Cinedhíothú is ea cinedhíothú – seasaimis gan leithscéal le muintir na Palaistíne

Tá cead againn cur chuige áirithe a mholadh, ach ar deireadh thiar is iad siúd a chaitheann na slabhraí a dhéanfaidh cinneadh conas iad a bhriseadh

Cinedhíothú is ea cinedhíothú – seasaimis gan leithscéal le muintir na Palaistíne

Tá sé bliain ó rinne Hamas ionsaí ar Iosrael, ionsaí a d’fhág timpeall 1,400 marbh, sibhialtaigh an chuid is mó díobh (más féidir sibhialtach a thabhairt ar éinne a thacaíonn le polasaithe cinedhíothaithe Iosrael i gcoinne na bPalaistíneach).

Ní nach ionadh bhí meáin an Iarthair lán le scéalaíocht faoin uafás a d’fhulaing muintir Iosrael an lá sin, meáin na hÉireann ina measc.  Agus d’eisigh an Tánaiste Micheál Martin ráiteas thar ár gceann go léir (mar dhea) ag cáineadh na n-ionsaithe gránna sceimhlitheoireachta, a dúirt sé a rinne Hamas an lá sin.

Níor labhair sé faoin 76 bliain sceimhlitheoireachta atá fulaingthe ag na Palaistínigh; níor labhair sé faoin ghabháil ghránna a d’fhulaing siad ó bunaíodh Iosrael i 1948; ná faoin ghabháil talún atá ar siúl i gcónaí ar an mBruach Thiar.

Tá trua agamsa dóibh siúd, go háirithe daoine óga, a gabhadh san ionsaí agus na daoine, b’fhéidir, nach raibh sáite sa bhfuath a fhágann a lorg ar an tsochaí Iosraelach ar fad. Ach tá móramh na sochaí sin i bhfabhar beartas ar polasaithe cinedhíothaithe iad agus i bhfabhar na Palaistínigh a bhrú amach sa bhfásach.

Agus an fhulaingt sin ar an 7 Deireadh Fómhair, nach beag í i gcomparáid leis an 76 bliain d’fhulaingt na bPalaistíneach?

Ní dóigh liom go bhfuil an ceart ag aon duine, nach bhfuil ag fulaingt de dheasca fhoréigean leanúnach Iosrael, dream a dhéanann gníomh ceannairceach i gcoinne an fhoréigin sin a cháineadh.  Tá cead againn cur chuige áirithe a mholadh, ach ar deireadh thiar is iad siúd a chaitheann na slabhraí a dhéanfaidh cinneadh conas iad a bhriseadh.

Mar an gcéanna, ní hé dearcadh Hamas ar chúrsaí sóisialta, cearta lucht aerach ina measc, ba mhaith liomsa a fheiceáil in Éirinn; ach is scéal é sin atá le socrú ag na Palaistínigh féin.  Agus tá a fhios againn nach bhfuil Hamas agus an tÚdarás Palaistíneach ar aon dearcadh faoina leithéid.

Ba cheart go dtuigfimis in Éirinn cén fáth go mbíonn na Palaistínigh ag brath ar an lámh láidir mar fhreagra ar an lámh láidir a imríonn Iosrael orthu gach lá. Chuir ár sinsir féin a muinín sa lámh láidir leis na Sasanaigh a bhrú amach ón gcuid is mó dár dtír.

Cuimhnímis freisin ar a ndúirt Traolach Mac Suibhne: “Ní acusan is mó a ghortaíonn ach acusan is mó a fhulaingíonn a bheidh an bua.”

Sea, tá na Palaistínigh ag fulaingt go dona, agus ní cóir go ligfeadh muid d’aon bholscaireacht faoi Iosraelaigh bhochta muid a dhalladh ar an bhfírinne sin.

Ach tá fíordhearcadh Iosrael soiléirithe ag an gcoimhlint seo: an bhrúidiúlacht, an easpa daonnachta, an dearcadh gur cuma faoi bhás páistí is mná, an dúil sa gcinedhíothú agus sa ghlanadh eitneach.

Tacaíonn an tIarthar le hIosrael, ar ndóigh, agus Meiriceá a thugann dóibh an chuid is mó den armas a mbaintear leas as le Palaistínigh – agus Liobánaigh anois – a mharú.

Éiríonn le hIosrael an cárta frithghiúdach a imirt san Iarthar, ach sa domhan  mór, seachas an India, tá daoine bréan den scéal sin. Braitheann an Eoraip ciontach as an Uileloscadh agus as na céadta bliain den fhrith-ghiúdachas roimhe sin. Agus is ceart go mbraithfeadh.

