Clár cumhachtach ar TG4 a chuirfeadh deora i gceann do chuid súl

Clár cumhachtach a bhí san eagrán is déanaí de Finné ar TG4 a thug éachtaint eile dúinn ar an éagóir a dhein an Stát agus an eaglais ar na daoine ba ghoilliúnaí sa tsochaí

Clár cumhachtach ar TG4 a chuirfeadh deora i gceann do chuid súl

Is scéal truacánta, scannalach a deineadh a reic ar an gclár is déanaí sa tsraith Finné ar TG4. Clár é seo a d’inis scéal Peter Mulryan, fear a cuireadh chuig Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama lena mháthair nuair nach raibh sé ach cúpla lá d’aois. Is clár é seo a chuirfidh drochmhianach ort mar aon le deora a chur i gceann do chuid súl.

A bhuí le taighde teanntásach Catherine Corless deineadh tragóid na leanaí a cailleadh agus a cuireadh i dTuaim a radadh os comhair an tsaoil in 2014.

Tá Corless tar éis labhairt go diongbháilte faoin scannal seo i roinnt saothar agus labhraíonn sí go tomhaiste, pointeáilte anseo arís. In ainneoin go raibh cuid dá raibh le rá aici anseo cloiste agam cheana i saothair amhail Mother and Baby, chuir a cuntas alltacht agus déistin orm in athuair. An léamh úr atá ag an gclár seo ar an tragóid ná scéal Peter Mulryan, scéal a insíodh go slachtmhar, tuisceanach.

Rugadh Peter i gcathair na Gaillimhe agus seoladh chuig Áras Thuama é féin agus a mháthair nuair nach raibh sé ach sé lá d’aois. Dar leis nach bhfaca sé aon áit taobh amuigh d’fhallaí an Árais go raibh sé ceithre bliana go leith.

Labhraíonn Peter go mothúchánach, go tomhaiste agus go fealsúnach faoin drochíde a tugadh air i rith a shaoil; an braighdeanas, an duairceas agus an drochmheas. Go deimhin deineadh é féin agus a mháthair a choimeád óna chéile ar eagla an cheana. Ní srathair na hainnise go dtí é.

Is iad ráitis thaifeadta Julia Devaney (ábhar a spreag Corless) is fearr a chuireann síos ar mídhaonnacht na háite.

‘Aera twas a cold, sad loveless place; not like a home. They’d be better off with a drunken father at home. It was an awful lonely aul hole.’

Labhraíonn Peter go deisbhéalach, caithiseach, meáite agus macánta. Is ábhar íogair a bhí idir chamáin agus is léir gur láimhseáil an t-agallóir an t-agallamh go tuisceanach.

Léim Peter ón tine chun na gríosaí nuair a cuireadh ar altramas é i dtuaisceart Chontae na Gaillimhe, áit ar caitheadh leis mar sclábhaí feirme. Is cuimhin leis an chrústáil agus an easpa cúraim. Is cuimhin leis freisin siosarnach na gaoithe sna crainn agus gadhar a fheiscint den chéad uair.

Cuireann Corless an t-altramas i gcomparáid le marglann ainmhithe.

agus deineadh trácht chomh maith ar an uisce fé thalamh a bhain leis an uchtú, go mhórmhór le teaghlaigh i Meiriceá.

Is í Corless a thug le fios do Peter go raibh deirfiúr aige, bean a d’fhéadfadh a bheith beo fós i Meiriceá agus gan aon chur amach aici, seans, ar a cúlra.

Éiríonn rudaí níos scannalaí agus níos léanmhaire fós nuair a thosaigh sé ag trácht ar na driseacha cosáin a cuireadh roimhe ina chuid iarrachtaí teacht ar a mháthair agus gaol éigin a chothú léi ina dhiaidh sin.

Nuair a bhí an bhean bhocht sna croití deireanacha agus gur seoladh chuig an ospidéal í ní dúradh faic leis ar feadh seachtainí agus cailleadh í sara raibh deis aige cuairt a thabhairt uirthi.

Clár cumhachtach a thugann éachtaint eile ar an éagóir a dhein an Stát agus an eaglais ar na daoine ba ghoilliúnaí sa tsochaí.

Fág freagra ar 'Clár cumhachtach ar TG4 a chuirfeadh deora i gceann do chuid súl'

  • Lillis Ó Laoire

    Miorúilt é go dtáinig sé slán. Scéal dóchasach, d’ainneoin an duaircis go léir a bhain leis.

  • Murchadh

    Nì fhaca mé an clár mar níl aon teilifís agam. Ró-chostasach. Bhí orm an t-alt coscrach seo a léamh faoi dhó. Bhain sé croitheadh ó bhonn asam. Cad is féidir a rá? Laoch is ea an fear sin ar éirigh leis gabháil lastuas d’fhórsaí an oilc agus gan duine ná deoraí mar theannta aige. Anseo ar ‘oileán na naomh is na n-ollamh’ a tharla an droch-íde scanallach sin, is tá sé ar siúl i gcónaí. Cad is féidir a rá!

  • Pól Ó Braoin

    Fágtha ar bheagán smideanna… Caithfidh mé breathnú ar an gclár sin má bhíonn sé ar fáil ar an player …