Cinneadh déanta ag an Rialtas gur chóir cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga i measc na leasuithe atá á moladh ag an Rialtas ar an mbille teanga atá ag teacht os comhair na Dála arís amárach

Cinneadh déanta ag an Rialtas gur chóir cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga

Tá cinneadh déanta ag an Rialtas gur chóir cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga ionas gur féidir leis faireachán a dhéanamh ar aon acht a bhfuil baint aige le húsáid na Gaeilge nó lena stádas mar theanga oifigiúil.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an méid sin i measc na leasuithe atá á moladh ag an Rialtas ar an mbille teanga atá ag teacht os comhair na Dála arís amárach.

De réir an leasaithe sin bheadh cead ag an gCoimisinéir tráchtaireacht a dhéanamh faoi phíosaí reachtaíochta eile seachas an reachtaíocht teanga féin.

Faoi láthair níl de chumhacht aige é sin a dhéanamh ach amháin i gcás Acht na dTeangacha Oifigiúla amháin. Is féidir leis imscrúdú a dhéanamh faoi fhoráil in acht eile má fhaigheann sé gearán ón bpobal faoi.

Is cinnte go gcuirfidh lucht na Gaeilge fáilte roimh an gcumhacht bhreise seo a chiallódh go bhféadfaí scagadh a dhéanamh ar ghnéithe den reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí pleanála, craolacháin agus oideachais, mar shampla.

De réir leasuithe an Rialtais chuirfí sprioc-am, an 31 Nollaig 2030, leis an gcuspóir sa bhille teanga go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge.

Ach faoi na leasuithe céanna, d’fhéadfadh aire na Gaeltachta ordú a dhéanamh in 2028 go gcuirfí siar an sprioc-am sin.

Moltar sa bhille go mbunófaí Coiste Comhairleach a bheadh ag plé le cur leis na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge ón stát agus de réir leasuithe an Rialtais chaithfí an coiste sin a bhunú laistigh de shé mhí i ndiaidh achtú an bhille. Bheadh dhá bhliain ansin ann chun Plean Náisiúnta maidir le hearcú Gaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí a chur i dtoll a chéile.

Is tar éis sé bliana eile, in 2028, a bheadh cead ag an Aire cinneadh a dhéanamh sprioc-am an ‘20%’ – an 31 Nollaig 2030 – a chur siar.

Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge?

Ocht leasú atá á moladh ag an Rialtas ar an mbille.

Thabharfadh ceann eile de na leasuithe cead don Aire córas na gcaighdeán a bhunú sula bhfoilseofaí an Plean Náisiúnta.

Deirtear sa Bhille go dtabharfar córas bunaithe ar chaighdeáin seirbhísí isteach in áit chóras na scéimeanna teanga, an córas faoina leagtar dualgais ó thaobh na Gaeilge ar chomhlachtaí poiblí.

Cé go gcuirfear fáilte roimh chuid de mholtaí an Rialtais, údar díomá a bheidh ann don Choimisinéir Teanga, Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile nach bhfuil foráil láidir á moladh ag an Rialtas a leagfadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí freastal ar mhuintir na Gaeltachta sa Ghaeilge.

Ceann de na laigí móra eile a fuarthas ar an mbille ná nach raibh dualgas reachtúil leagtha ar aon duine nó dream ann maidir leis an bplean náisiúnta earcaíochta a chur i bhfeidhm.

Nuair a bheadh an plean curtha i dtoll a chéile ag coiste comhairleach nua chuirfí faoi bhráid an rialtais é, leagfaí os comhair Thithe an Oireachtais é agus d’fhoilseofaí é. Ach níorbh léir dualgas reachtúil a bheith ar aon duine é a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Ní léir go dtéann leasuithe an Rialtais i ngleic leis an easnamh sin.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin an tseachtain seo caite go bhfuil sé i gceist ag an rialtas an bille teanga, a bhfuiltear ag fanacht air le breis is ocht mbliana, a dhéanamh níos láidre sula bhfoilseofar é.

Gheall an Taoiseach go ndéanfadh na leasuithe an bille “a threisiú”.

Tá sé i gceist go mbeadh vóta Dála faoin mbille ann an tseachtain seo chugainn agus go gcuirfí ar aghaidh é go dtí Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta ina dhiaidh sin.

Bhí an bille le tabhairt os comhair na Dála ag tús na bliana ach chuir an t-olltoghchán moill ar chúrsaí.

Rinneadh cáineadh mór ar an mbille teanga ar ghlac an rialtas deireanach léi ag deireadh na bliana seo caite. Tá an reachtaíocht nua in ainm is an t-acht teanga a leasú chun cur leis na seirbhísí atá ar fáil ón Stát i nGaeilge agus cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú, ach bhí amhras ar mhórán go n-éireodh leis an mbille sin a dhéanamh.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag deireadh na bliana seo caite nach raibh tada sa reachtaíocht teanga nua a chuirfeadh dualgas daingean ar an Stát freastal ar phobal na Gaeltachta “ina dteanga dhúchais”.

‘Béarfaidh bó éigin lao éigin lá éigin’ an fhealsúnacht a bhí taobh thiar don bhille teanga, a dúirt Uachtarán Oireachtas na Gaeilge Gearóid Denvir.

Gealladh i gclár an rialtais nua go ndéanfaí an bille a láidriú.

Nuair a foilsíodh an bille, dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly, a bhí ina cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, an coiste a mbeidh scagadh á dhéanamh acu ar an mbille go luath, nach bhféadfaí “glacadh” leis an reachtaíocht mar a bhí mar gur “cur i gcéill amach is amach” a bhí ann.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách go raibh an bille “róshrianta” agus mhaígh sí nár aithin sé “beag ná mór” a “leochailí is atá an Ghaeilge” ná go bhfuil “géarchéim” teanga sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag an Rialtas gur chóir cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga'