Calling Cards – An anthology of ten younger Irish poets with translations into English
In eagar ag Aifric Mac Aodha agus Peter Fallon
Gallery Press
Cúpla bliain féin ó shin a cuireadh cnuasach dátheangach filíochta amháin i gcló agus seo anois an dara leabhar dátheangach agus léargas eile ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge le fáil ann. Tá sé dodhéanta ag eagarthóir bocht ar bith an focal scoir a aimsiú in abhainn na filíochta.
Tháinig díolaim mhór filíochta Louis de Paor, Leabhar na hAthghabhála (Bloodaxe), chun críche le saothar an fhile, Gearóid Mac Lochlainn. Sa bhliain 1966 a tháinig Mac Lochlainn ar an tsaol agus seans go gceapfá gurbh é ab óige de ghlúin na hathghabhála. Ní fíor nó léiríonn leabhar nua, Calling Cards (Gallery Press agus Éigse Éireann), atá in eagar ag Aifric Mac Aodha agus Peter Fallon, gurb ann don óige agus don athghabháil go fóill.
Deichniúr atá anseo ag Mac Aodha, deichniúr sa bhreis ar rogha de Paor. Tháinig file amháin acu, Marcus Mac Conghail, ar an tsaol sa bhliain 1970; tá filí eile ann a saolaíodh sna 1970í – Caitríona Ní Chléirchín, Proinsias Mac a’ Bhaird, Simon Ó Faoláin, Aifric Mac Aodha; is sna 1980í a tháinig Caitlín Nic Íomhair, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Doireann Ní Ghríofa agus Máirtín Coilféir ar an tsaol agus tá boc an-óg amháin ina measc a saolaíodh sa bhliain 1994, Stiofán Ó hIfearnáin. (Sin fear gurb ar éigean go bhfaca sé Schillaci ag scóráil!)
Tosaíonn aistear filiúnta Mhac Aodha le file as an Dún, Caitlín Nic Íomhair, agus is é, Máirtín Coilféir, fear as an Uaimh, an stad deiridh ar bhóthar seo na rann aici. (Bhí mé minic go leor ar an Uaimh roimhe seo agus bhéarfaidh sé faoiseamh dom an chéad uair go mbím snaidhmthe sa trácht ann gur baile fhile comhaimseartha Gaeilge atá ann!) Idir eatarthu, siúlann Mac Aodha na cúigí agus í ag bailiú dánta léi.
Ó tharla gur leabhar dátheangach atá ann, beidh sé dodhéanta ag an léitheoir Ghaeilge gan súil a chaitheamh anonn ar an téacs Bhéarla. Níl a fhios agam cad é an cur síos is fearr atá le déanamh ar leabhar dátheangach? An ionann é agus an comhrá stadach sin a bhíonn ann nuair a thagann duine le Béarla isteach i gcomhluadar na Gaeilge? Ní mian le duine ar bith bheith drochmhúinte; b’fhearr leat do theanga féin a úsáid, ach bhuel, how are things?
Cé leis an dán? Is leis an fhile Ghaeilge an dán Gaeilge ach an leo an leagan Béarla? Tá cuid de na filí is iomráití i mBéarla mar aistritheoirí anseo ag Mac Aodha – Paul Muldoon, Ciaran Carson, Eiléan Ní Chuilleanáin – agus tá ainm an aistritheora ag barr an leathanaigh ar comhchéim le hainm an fhile Ghaeilge.
Is spéisiúil, gan amhras, mar a thiontaíonn na haistritheoirí na fódfhocail. Is beag is fiú leagan Béarla de dhán Gaeilge a thabhairt d’aistritheoir gan a bheith ag súil go n-imreoidh siad a dtionchar air. I ndeireadh thiar thall, ní Googletranslate atá ar siúl acu. Is filí iad agus rachaidh siad a dhamhsa ar an urlár de réir a nóis féin.
Aimsíonn siad an sprioc in amanna. Is maith liom mar a aistríonn Paul Muldoon dán Choilféir, Goileann Giorria, Gáireann Turtar, mar Harried Hare, Tittering Turtle. Léiríonn Muldoon a chuid buanna féin mar fhile gan na buanna atá i ndán Choilféir a mhúchadh:
‘Ab é nach bhfaighidh mé bás?’ a deirim/idir mo sheanbhabhtaí sclogaíola/’Is it that I think I’m not going to die?’ I wonder,/amid my chuckles and chortles.
