Ciúnas taitneamhach roimh an anfa atá le teacht in Game of Thrones

Is clár suaimhneach agus síochánta go maith a bhí againn le tús a chur le séasúr a hocht den mhórshraith fantaisíochta

Ciúnas taitneamhach roimh an anfa atá le teacht in Game of Thrones

Tá sé deacair a chur abhaile ar lucht an aineolais agus na neamhshuime canathaobh go bhfuil daoine gafa le Game of Thrones (Sky Atlantic, Dé Luain). Is sraith thréitheach í gan aon agó: caighdeáin léirithe den chéad scoth; fantaisíocht measctha leis an stair; carachtair thathagacha; scéal eipiciúil; graostacht agus carúlacha grinn. Ag an bpointe seo tá lucht leanta na sraithe níos díograisí agus níos antoiscí ná lucht Star Wars is Star Trek in éineacht. Ní haon dóithín an méid sin.

Ní haon ionadh mar sin go mbeadh na díograiseoirí ag rith le brothall agus mórshaothar teilifíse na linne seo ag teannadh ar cheann scríbe.

Ag an bpointe seo tá sciar suntasach de lucht féachana an domhain ar adhastar ag GOT. Nuair atá duine sásta scéal agus carachtair a leanúint ar feadh ocht mbliana agus breis is seachtó clár, beidh siad (mura ndéantar cac sleaidí ceart den chúram) faoi dhraíocht ag aon rud a tharlaíonn. Tine ar a gcraiceann nuair a dhéantar tagairtí fánacha anseo is ansiúd do charachtair, eachtraí, ráitis agus íomhánna a ghabh os a gcomhair tarraingt ar ocht mbliana ó shin.

Ina dhiaidh sin féin tá sé in am rudaí a thabhairt chun críche agus tosaíodh ar sin an tseachtain seo.

I bhfianaise an fhoréigin agus na n-iontas a raideadh os ár gcomhair i gcaitheamh na mblianta is clár suaimhneach agus síochánta go maith a bhí againn le tús a chur le séasúr a hocht. Bhí an t-am ag teastáil le go bhféadfadh na carachtair nach bhfaca a chéile le stáir, nó in aon chor, dreasanna cainte a dhéanamh. Is fada roimhe seo ó bhí an oiread carachtar ar an aon láthair amháin: Jon, Sansa, Arya, Daenerys, Tyrion, Jorah, Samwell, Varys, Bran, The Hound agus Davos. Deacair a shamhlú nach raibh Jon nó Arya le chéile ar scáileán le hocht mbliana agus ina fhianaise sin, b’ábhar díomá cé chomh patuar is atá an radharc ina mbuaileann siad le chéile arís, go mórmhór nuair a chuimhníonn tú ar cé chomh mothúchánach is bhí teacht le chéile Jon agus Sansa i séasúr a sé. Lena chois sin tá Sansa agus Danerys ag dul in adharca a chéile, tá Sansa agus Arya míshásta le Jon agus tá muc ar gach mala ag muintir an tuaiscirt go gcaithfidh siad glúin a fheacadh os comhair bhanríon bhán an deiscirt.

Le linn an ama seo tá The Golden Company, gallóglaigh ó mhór-roinn Essos tagtha go King’s Landing le tacú le Cersei. Cuireadh uisce lenár gcuid fiacla i séasúr a seacht nuair a dúradh go mbeadh na saighdiúirí tuarastail agus a gcuid eilifintí ag teacht ’on dúthaigh. Bhí cad é díomá ar Cersei agus an lucht féachana araon nuair a leaindeáil na ‘sellswords’ in uireasa na mbeithíoch mór. Ag cur san áireamh gur breá leis an saothar seo geit a bhaint as an lucht féachana agus na carachtair, cá bhfios ná go dtiocfadh na heilifintí aniar aduaidh orainn ar fad?

Clár taitneamhach, greannmhar ar uairibh, atá anseo; clár a thugann deis don lucht féachana agus na carachtair aithne a chur ar a chéile arís.

Ciúnas roimh anfa.

Fág freagra ar 'Ciúnas taitneamhach roimh an anfa atá le teacht in Game of Thrones'