‘Chomh luath in Éirinn agus is féidir’ a fhoilseofar an plean gnímh cúig bliana don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Bhí an Plean Gníomhaíochta le foilsiú ar dtús i mí Iúil agus ‘deireadh na bliana seo’ a gealladh ina dhiaidh sin, ach tá sé deimhnithe ag Tuairisc.ie gur san athbhliain a bheidh sé ar fáil

‘Chomh luath in Éirinn agus is féidir’ a fhoilseofar an plean gnímh cúig bliana don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

“Chomh luath in Éirinn agus is féidir” a fhoilseofar plean gnímh cúig bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, plean ar gealladh ar dtús go bhfoilseofaí é i mí Iúil agus ina dhiaidh sin “roimh dheireadh na bliana”.

Bhí an Plean Gníomhaíochta le foilsiú ar dtús i mí Iúil na bliana seo agus gheall an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh sa Seanad an mhí seo caite go bhfoilseofaí “faoi dheireadh na bliana seo” é.

Thug McHugh le fios i bhfreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin Peadar Tóibín, áfach, go bhfuil sé i gceist anois an plean a fhoilsiú “chomh luath in Éirinn agus is féidir”.

Dúirt Roinn na Gaeltachta i mí Mheán Fómhair go raibh “moill bheag” ar fhoilsiú an phlean, ach dheimhnigh urlabhraí de chuid na Roinne do Tuairisc.ie gur san athbhliain a fhoilseofar é.

“Beidh sé théis na Nollag sula bhfoilseofar é anois. Le cáipéisí mar seo bíonn go leor oibre agus plé le grúpaí eile i gceist agus tá muid fós ag obair air. Tá ábhar ag teacht isteach ó áiteachaí éagsúla fós, agus is i ndiaidh na Nollag a fhoilseofar é anois.”

Dúirt Joe McHugh an tseachtain seo go bhfuil “freagracht thras-Rannach” i gceist maidir le cur i bhfeidhm an phlean agus go bhfuil “plé ar bun” ag a Roinn leis na “páirtithe leasmhara éagsúla maidir le spriocanna sonracha agus tráthchlár ina leith a aontú”.

“Is é nádúr na hoibre seo go dtógann sé am le nithe a aontú. Ní call a rá go bhfuilim ar an airdeall faoin ngá a chinntiú, oiread agus is féidir, go bhfuil fiúntas leis an gclár beart a mbeifear ag súil leis a chur i dtoll a chéile mar chuid den phlean críochnúil agus tá gá dá réir a chinntiú go bhfuil téagar agus tairbhe le pé bearta a bheidh sa phlean i ndeireadh thiar thall.

“Is féidir a bheith cinnte de go leanfar ag obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha i dtreo a bheith in ann an plean a fhoilsiú chomh luath in Éirinn agus is féidir,” a dúirt an tAire Stáit Gaeltachta.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur leis na Ranna Oideachais agus Leanaí atá an plé is mó á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair. Meastar gurb iad an dá Roinn sin is tábhachtaí sa Phlean nua.

Níos luaithe i mbliana thug iar-aire stáit na Gaeltachta, Seán Kyne le fios go mbeadh an Plean bunaithe ar na tuairimí agus na moltaí atá ar fáil i dtuairisc Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi dhearcadh an phobail i leith na Straitéise 20 Bliain.

Cuireadh an tuairisc sin faoi bhráid chruinniú de Choiste Comhairleach Straitéis 20 Bliain na Gaeilge san earrach agus dúradh go gcuirfí tuairimí bhaill an choiste ina taobh san áireamh chomh maith agus an Plean Gnímh á dhréachtú.

Tá easpa muiníne an phobail i struchtúir na Straitéise luaite go coitianta sa tuairisc a chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i dtoll a chéile do Roinn na Gaeltachta. Tá tuairisc an Acadaimh bunaithe ar thuairimí a léirigh an pobal faoin Straitéis ag sraith cruinnithe poiblí a d’eagraigh Roinn na Gaeltachta agus ar 89 aighneacht a fuarthas ón bpobal.

Tá moltaí maidir leis na tosaíochtaí don Straitéis sa tréimhse amach romhainn le fáil i dtuairisc an Acadaimh chomh maith.

Tuairiscítear i gcáipéis an Acadaimh gur tugadh le fios i roinnt de na haighneachtaí faoin straitéis a cuireadh faoi bhráid na Roinne gur “constaic shuntasach” ar chur i bhfeidhm na straitéise an “easpa maoirseachta agus tuairiscithe” a bhaineann leis an gcúram.

Tugtar le fios sna haighneachtaí céanna go bhfuil “doiléire” i measc an phobail maidir le feidhmiú na straitéise.

Maítear chomh maith nach léir don phobal go bhfuil “ionadaíocht” acu féin i “struchtúir” na Straitéise.

Moltar sa tuarascáil go gcuimseodh an córas tuairiscithe “beartais atá curtha i gcrích, dul chun cinn ar spriocanna eile, an obair reatha agus spriocanna gnímh don ghearrthréimhse, don mheántréimhse agus don fhadtréimhse”.

Moltar chomh maith go mbeadh “amscála soiléir agus sprioc ama luaite le gach gníomh”.

Nuair a foilsíodh torthaí Dhaonáireamh 2016 níos luaithe i mbliana, dúirt Seán Kyne nár ghá “athbhreithniú práinneach” a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ach go raibh sé beartaithe plean nua gníomhaíochta a leagan amach don tréimhse 2017-2022.