Sea, chuckles agus chortles go díreach.
In amanna eile, cuireann an t-aistritheoir a shúil thar a chuid. Dán solasmhar de chuid Mharcuis Mhic Conghail atá ann mar Beirt Bhan Óga. Tugann Medbh McGuckian, Silk Kimonos, ar an cheann seo. Ní hann do shíoda ná do kimono i ndán Mhic Conghail. An bhfuil an file Béarla ag lúbadh an dáin as riocht nó á chumadh as an úr lena samhlaíocht féin?
Mhothaigh mé gáirsiúlacht i leagan McGuckian nár mhothaigh mé i ndán Mhic Conghail:
Bailíonn bean an trasnáin léi/ar rothar a ngrá/is suímse trasna/óna cailín ar an traein/le go mbeinn cóngarach do m’éad/The front seat driver/nips off on their sex-mo-pede/while I insert my frame parallel/to the gazelle boarding the train,/keeping my penis envy under wraps.
Samhlaíonn McGuckian gur éad boid atá ar an fhile i láthair na mná agus a leannán ar shiúl uaithi. Collaíocht a spreagann é, dar le McGuckian. Shamhlaigh mise mar léitheoir gur éad croí a bhí air; bhí sé i láthair ghrá na beirte; mhothaigh sé a gcuid póg agus ghoill a uaigneas féin air. Éad caidrimh a bhí air, éad i láthair beirte a bhí simpatico le chéile, iad doirte go huile is go hiomlán dá chéile, muiníneach i gcuideacha a chéile. ‘Grá’ a scríobhann Mac Conghail; níl ‘sex’ ná ‘penis’ luaite aige – agus bíonn na focail sin in úsáid minic go leor ag an Chailín sa Chathair le go mbeadh siad uilig ar eolas againn faoin am seo. (Agus ‘gazelle’?!)
Lena chois sin, ba cheart a rá arís agus arís eile nach mbeadh rud ar bith le plé againn murach bunshaothrú na bhfilí Gaeilge féin. Tá cnuasaigh foilsithe ag cuid acu i nGaeilge cheana féin – Mac Aodha, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Mac Conghail, mar shampla – agus is ag súil le cnuasaigh nua ó fhilí eile a bheas muid amach anseo.
Cuireann Calling Cards bród ort go bhfuil filí fiúntacha ag saothrú leo i nGaeilge. Ag an am chéanna, is trua leat a bhfuil i ndán dóibh agus an teanga ag trá as aithne an phobail. Bíonn gach aon fhile ag iarraidh an t-adamh a scoilteadh agus a fhocalbhuama féin a phléascadh ach caithfidh lucht na Gaeilge pictiúr den phléasc a chur ar fáil le go dtuigfidh daoine gurb ann don bhuama ar chor ar bith.
B’fhéidir gur chóir dúinn an focal scoir a fhágáil faoi phictiúr. Tá íomhá dheas ar chlúdach an leabhair – seanmheá a bhíodh le fáil i siopaí fadó. Sea, is cuí an íomhá í – idir dhá cheann na meá agus idir dhá cheann an aistriúcháin.
Noli me Tangere
Is aisteach gur ar na leaganacha Bhéarla a rinne filí Bhéarla Gallery Press ar na bundánta Gaeilge a dhíríonn Pól Ó Muirí an léirmheas.
Nár chóir léirmheas a scríobh freisin ar fiúntas na mbundánta Gaeilge agus cé comh “engagé” is atá (nó nach bhfuil) na filí óga seo? Níor luaigh sé go bhfuil an file óg aitheanta Séamus Barra Ó Súilleabháin ar iarraidh sa díolaim nua seo.
Níor thapaigh sé an deis léirmheas macánta a thabhairt dúinn ar dánta na bhfilí óga Gaeilge seo. Tuilleadh de straitéis “Noli me tangere” léirmheastóirí, eagarthóirí, scríbhneoirí agus moltóirí liteartha na Gaeilge.