Cinneadh déanta ag comhairle contae go mbeadh sé ‘cumbersome’ Gaeilge a chur ar chomharthaíocht nua

Deir an Comhairleoir Gobnait Ní Mhuimhneacháin go bhfuil iarrachtaí déanta ag an gComhairle Contae an Ghaeilge a chur chun cinn ach gur ‘céim ollmhór sa treo mícheart’ atá i gceist le cinneadh a rinneadh le déanaí 

Cinneadh déanta ag comhairle contae go mbeadh sé ‘cumbersome’ Gaeilge a chur ar chomharthaíocht nua

Tá díomá léirithe ag Comhairleoir Contae i gCorcaigh le cinneadh na Comhairle Contae gan an Ghaeilge a úsáid ar chomharthaíocht nua atá le tabhairt isteach ar fud an chontae.

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Chorcaí spásanna páirceála ar leith a chur ar fáil do dhaoine aosta i mbailte timpeall an chontae agus déanfar na spásanna seo a mharcáil le comharthaíocht nua. Dhiúltaigh an Chomhairle an Ghaeilge a úsáid ar spásanna lasmuigh den Ghaeltacht, áfach.

 ‘Age Friendly’ amháin le feiceáil ar na spásanna in áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht agus ‘Aoisbháúil’ amháin a bheidh ar na cinn sa Ghaeltacht.

Tugadh le fios ag cruinniú de Chomhairle Contae Chorcaí Dé Luain go raibh iarracht déanta comharthaíocht dhátheangach a úsáid ach dúradh go raibh sé “cumbersome” nó amscaí nuair a cuireadh an Ghaeilge agus an Béarla le chéile.

Deir Gobnait Ní Mhuimhneacháin, Comhairleoir Contae de chuid Fhianna Fáil, nach bhfuil sé ceart nach mbeidh an Ghaeilge in úsáid ach ar spásanna sa Ghaeltacht.

“Mothaím go bhfuil an Ghaelainn curtha isteach i mbosca agus nár lige Dia go rachadh an Ghaelainn lasmuigh den Ghaeltacht,” arsa Ní Mhuimhneacháin.

““Is mór an trua é. Táthar ag déanamh dearmad ar fad ar dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht a labhraíonn Gaelainn, a bhfuil suim acu sa Ghaelainn agus atá bródúil as an nGaelainn.”

Deir Ní Mhuimhneacháin go ndéanann Comhairle Contae Chorcaí iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn ach gur “céim ollmhór sa treo mícheart” atá i gceist leis an gcinneadh seo.

Bhí an Comhairleoir Ní Mhuimhneacháin ar dhuine de na comhairleoirí a bhí ag iarraidh go gcuirfí na spásanna páirceála seo ar fáil do dhaoine aosta taobh amuigh de shiopaí, oifigí an phoist, siopaí poitigéara agus a leithéid, ach ní raibh sí sásta le gné áirithe den tuarascáil a cuireadh faoi bhráid na Comhairle an tseachtain seo.

“Chuireas fáilte roimh an tuarascáil ach ní rabhthas sásta gur sa Ghaeltacht amháin a bheadh an Ghaeilge in úsáid agus an Béarla amháin lasmuigh di. D’iarr mé an bhféadfaí rud éigin difriúil a dhéanamh.”

“Tháinig an stiúrthóir bóthair isteach agus dúirt sé go ndearnadar iarracht é a scríobh i nGaeilge agus i mBéarla ach go raibh sé saghas ‘cumbersome’ agus go mbeadh sé deacair iad a léamh.”

Glacann Ní Mhuimhneacháin leis an míniú sin, ach deir sí nár glacadh leis na roghanna eile a cuireadh chun cinn ag an gcruinniú.

“Chuireas smaointe os a gcomhair. Dúras leo gur féidir iad uile a chur i nGaelainn, bheadh sé sin go breá, nó lógó a chur ann. 

“Bhíos an-tógtha le moladh an Chomhairleora [Sheila] Uí Cheallacháin an litir ‘A’ a úsáid i gcomhair ‘Age Friendly’ agus ‘Aois’ ach ní rabhadar sásta glacadh leis sin,” arsa Ní Mhuimhneacháin.

Cuireadh na moltaí a bhí sa tuarascáil ar vóta ag cruinniú Chomhairle Contae Chorcaí Dé Luain agus ghlac formhór na gcomhairleoirí leo.

Deir Ní Mhuimhneacháin go bhfuil an baol ann anois go nglacfaí le comharthaíocht mar seo i mBéarla amháin lasmuigh den Ghaeltacht ar fud na tíre. 

Dúirt Ní Mhuimhneacháin go raibh ‘Age Friendly Ireland’, eagraíocht a dhéanann obair chun cabhrú le daoine aosta ag faire ar thuarascáil Chomhairle Contae Chorcaí chun go mbeadh siad in ann an múnla a mholfaí ann a úsáid sa chuid eile den tír.

“Táim tar éis scríobh cheana féin chuig ‘Age Friendly Ireland’ chun a rá leo, má tá siad chun an tuarascáil seo a úsáid, ba cheart smaoineamh ar an ‘A’ sin a úsáid in ionad an Bhéarla mar bheinn buartha go mbeadh an cás amhlaidh i ngach áit feasta. Tá mé díomách go mbeidh sé timpeall an chontae ar fad ach bheadh sé níos measa fós dá mbeadh sé timpeall na tíre ar fad.”

