Cinneadh déanta ag an gCoimisinéir Teanga faoi chearta teanga ar Twitter agus úsáid Google Translate

Baineann dhá chinneadh atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga le dualgais teanga ar líne i gcás dhá Chomhairle Contae

Cinneadh déanta ag an gCoimisinéir Teanga faoi chearta teanga ar Twitter agus úsáid Google Translate

Tá dhá chinneadh déanta ag an gCoimisinéir Teanga i dtaobh cearta teanga ar líne – cinneadh nach bhfuil úsáid Google Translate bailí agus cinneadh faoi fhógraí Béarla amháin faoin nGaeltacht ar Twitter.

Seo í an chéad uair go bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisinéir Teanga faoi ábhar ar na meáin shóisialta.

Léirigh imscrúdú de chuid an Choimisinéara gur sháraigh Comhairle Chontae na Gaillimhe a ndualgas reachtúil teanga nuair a scaip siad i mBéarla amháin ar Twitter fógraí a bhain le ceantair Ghaeltachta.

Idir 2014-2018 fuair oifig an Choimisinéara Teanga 11 gearán maidir le heaspa Gaeilge nó logainmneacha Gaeltachta míchearta i dtvuíteanna a sheol Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Bhain gearán amháin le tvuít a sheol an Chomhairle in 2017 ag fógairt go mbeadh briseadh sa soláthar uisce i gceantair Ghaeltachta. I mBéarla amháin a bhí an tvuít agus na logainmneacha a bhí luaite inti.

Nuair a fiosraíodh an scéal leis an gComhairle mhaígh siadsan nach raibh tvuíteanna luaite ina Scéim Teanga agus nár dhóigh leo “go raibh tvuíteanna ar intinn nuair a bhí aon fhorálacha den Scéim á gcur le chéile”.

Ba é cás na Comhairle Contae nach mbaintear úsáid as tvuíteanna “chun críocha oifigiúla” ach níor ghlac an Coimisinéir leis an áiteamh sin.

“Is [gnó] chun críocha oifigiúla é lucht úsáidte na mbóithre ábhartha agus lucht úsáidte an tsoláthair uisce a chur ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú nó a bhfuil beartaithe agus modh cumarsáide éifeachtach chun na gcríoch sin is ea Twitter,” a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill.

Dúirt sé go raibh fianaise i bhfoilseacháin éagsúla de chuid na Comhairle a thabharfadh le fios gurb é sin dearcadh agus cur chuige na Comhairle Contae féin.

“Pé acu cumarsáid neamhfhoirmiúil nó cumarsáid oifigiúil atá i gceist, is cumarsáid iad tvuíteanna arbh fhéidir an-tábhacht agus “gá” agus “práinn” a bheith ag baint leo, dar leis an gComhairle féin. Is gné dá cuid oibre iad,” arsa an Coimisinéir.

Dúirt sé go raibh “normalú” á dhéanamh ar an mBéarla mar phríomhtheanga chumarsáide na Comhairle nuair a sheol siad ábhar amach faoi cheantair Ghaeltachta i mBéarla amháin.

“Nuair a roghnaítear cumarsáid a dhéanamh le pobal na Gaeltachta i mBéarla amháin, táthar ag deimhniú fheidhmiúlacht an Bhéarla agus neamhfheidhmiúlacht na Gaeilge sna gnóthaí lena mbaineann an chumarsáid sin.

“Táthar ag normalú an Bhéarla mar phríomhtheanga chumarsáide agus an teanga is éifeachtaí le gnóthaí a dhéanamh leis an rialtas áitiúil agus institiúidí riaracháin eile a bhfuil pobal na Gaeltachta ag brath orthu,” a dúirt an Coimisinéir.

“I mbeagán focal, más é leas na Gaeilge mar theanga phobail cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge nó go dátheangach, is é a haimhleas gan é sin a dhéanamh.”

Sa chinneadh eile a bhain le cur chuige comhairle contae i leith na Gaeilge ar líne, phléigh an Coimisinéir le ceist chonspóideach Google Translate agus na gcomhlachtaí poiblí.

Chinn sé go raibh sárú déanta ag Comhairle Contae Chorcaí ar a ndualgas reachtúil teanga nuair a bhain siad leas as Google Translate chun ábhar buan ar a suíomh gréasáin a aistriú go Gaeilge.

Faoi scéim teanga Chomhairle Contae Chorcaí tá dualgas orthu buanábhar a suímh a chur ar fáil i nGaeilge

Tar éis dó gearán a fháil, rinne an Coimisinéir teagmháil leis an gComhairle Contae a dúirt go raibh athnuachan déanta ar an suíomh gréasáin agus gur bhain siad úsáid as meaisínaistriúchán mar bheart sealadach toisc gur dhócha go mbeadh athruithe móra á gcur i bhfeidhm ar an suíomh go luath.

Mheas an Coimisinéir nach raibh an cur chuige a bhí á mholadh ag an gComhairle Contae sásúil agus chuir sé imscrúdú ar bun.

Mhaígh Comhairle Contae Chorcaí nach raibh an t-am ná na hacmhainní acu duine a fháil chun an t-ábhar a aistriú. D’aithin siad go bhféadfadh an t-aistriúcháin a bheith míchruinn ach cheap siad gur réiteach sásúil sealadach a bhí i nGoogle Translate.

Ghlac siad leis faoi dheireadh gur sárú ar an ngealltanas a tugadh ina scéim teanga a bhí sa chur chuige sin.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil ról lárnach ag áiseanna teicneolaíochta aistriúcháin sa bhfreastal a dhéantar ar phobail teanga éagsúla ach nach bhféadfaí brath ar leithéidí Google Translate i gcás na Gaeilge.

“Go nuige seo, i gcás na Gaeilge de, is minic a bhíonn an t-aistriúchán a chuirtear ar fáil ó chórais ar nós Google Translate dothuigthe, neamhbhailí, nó go dtéann teachtaireacht an bhuntéacs amú.

“B’ábhar sásaimh dom gur tháinig Comhairle

Contae Chorcaí ar an tuairim nach raibh a leithéid de chóras sásúil nuair a rinne sí an cheist a mheas an athuair,” a dúirt Ó Domhnaill.

Tá sé ráite cheana ag an gCoimisinéir gur “masla don Ghaeilge agus do lucht a labhartha” é an úsáid a bhaineann comhlachtaí poiblí as Google Translate agus luaigh sé an méid sin arís ina thuarascáil.

“Ní bhíonn an téacs sa Ghaeilge a tháirgtear trí chóras meaisínaistriúcháin amháin inchurtha le caighdeán an bhuntéacs Béarla. Go deimhin, d’fhéadfaí masla a ghlacadh i gcás pobal teanga ar bith dá mbeifí ag súil go nglacfaí le haistriúcháin ar dhroch-chaighdeáin, mar a bhí le feiceáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle. Is measa fós an scéal nuair a bhí an suíomh in úsáid chun gnó oifigiúil de chuid an Stáit a chur i gcrích,” a dúirt Ó Domhnaill.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag an gCoimisinéir Teanga faoi chearta teanga ar Twitter agus úsáid Google Translate'

  • Cá bhfuil an toradh?

    Ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga, cá mhéad uair a tháinig sí ar chás “inar sháraigh an comhlacht a dhualgas reachtúil”? Agus cá mhéad de na cásanna sin ar cuireadh pionós, nó fíneáil ar na comhlachtaí, nó ar eisíodh ordú maidir leis an sárú sin, nó a rinneadh smachtbheart i leith na gcomhlachtaí?