Clár faoin bhféinmharú ar TG4 nárbh fhurasta féachaint air ach clár an-thábhachtach mar sin féin

Bhí ár léirmheastóir an-thógtha le ‘Taobh Thiar den Gheansaí’ ar TG4 agus bhí léargas ar fhadhb eile le fáil in ‘Ireland’s Great Wealth Divide’

21234966932_ec209c7c9e

Clár sollúnta é  (TG4, Dé Domhnaigh) a thugann faoi ábhar íogair, goilliúnach an fhéinmharaithe.

Is trí shúile CLG a dhéantar an féinmharú agus a thionchar truamhéalach a chíoradh anseo. Cóitseálaí proifisiúnta é Ainle Ó Cairealláin, gur ó Bhéal Feirste ó dhúchas dó agus a bhí ag plé le foireann peile Chorcaí tráth déanta an chláir, atá mar láithreoir againn. Is cuí sin mar tuigeann sé meon CLG agus tá sé in an chos isteach a thabhairt dúinn.

Ag tosach an chláir, déantar tagairt d’fhéinmharú an iománaí óg ón nGaillimh, Niall O’Donohue, dhá bhliain ó shin agus Ainle á rá gur spreag sin é le hiniúchadh a dhéanamh ar an bhfadhb. Aithnítear gur fadhb í seo a bhaineann leis an tsochaí ina hiomláine ach mar gheall ar fhréamhacha CLG ar fud na tíre agus ról lárnach atá aige i saol na ndaoine, d’fhéadfadh an eagraíocht a bheith ina huirlis chumhachtach sa bhfeachtas feasachta maidir leis an tsláinte intinne.

I rith an chláir, tugann Áinle turas ar a chlub féin i mBéal Feirste mar a bhfuil cúigear tar éis lámh a chur ina mbás féin le deich mbliana anuas, triúr a bhí ar na foirne céanna faoi aois ina measc.

Láitheoir ionraic agus deisbhéalch é Ainle a thugann faoina chúram cigilteach go tuisceanch. Bhí an t-ábhar chomh goilliúnach sin dó go raibh deora i gceann a chuid súl cúpla babhta. Bhíos ana-thógtha le paiste cainte Conor Cusack, fear a bhfuil cion fir agus obair chapaill déanta aige sa réimse seo.

B’oiriúnach an mhaise gur deineadh an clár seo a chraoladh ar oíche cluiche ceannais na hÉireann, an tsuáilce agus an duáilce i ndiaidh a chéile. Clár é seo nach bhfuil fuirist féachaint air ach clár an-thábhachtach mar sin féin.

Pé acu gur áin leat David McWilliams nó nach áin, chaithfeá creidiúint a thabhairt dó as a bheith ar an tráchtaire eacnamaíoch is deisbhéalaí agus is taitneamhaí atá ann (níl an oiread sin comórtas aige, a deir lucht an tsearbhais, agus smut den gceart acu).

Bíodh sin mar atá, tá slí faoi leith aige le castaíocha na heacnamaíocha a chur abhaile ar an ngnáthphobal ar shlí intuigthe, phlésiúrtha, agus ghreannmhar ar uairibh. An t-aon duine a d’fhéadfadh é a fhéachaint leis, b’fhéidir, ná George Lee nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa, ach tá siúd anois i ngéibheann iarpholaitíochta mar chomhfhreagraí talmhaíochta RTÉ agus é ag trácht ar an gComórtas Treabhdóireachta an tseachtain seo.

Bhí a fhios ag Williams go dtarraingeodh an t-ábhar atá idir chamáin in Ireland’s Great Wealth Divide (RTÉ1, aréir) ábhairín conspóide agus clampair, ba léir sin ó na blaisíní fógraíochta, agus is mar sin is fearr leis é.

Príomhtheacaireacht Mhic Uilliam ná go bhfuil an dáileadh maoine éirithe níos éagothroime i rith an chúlú eacnamaíochta. Níl ach ocht nóiméad den chlár gafa tharainn agus tá drochmhianach orainn cheana féin. Bhain léaráid amháin, a léirigh an dáileadh maoine mar atá agus mar gur mhaith linn go mbeadh sé, siar asam go mór.

Bhain McWilliams súp as saol sócúlach atá acu siúd atá lofa le hairgead léiriú agus bhí cuid acu siúd a labhair mórchúiseach agus sleamhain go maith ina gcuid cainte. Tugann sé fogha fíochmhar faoi dhia beag na cánach corparáide. Clár léargasach a bhfuil gioscán fiacal ag baint leis.

Fág freagra ar 'Clár faoin bhféinmharú ar TG4 nárbh fhurasta féachaint air ach clár an-thábhachtach mar sin féin'