Cinneadh déanta ag an Rialtas scaoileadh leis na srianta go léir beagnach 

3,294 cás nua den víreas a fógraíodh tráthnóna, 4,060 cás eile a cláraíodh ar thairseach an HSE

Cinneadh déanta ag an Rialtas scaoileadh leis na srianta go léir beagnach 

Ghlac an Rialtas inniu le comhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí [NPHET] agus ón Luan seo chugainn ní bheidh dualgas ar dhaoine masc a chaitheamh in áiteanna poiblí go leor. 

Ón 29 Feabhra, is faoin duine féin rogha a dhéanamh masc a chaitheamh feasta i siopaí, ar an gcóras iompar poiblí, in ionaid fáilteachais agus i scoileanna.  Comhairlítear do dhaoine masc a chaitheamh ar an gcóras iompair ach ní bheidh seasamh dlí leis. Beidh mascanna riachtanach i gcónaí in ionaid cúraim leighis agus in ospidéil.

Tá deireadh leis an scaradh sóisialta agus na podanna sna scoileanna agus laghdófar go mór an tástáil agus an rianú teagmhálaithe.

Cuirfear deireadh le NPHET ach coinneoidh oifig an Phríomhoifigigh Leighis, an Dr Tony Holohan, súil ar an Covid-19 agus aon athrú suntasach ar chúrsaí víris.

3,294 cás nua den Covid-19, bunaithe ar thástálacha PCR, a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 

Fógraíodh freisin gur chláraigh 4,060 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. 

608 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas, 26 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 54 díobhsan in aonad dianchúraim, duine amháin níos mó ná mar a bhí ann inné. 

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh cúigear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 2,951 cás nua a fógraíodh ansin inniu. 

495 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus naonúr díobhsan atá in aonad dianchúraim. 

Ghlac an Rialtas inniu le comhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí [NPHET] agus ón Luan seo chugainn ní bheidh dualgas ar dhaoine masc a chaitheamh in áiteanna poiblí go leor. 

Ón 29 Feabhra, is faoin duine féin rogha a dhéanamh masc a chaitheamh feasta i siopaí, ar an gcóras iompar poiblí, in ionaid fáilteachais agus i scoileanna.  Comhairlítear do dhaoine masc a chaitheamh ar an gcóras iompair ach ní bheidh seasamh dlí leis. Beidh mascanna riachtanach i gcónaí in ionaid cúraim leighis agus in ospidéil.

Tá deireadh leis an scaradh sóisialta agus na podanna sna scoileanna agus laghdófar go mór an tástáil agus an rianú teagmhálaithe.

Cuirfear deireadh le NPHET ach coinneoidh oifig an Phríomhoifigigh Leighis, an Dr Tony Holohan, súil ar an Covid-19 agus aon athrú suntasach ar chúrsaí víris.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag an Rialtas scaoileadh leis na srianta go léir beagnach '