Ciarraí Thiar ag tabhairt aghaidh ar na Crócaigh agus an Ráth Mhór ag fanacht ar an Daingean i gCraobh Chiarraí

Rinneadh an tarraingt do Chraobh an Chontae i gCiarraí ag an deireadh seachtaine

INPHO/Patrick Bolger
INPHO/Patrick Bolger

Rinneadh an tarraingt do Chraobh an Chontae i gCiarraí thar an deireadh seachtaine agus Ciarraí Theas ag iarraidh an chraobh a bhuaigh siad in 2015 a chosaint. Beidh seaimpíní na bliana seo caite ag imirt Chéirín Uí Rathaille sa chéad bhabhta.

Tar éis don Daingean Craobh na gClub a bhuachan in 2015, beidh siad ag súil le céim eile chun cinn a thógáil i gCraobh an Chontae i mbliana agus iad á fhéachaint leis An Ráth Mhór sa chéad chluiche. Tar éis dóibh na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach anuraidh, imreoidh Ciarraí Thiar in aghaidh Chrócaigh Chill Airne.

leagan amach nua ar an gcraobh i mbliana. Bainfidh buaiteoirí an chéad bhabhta áit amach sna cluichí ceathrú ceannais agus imreoidh na hocht bhfoireann a chaill sa chéad bhabhta a chéile chun a n-áit a choinneáil sa chraobh.

Ocht gclub agus ocht bhfoireann a bheidh ag glacadh páirte i gCraobh an Chontae i mbliana. Imreofar an chéad bhabhta an mhí seo chugainn, an 14/15 Bealtaine.

An tarraingt do Chraobh an Chontae

Crócaigh Chill Airne v Ciarraí Thiar

Baile an Mhuilinn/Caisleán na Mainge v An Léigiún

Ceirín Uí Rathaille v Ciarraí Theas

Ciarraí ir v Cill Chuimín

Ciarraí Thoir v Aibhistín de Staic

Naomh Ciarán v Fánaithe na Féile

An Ráth Mhór v An Daingean

Naomh Breandán v Neidín

Fág freagra ar 'Ciarraí Thiar ag tabhairt aghaidh ar na Crócaigh agus an Ráth Mhór ag fanacht ar an Daingean i gCraobh Chiarraí'