Don domhan mór, taobh amuigh den Iarthar ámh, ní bhraitheann siad an chiontacht sin mar ní raibh siad páirteach ann.  Ach feiceann siad brúidiúlacht Iosrael is bíonn déistin orthu. Ag an am céanna, tá tionchar Mheiriceá orthu ag éirí níos laige.

In Éirinn, ní raibh aon fhrith-Ghiúdachas ar fiú trácht air againn, cé gur ar éigean go raibh an pobal Giúdach sách mór le go bhféadfaí gráin a dhíriú orthu.  Ach bhí an frith-Ghiúdachas sáite i gcultúr agus i gcreideamh na hEorpa i gcónaí.

Ábhar náire don Eoraip (nó don Iarthar) ach ní raibh na Palaistínigh nó Arabaigh freagrach as sin, ach is iad atá ag íoc as ciontacht na hEorpa.

Is é fírinne an scéil, in ainneoin bholscaireacht Iosrael, nach frith-Ghiúdachas a spreagann míshástacht mhuintir na hÉireann ach a gcol leis an gcoilíneachas is an bhrúidiúlacht. Is mar an gcéanna é don domhan mor i gcoitinne.

Agus toisc seasamh láidir a bheith ag an bpobal in Éirinn i gcoitinne faoin scéal, ní fada gur lean polaiteoirí an rialtais meon an phobail.

Ach cé go bhfuil muid go maith ag caint is ag cáineadh, níl an oiread sin gnímh le feiceáil.  Is ceadmhach fós trádáil a dhéanamh le hIosrael, fiú i gcás na gcríocha gafa agus earraí ó thalamh goidte.

Éirímis as bheith ag iarraidh bheith ar aon phort le Meiriceá ag cáineadh Hamas, agus seasaimis gan leithscéal leis an bpobal Palaistíneach.

Fág freagra ar 'Cinedhíothú is ea cinedhíothú – seasaimis gan leithscéal le muintir na Palaistíne'

  • Criostóir

    Seans nach dtuigeann Eoin cad is brí le cinedhíothú. Cuireann sé i leith Iosrael go bhfuil cinedhíothú á dhéanamh aige in Gaza, maíomh atá go hiomlán gan bhunús. Tá líomhain an chinedhíonairhte bréagach toisc gurb é atá i gcinedhíothú ná díothú córasach, pleanáilte a dhéanamh ar ghrúpa ciníoch, polaitiúil nó cultúrtha. Níl sé beartaithe ag Iosrael na sibhialtaigh in Gaza a dhíothú. Níl Iosrael ach ag iarraidh fáil réidh le lucht déanta an tslaid ar an 7 Deireadh Fómhair, i.e. Hamas. Cuireann Hamas iad féin i bhfolach i measc na sibhialtach agus baineann siad úsáid as sibhialtaigh mar sciath cosanta. In ainneoin go dtugann an IDF an iliomad foláireamh do na sibhialtaigh (cuirtear glaonna gutháin ar dhaoine, agus scaiptear bileoga foláirimh orthu freisin, i measc nithe eile), is minic a chuireann Hamas cosc orthu imeacht ó na háiteanna ar spriocanna iad. Ansin bíonn cinntí crua le déanamh ag an IDF – teastaíonn uathu fáil réidh le Hamas ach bás na sibhialtach a íoslaghdú ar ndóigh. Bíonn an fhadhb chéanna ann i ngach cogadh, nach mór, go háirithe i gceantair uirbeacha.

    An 7 Deireadh Fómhair, rinne Hamas, arb iad rialtas Gaza, an scrios is mó ar Ghiúdaigh ó bhí an tUileloscadh ann. Maraíodh thart ar 1,200 duine agus fuadaíodh 250 duine eile. Bliain níos déanaí, meastar go bhfuil thart ar 100 giall fós i mbraighdeanas, agus gach dóchúlacht ar an scéal go bhfuil mí-úsáid ghnéis, shíceolaíoch agus fhisiciciúil á dhéanamh orthu, agus gan aon eolas ag a dteaghlaigh ar staid a sláinte, más beo nó marbh iad. D’fhéadfadh Hamas deireadh a chur leis an gcogadh trí na gialla a thabhairt ar láimh agus a gcuid airm a thabhairt suas. Ach ní mholfadh Ó Murchú a leithéid mar síleann sé gur grúpa dlisteanach é Hamas, de réir dealraimh, nach bhfuil ach ag troid ar son shaoirse na bPalaistíneach.

    Bíonn Ó Murchú ag cáineadh Iosrael amhail is gurb é ‘máthair gach oilc’ sa réigiún é – ach mura raibh Iosrael ann an mbeadh síocháin agus comhbhráithreachas ann sa Mheánoirthear? Ní dóigh liom é. Mharaigh fórsaí Assad 306,000 sibhialtach ar a laghad i gcogadh cathartha Shiria, cuir i gcás. Níor chuala mé mórán ó Ó Murchú faoin slad sin.