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag comhairle contae go mbeadh sé ‘cumbersome’ Gaeilge a chur ar chomharthaíocht nua'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Más comharthaí de chuid na Comhairle Contae iad ní foláir dóibh bheith dátheangach nó as Gaeilge amháin de bhun alt 9 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ar lorg na comhairleoirí comhairle an Choimisinéara Teanga sular vótáil siad, is cosúil, chun dlí na tíre a bhriseadh?

  • Breathnóir1

    Má tá siad ag iarraidh go mbeadh an comhartha inléite ag daoine aosta, bhuel, tuigim sin, ach nach dtiocfadh leo dhá chomhartha a chur in airde, ceann i mBéarla agus ceann i nGaeilge lena thaobh?

  • Aodán

    Tá sé de dhulgas faoi Alt 1.1.50 den Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta gur gá do gach comhartha eolais agus rabhaidh a bheith dátheangach. Níl sé roghnach.
    Is cosúil go bhfuil sé déanta go dátheangach in áiteanna eile i gCorcaigh: https://www.thejournal.ie/old-age-parking-cork-3629515-Oct2017/
    D’éirigh le Comhairle Contae Fhine Gall é a dhéanamh i gceart chomh maith: https://twitter.com/fingalcoco/status/1276070762328330240

  • Críostóir Ó Faoláin

    Ní thuigim, nach gá dóibh cloí leis an dlí???
    Níl sé ceadaithe comharthaí a chrochadh i mBéarla amháin faoi Acht na dTeabgacha Oifigiúla.

  • Éilís Ní Anluain

    ‘Murar i gCionn tSáile an léin
    A cuireadh ár gcleacht ó rath,’

    ó Mar a Chaitheamar an Choinneal
    Máirtín ó Direáin, Ár Ré Dhearóil (1962)

  • S. Mac Muirí

    Níl fhios agam nár cuireadh samhnas ar Ghaill na Comhairle mar gheall ar an gcaingin dlí faoi Bhr. Victoria anuraidh 7 gur so anois a bhfreagra. Caillfear saibhreas an chéad rud eile nuair a fheisteofar ceamaraí leis na meirgí galldachais nua a chosaint.
    Is cinnte go mbrisfear iad 7 tosóidh na Gaill ag ionsaí na gcomharthaí Gaeilge sa nGaeltacht mar a tharla i dTír Chonail cheana.
    Cosnóidh an drochobair seo roinnt mílte € sa mbreis gan trácht ar an achrann go léir a spreagfaidh sé i measc daoine.

  • Éamonn

    Cén tseafóid é seo? An bhfuil sé chomh deacair sin comharthaíocht dhátheangach a chur suas? Ní ghlacfaí leis seo sa mBreatain Bheag nó i dTír na mBascach, áiteanna a thuigeann tábhacht an dátheangachais sa saol poiblí. Níl ach leisciúlacht agus neamhshuim i gceist.

  • EMcK

    Cumbersome!!!! ‘Eire’ seachas ‘Éire’

  • Eoghan

    Cumbersome!!! ‘Eire’ seachas ‘Éire’

  • Seán Ó Donnchaidh

    Ni raibh gá le CCC aon rud a scríobh pé scéal é. Is féidir leo dath corcra a chur ar an spás féin – ciallaíonn sé sin gur spás do dhaoine aosta é – cosúil le spás gorm do dhaoine faoi mí-chumas.

    Léigh mé an Scéim na Gaeilge atá ar an láthair idirlíne ag Comhairle Contae Corcaí agus níl focal ar bith ann maidir le comharthaí in áiteanna poiblí.
    Comh maith le sin tá an Scéím as dáta ar feadh 10 mbliana (2010). Ní haon ionadh é sin.

    Níl sé éasca Hegemony an Bhéarla a bhriseadh!

  • Seán Ó Donnchaidh

    An chéad smaoineamh a thaínig isteach i mo cheann nuair a léigh mé an leagan Béarla ná go raibh CCC ag impí ar daoine aosta chloí leis na rialacha maidir le phairceáil!

  • S. Mac Muirí

    Thagair an Cork Xecutioner do ‘a noted Irish speaker’ Gobnait Ní Mhuimhneacháin in alt inniu cionn is gur labhair sí, is dóigh, ar an ábhar sa gCo Co. Luaigh siad beirt de Ghaill na Comhairle chomh maith ach ní cosúil gur cainteoir suaithní Gaeilge ná Béarla ceachtar díobh siúd.

  • Seán Mag Leannáin

    Deacair a rá cibé acu is measa an lucht polaitíochta nó an lucht maorlathais? Dream amháin níos measa ná an dream eile.

  • donnchadh ó seaghdha

    Tá siad ag dul i gcoinne an dhlí má leanann siad ar aghaidh leis bheadh focail le rá ag an gcoimisinéir teanga sa chás seo mar an gcéanna leis na gcomharthaí boithre

  • Seán Mag Leannáin

    Maidir leis an gcomhartha féin is sampla maith é de ghibiris na ceartaiseachta polaitiúla is ansa leis an lucht maorlathais. Tá duine tríocha bliain d’aois níos aosta ná duine fiche bliain d’aois!

  • Seán Ó Donnchaidh

    Bhí orm taistil ar an dtraen le déanaí agus sa stáisiún traenach chonaic mé 3 comharthaí buan le leagan Gaeilge mí-cheart orthu agus ansin nuair a shuigh mé síos sa charráiste, d’fhéach mé suas agus ós mo chionn bhí “Brish an ghloine, más gá” – BRISH. Ní fheadar an raibh mé ag taisteal le BRISH RAIL seachas Iarnród Éireann.