Ciarraí in aghaidh Thír Eoghain – scaoil chugainn an ghlam is an gleo!

Deireadh seachtaine caide a chorróidh an croí agus a chuirfidh cuislí ag preabadh

Ciarraí in aghaidh Thír Eoghain – scaoil chugainn an ghlam is an gleo!

Ceithre seachtaine.

Sin a bhfuil fágtha i gcraobh caide na bliana seo. Ceithre seachtaine agus trí chluiche chun glóire agus onóir an chontae a shlánú agus a bhuanú.

Tá tamall ó bhí oiread éiginnteachta fé threo, fé éirim, fé sprid agus fé stíl na gcluichí caide, ach, ar chuma éigin, tá géarú goile agus múscailt spride ag baint leis an éiginnteacht chéanna.

Tá deis ghlórmhar ag Muineachán agus Ard Mhacha araon tráthnóna dul chomh chomh domhain isteach sa chraobh is a chuadar le tamall mór fada.

Tá tuairimíocht ann go mbeidh Doire leo sna babhtaí leathcheannais ach ní féidir neamhní a dhéanamh ach an oiread den gCorcaíochas atá aimsithe an athuair ag an gCorcaíoch.

Tá trí cinn d’fhoirne móra casta leo le mí anuas agus tá buaite acu ar Mhaigh Eo agus Ros Comáin agus iad cloíte ar éigean ag Ciarraí. Sin gaoth sna seolta dhuit má bhí a leithéid riamh ann.

Agus ansan, tá Áth Cliath agus Maigh Eo scoite chun caibidil ghlórmhar eile a bhreacadh i gcóipleabhar a gcoimhlintí.

Níl aon údar, aon saineolaí, aon cholúnaí, ná aon phodchraoltóir ar aon fhocal fé aon cheann de chluichí an deireadh seachtaine agus nach iontach san toisc go dtugann sé cead don gcuid eile againn ár dtuairimí a fhorbairt agus a mhúnlú beag beann ar an ngleo agus ar ghíoscán seachtrach.

Rian O’Neill ©INPHO/Laszlo Geczo

Nach iontach chomh maith, agus an spórt féin faoi léigear agus i mbaol a fhuadaithe ag airgead na himpireachta in áiteanna eile ar fuaid an domhain, go bhfuil cluichí dúchasacha againn féin ag baile an deireadh seachtaine seo a chorróidh an croí agus a chuirfidh cuislí ag preabadh.

Ba iad foireann Átha Cliath  2015-2020 plúr na bhfoirne caide ach i gcaitheamh bhlianta a máistreachta, bhímis de shíor sa tóir ar thréith éigin iontu an tráth seo bliana chun iad a leagadh, tréith a léireodh a ndaonnacht, mar dhea. N’fheadar an gcreideamair riamh go bhféadfaí iad a chloí nuair a bhíodar os cionn a mbuille agus léiríonn torthaí na mblianta úd an easpa creidimh sin.

Ó shleamhnaigh Áth Cliath ón gcloch is airde, is deacair, le stíl na caide, scaoileadh leat féin go huile is go hiomlán ag cluichí sa lá atá inniu ann. Ach tá san ar tí athrú an deireadh seachtaine seo. Tá a gcúis féin ag an uile fhoireann as na hocht gcinn atá fós ina seasamh agus tá san amhlaidh, leis, don lucht leanúna.

Níl aon áit is mó agus is gléine a bheidh san le feiscint ná i measc lucht leanúna Chiarraí agus Thír Eoghain tráthnóna. N’fheadar fé mhuintir ná fé imreoirí Thír Eoghain ach le fiche bliain anuas taibhsíodh dom go raibh an tuiscint a bhí againne mar imreoirí agus an tuiscint a bhí ag ár lucht leanúna glan bunoscionn lena chéile chomh fada is a bhain sé le Tír Eoghain.

Sa chéad chúpla nóimeat den gcluiche iomráiteach sin in 2003, teanntaíodh mé féin agus mo pháirtí Darragh Ó Sé ar an dtaobhlíne ar thaobh Sheastáin Ó hÓgáin. Tá an leathnóimeat a lean greanta agus buanaithe in annála na caide agus inseoidh an stair a scéal féin fé thoradh na himeartha. Bead suite i mo shuíochán cúpla slat ó láthair an áir inniu agus bheinn ag insint éithigh dá ndéarfainn nach n-éalóidh cuimhne na heachtra agus an chluiche sin isteach trí phóirsí na haigne ag pointe éigin.