  • Seán Mac an Rí

    Cuimhnímis gurb é An Afraic Theas a chuir an cinedhíothú i leith Iosrael trí mheán an UN. Leis an líomhain seo, tá an Chomhdháil Náisiúnta Afracach (ANC), an páirtí atá i gcumhacht san Afraic Theas, ag iarraidh a seasamh idirnáisiúnta féin a fheabhsú agus aird a tharraingt óna mí-éifeachtúlacht féin agus ó dhrochstaid na tíre tar éis na mblianta fada de theip ar mhuin teipe agus iad i gcumhacht. Níl ann ach líomhain i gcoinne Iosrael – tógfaidh an t-imscrúdú go leor ama agus ní mór cuimhneamh go bhfuil sé á dhéanamh ag cúirt de chuid an UN, eagraíocht atá claonta i gcoinne Iosrael le fada (de réir tuairiscí faisnéise, tá baint ag 10% d’fhoireann UNRWA i nGaza le grúpaí sceimhlitheoireachta, pé acu Islamic Jihad nó Hamas nó a leithéid, agus admhaíonn an UN féin gur dócha gur ghlac naonúr acu páirt i slad an 7ú Deireadh Fómhair.

    Tá Eoin ag scríobh amhail is go bhfuarthas Iosrael ciontach cheana féin. Bheinn ag súil le cruinneas agus stuamacht éigin ar an gceist seo ach faraor le tamall níl sin ar fáil ar Tuairisc.ie ar an gceist seo.

  • Fiachra O Donghaile

    Aontaím go huile is go hiomlán. Thiocfadh linn uilig, is dócha, tuilleadh a dhéanamh maidir leis an easpa gnímh. Is údar náire dúinn gur ceadmhach d’Iosrael a rogha rud a dhéanamh gan imní nó faitíos ar impleachtaí. Déistineach an scéal é go bhfuil muid i mbun trádála i gcónaí le stát bradach agus cosmhuintir na Palaistíne dearg ina gcuid fola acu. Is minic a mhaíonn údaráis na tíre seo go bhfuil ríthábhacht ag baint leis an taidhleoireacht agus gur chóir mar sin de naisc dhioplómacha a choinneáil le hIosrael. Is léir don dall nach fiú faic an chumarsáid agus na naisc chéanna. Is ag dul i dtreise atá an sileadh fola. Na bíodh sé le rá amach anseo gur shuigh muid in Éirinn, chomh diomhaoin le lúidín an phíobaire, agus cinedhíothú a dhéanamh go follasach gan náire díreach os ár gcomhair. Cuirtear deireadh lom láithreach le trádáil agus le comhoibriú leis an Stát marfach santach seo.

  • Fiachra O Donghaile

    Aontaím go huile is go hiomlán le hEoin. Thiocfadh linn uilig, is dócha, tuilleadh a dhéanamh maidir leis an easpa gnímh. Is údar náire dúinn gur ceadmhach d’Iosrael a rogha rud a dhéanamh gan imní nó faitíos ar impleachtaí. Déistineach an scéal é go bhfuil muid i mbun trádála i gcónaí le stát bradach agus cosmhuintir na Palaistíne dearg ina gcuid fola acu. Is minic a mhaíonn údaráis na tíre seo go bhfuil ríthábhacht ag baint leis an taidhleoireacht agus gur chóir mar sin de naisc dhioplómacha a choinneáil le hIosrael. Is léir don dall nach fiú faic an chumarsáid agus na naisc chéanna. Is ag dul i dtreise atá an sileadh fola. Na bíodh sé le rá amach anseo gur shuigh muid in Éirinn, chomh diomhaoin le lúidín an phíobaire, agus cinedhíothú a dhéanamh go follasach gan náire díreach os ár gcomhair. Cuirtear deireadh lom láithreach le trádáil agus le comhoibriú leis an Stát marfach santach seo.

  • Criostóir

    Mar is gnách, is féidir le lucht cáinte Iosrael a rogha rud a rá – is féidir a rá gur stát ‘bradach’ é Iosrael, gurb é siúd amháin atá freagrach as an ‘sileadh fola’, go bhfuil ‘cinedhíothú’ á dhéanamh aige, etc. Ach an té ar mian leis Iosrael a chosaint ar líomhaintí gan bhunús den chineál sin agus Hamas a cháineadh, ní fhaomhaítear a chuid tráchtanna. Phostáil mé féin trácht anseo maidin inné agus ní sé faofa go fóill, cé go bhfuil dhá thrácht eile faofa ó shin i leith. Seans go raibh mé ródhian ar Hamas sa mhéid a dúirt mé, an é sin é?