán M Mac Gearailt
Radharc cailéideascópach ar an saol
Chríochnaigh mé an dara séasúr de Russian Doll is tá mé fós ag iarraidh ciall a bhaint as. Ní aon locht é sin air. Is iad Amy Poehler, Leslye Headland agus Natasha Lyonne a chruthaigh an clár, a stiúraigh roinnt de na heagráin agus a scríobh.
Is í Natasha Lyonne atá sa bpríomhpháirt, Nadia Vulvokov agus tá carachtar cruthaithe aici a sheasann go hiomlán amach aisti féin. Chuir sí an carachtar Columbo ón tsraith bleachtaireachta a bhíodh ar an teilifís seasta i gcuimhne dom ar dtús ina cuid geáitsíochta agus a glór scornúil.
Tá mullach rua uirthi, cóta mór dubh sa stíl mhíleata, toitín ina béal go síoraí aici agus caint uaithi atá sách garbh in amanna ach cliste is tráthúil chomh maith. D’éirigh go maith leis an gcéad séasúr ar Netflix in 2019. Chuirfeá ceist an raibh gá leis an dara séasúr, ach d’éirigh leo cíoradh níos doimhne a dhéanamh ar oidhreachtaí teaghlaigh agus cultúrtha a imríonn tionchar ar an duine aonarach.
Is í Nadia an laoch agus an t-amadán ag an am céanna agus í ar thuras an scéil. Ag iarraidh éalú ón mbás a bhí sí sa gcéad séasúr is ag iarraidh foghlaim cén chaoi lena saol a chaitheamh atá sí sa dara séasúr.
Ag ceistiú cén chaoi gur féidir léi saol maith a chaitheamh ainneoin na lochtanna ar fad atá ar a stair phearsanta agus ar an domhan fré chéile atá an dara séasúr.
Is deacair achoimre a thabhairt ar an gclár nó rangú a dhéanamh air. Meascán seánraí idir dubhghreann, ficsean eolaíochta agus scéal béaloidis atá ann a bhaineann an bonn ó ghnáthstruchtúr scéalaíochta an scáileáin bhig.
Tugann an dara séasúr ‘radharc cailéideascópach ar an saol a deir Lyonne agus tá sé ráite aici ansin. Ní cheapaim gur oibrigh gach rud ar bhain siad triail as sa séasúr seo, ach mhaithfeá dóibh é mar go dtagann sé ar fad le chéile is go gcaitheann sé solas lonrach ar ghréasán casta an tsaoil.
Bridget Bhreathnach
Curtha in eagar ag Meadhbh Ní Eadhra
Fág freagra ar 'Clár, podchraoladh nó leabhar nua uait? Tá roinnt moltaí againn'