An rud is aite ar fad fén gcluiche sin, áfach, ná an t-allagar agus an dioscúrsa a lean inár gcontae féin. B’fhéidir go raibh baint ag gaigíocht Pat Spillane leis ach níor bhraitheas riamh agus sinn ag teacht chughainn féin i rith an gheimhridh in 2003 go raibh aon éagóir déanta ag Tír Eoghain orainne ná ar an gcluiche, mar a bhíothas á rá ar shráideanna, ar leaca tinteáin agus ag binnte tí i gcontae Chiarraí. Bhíomarna mar imreoirí gonta agus bailithe linn féin ach bhí ár lucht leanúna ag síneadh na méire i dtreo Mhickey Harte agus Thír Eoghain.

David Clifford Chiarraí agus Pádraig Hampsey Thír Eoghain ©INPHO/James Crombie

B’fhuraist dúinn titim isteach sa trap san dá mba mhaith linn é ach pé féintrua a bhí ag snámh timpeall orainn, dhíbir ár mbainisteoir nua, Jack O’Connor, pras go maith é agus thosnaíomar ar thiargáil do Thír Eoghain in 2004. Nuair a tháinig sé chuige, ní rabhadar romhainn an bhliain úd. An bhliain dár gcionn, áfach, bhíodar romhainn arís sa chluiche ceannais agus cé go rabhamar chomh mór ar tinneall is a d’fhéadfaimis a bheith, bhí forbairt tagtha ar shárimreoirí Uí Néill agus thugadar na cosa leo arís.

Bhíos féin éirithe as fé 2006 ach bhí Tír Eoghain éalaithe leo tríd na mogaill arís, imithe gan tásc ar chuma an taibhse san oíche agus an dála céanna in 2007 nuair a chuir Ciarraí an dá chraobh le chéile. I speach dheiridh an chogaidh in 2008, bhí an lá le Tír Eoghain arís ach gan siolla gaoithe sa tseol acu faoin dtráth go mbuaigh Ciarraí an chraobh in 2009 ina séú cluiche ceannais as a chéile.

Ó shin i leith léireoidh an stair gur bhuaigh Ciarraí in 2012, 2015 agus 2019 agus gur bhuaigh Tír Eoghain ni 2021 ar a slí go dtí’n a gceathrú craobh uile-Éireann. Ceithre chluiche craoibhe an taobh buaite ag an dá chontae mar sin agus inniu an naoú cluiche craoibhe eatarthu ón gcéad cheann i 1986.

Ní fiú deoch uisce na n-ubh an ceacht staire sin inniu, áfach. Níl baint ná páirt aige leis an méid a thitfidh amach idir ceathrú chun a ceathair agus leathuair tar éis a cúig.

Léiriú eile é seo ar an ndealú glan idir cur chuige an imreora agus meon aigne an lucht leanúna. Bíonn an t-imreoir ag cuimhneamh ar cheann scríbe agus ar conas san a bhaint amach. Bíonn an lucht leanúna de shíor dírithe ar an aistear.

Cad atá i ndán dúinn tráthnóna mar sin?

Is deacair a rá le haon chinnteacht ach is dócha go mbeidh Paudie Clifford á leanúint ag Conor Meyler, Paudie Clifford, go raghaidh Tom O’Sullivan anonn ar Darragh Canavan, go ndéanfaidh Niall Morgan iarracht adhmad a baint as an gcic amach fada i dtreo Kennedy agus Kilpatrick i lár an gharraí mar a bhfuil Ciarraí leochaileach, go mbeidh duine nó beirt ón dá thaobh nach dtosnóidh in aon chor (Ruairí Canavan? Paul Murphy?) agus go mbraithfidh cuid mhaith ar cén srian a choimeádfar ar David Clifford.

Níl aon nuaíocht ag baint leis an mbreith seo d’aoinne.

Is dóigh liom, áfach, go gcífidh tú imreoirí Chiarraí chomh teanntásach is a chonaicís riamh iad agus gur fé Thír Eoghain agus fén réiteoir, Brendan Cawley, a bheidh cuid den dteas a bhaint as an gcluiche. Mar iarimreoir sa tseastán, tá súil agam ná bainfidh.

N’fheadar cén fhaid a mhair cogadh na mbó maol ach le ceithre seachtaine fágtha sa chraobh, in ainm Dé scaoil chughainn an ghlam is an gleo.

 

 

Fág freagra ar 'Ciarraí in aghaidh Thír Eoghain – scaoil chugainn an ghlam is an gleo!'