Champagne, prosecco nó Cava sa Roinn Gnóthaí Eachtracha? Ní hí sin an cheist…

Beidh sé deacair an corc a chur ar ais sa mbuidéal áirithe seo nuair a thiocfaidh polaiteoirí ag doirse ag iarraidh tacaíochta

Champagne, prosecco nó Cava sa Roinn Gnóthaí Eachtracha? Ní hí sin an cheist…

Champagne, prosecco nó Cava? An ndéanann sé an oiread sin difríochta? Cheapfá ag éisteacht leis an bplé ar fad faoin ócáid sa Roinn Gnóthaí Eachtracha le roinnt seachtainí gur mó tábhacht a bhain leis an leacht a bhí sna gloiní ná an pointe a bhain leis an rud ar fad. Tháinig na daoine seo le ceiliúradh a dhéanamh ar bhua na hÉireann nuair a d’éirigh leis an tír suíochán a bhaint amach ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Sheas siad le chéile chun grianghraf a thógáil. Nuair a rinne siad sin sháraigh said na srianta sláinte phoiblí a bhí i bhfeidhm ag an am. Sin an chuid den scéal atá tábhachtach – seachas céard a bhí á ól acu.

I Sasana is cosúil gur thug oifigigh as Sráid Downing mála taistil chuid an siopa Co-op is gaire dóibh le stoc fíona a cheannach. Ní raibh caint ná trácht ar champagne sa gcás sin. Mar sin féin, bhí an rud céanna á dhéanamh – daoine ag teacht le chéile agus ag sárú rialacha. Anois níl an méid a tharla sa Roinn Gnóthaí Eachtracha baileach chomh tromchúiseach leis an méid a bhí ar siúl i Sráid Downing más fíor na tuairiscí ar fad. Léirigh an méid a chuala muid ó Sue Gray an tseachtain seo gur fíor go leor de.

Sa tír seo, cuireadh fíneáil ar na hoifigigh is sinsearaí a bhí i láthair ag an gcóisir i dTeach Iveagh. Fíneáil, i gcead dá leithéid, nach mbeidh mórán stró orthu í a íoc.  An rud is suntasaí ar fad sa scéal dearcadh an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney. Bhí sé sásta glacadh ón tús leis an míniú nach raibh i gceist ach go raibh na daoine seo tagtha le chéile ar feadh cúpla nóiméad. Mheabhraigh sé do go leor an dearcadh a bhí aige féin agus go deimhin ag an Tánaiste faoin gconspóid anuraidh faoi cheapadh Katherine Zappone i ról speisialta mar thoscaire de chuid na tíre seo chuig na Náisiúin Aontaithe.

Cheap siadsan nach raibh aon dochar ann agus dá réir ba chóir go mbeadh chuile dhuine eile sásta glacadh leis freisin. Agus ar feadh an ama bhí siad ag súil go ndéanfadh an pobal de réir mar a ordaíodh dóibh? Tá daoine an-tuirseach tar éis an dá bhliain seo caite – gortaithe agus goilliúnach. Ceann de na rudaí is mó a chuireann as dóibh go bhfeictear dóibh go raibh rialacha áirithe á gcur i bhfeidhm orthusan fad agus a bhí lucht na cumhachta ag leanacht rialacha dá gcuid féin.

Ní dhéanfar dearmad ar an gcuid sin den scéal go héasca. I ndeireadh an lae is cuma céard a bhí á ól – beidh sé deacair an corc a chur ar ais sa mbuidéal áirithe seo nuair a thiocfaidh polaiteoirí ag doirse ag iarraidh tacaíochta.

Fág freagra ar 'Champagne, prosecco nó Cava sa Roinn Gnóthaí Eachtracha? Ní hí sin an cheist…'