Clár beo cúrsaí reatha i nGaeilge le tosú ar RTÉ sa bhfómhar

Bhí an clár nua ‘Fóram’ le craoladh den chéad uair i rith an tsamhraidh ach beidh sé mar chuid de sceideal an fhómhair ag an gcraoltóir

Clár beo cúrsaí reatha i nGaeilge le tosú ar RTÉ sa bhfómhar

Sa bhfómhar a chuirfear tús le clár nua cúrsaí reatha i nGaeilge ar RTÉ, a deir an craoltóir náisiúnta.

Bhí an clár nua Fóram le craoladh den chéad uair i rith an tsamhraidh ach cuireadh siar é. Dheimhnigh RTÉ do Tuairisc an tseachtain seo go mbeidh an clár nua mar chuid de sceideal an fhómhair ag an gcraoltóir.

Tuigtear go raibh sé beartaithe tús a chur leis an chlár mí an Mheithimh agus roinnt eagrán a chraoladh, ach cinneadh fanacht go dtí níos deireanaí sa bhliain chun tús a chur leis. Fógrófar sceideal an fhómhair RTÉ sna seachtainí amach romhainn.

Tá breis is 20 bliain ann ó bhíodh clár cúrsaí reatha i nGaeilge á chraoladh ag RTÉ.

Tá sé i gceist an clár nua a chraoladh ó cheannáras RTÉ uair sa tseachtain, maidin Dé Domhnaigh.

Beidh ról an láithreora á bhabhtáil ag craoltóirí éagsúla agus bhí na hiriseoirí Sinéad Crowley agus Orla O’Donnell ar bheirt de na daoine a bhí á lua mar láithreoirí. Tá Sinéad Crowley imithe ag obair le Coimisiún na Meán ó shin, áfach.

Beidh an t-iriseoir Eoin Ó Catháin, comhfhreagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag fágáil an raidió chun dul ag obair mar thuairisceoir ar an gclár nua.

Colm Kirwan RTÉ, fear a d’oibrigh cheana do TG4, a bheidh ina eagarthóir ar Fóram agus ar Joe Reddington, príomheagarthóir Nuacht TG4/RTÉ, a bheidh an phríomhfhreagracht as an gclár nua.

Tá an clár beartaithe ag RTÉ mar chuid den phlean don Ghaeilge a d’aontaigh siad leis an gCoimisinéir Teanga nuair a chinn sé go raibh sárú á dhéanamh acu ar a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge.

Faoin Acht Craolacháin 2009, tá dualgas reachtúil ar RTÉ “réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil” agus “cláir nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla”.

Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a foilsíodh in 2021 nach cláracha cúrsaí reatha nó nuachta ach thart ar 4% de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha.

Fág freagra ar 'Clár beo cúrsaí reatha i nGaeilge le tosú ar RTÉ sa bhfómhar'

  • Pól Ó Braoin

    Is cuimhin liom “Féach” agus b’shin rud maith a mbínn ag dúil go mór leis chuile sheachtain. Má leanann siad bóthar “Féach” beidh clár fiúntach fóinteach i nGaeilge acu a gcuirfidh an pobal, idir ghaeil agus eile, spéis ann. Agus easpa nuachtán náisiúnta ar bith clóite i nGaeilge againn, is rud eicint dearfa clár mar seo ón gcraoltóir náisiúnta, cheapfainn. Beidh le feiceáil, muis.