Cérbh é imreoir na bliana, Hegarty, Bennett nó Kelly?

Dá mbeadh vóta ag ár gcolúnaí d’Iománaí na Bliana 2020 ní thabharfadh sé do rogha na coitiantachta é

Cérbh é imreoir na bliana, Hegarty, Bennett nó Kelly?

Tony Kelly, Gearóid Hegarty agus Stephen Bennett. Pictiúir: INPHO

Anocht a bheidh foireann All Stars 2020 agus Imreoir na Bliana á n-ainmniú. I 1958 thosnaigh an comhlacht Texaco ag déanamh urraíochta ar ghradam don iománaí is fearr sa tír. Ba é Tony Wall Thiobraid Árann an chéad bhuaiteoir agus Henry Shefflin an duine deireanach a fuair an gradam sular chuir Texaco stop leis.

Dar ndóigh bronnadh an chuid is mó de na gradaim ar imreoirí as an bhfoireann a thug leo craobh na hÉireann an bhliain sin. Ach bhí eisceachtaí ann anois is arís .

I 1981 ba é laoch fionn Uíbh Fhailí Paddy Delaney an té a ghlac leis an ngradam mór ach ait go leor ní bhfuair sé áit ar fhoireann All Stars na bliana sin. Tráthúil go leor is as an gcontae céanna a tháinig an chéad eisceacht eile i 1994. An uair seo ba é Con na gcéad cath Brian Whelahan a fuair gradam Texaco ach a fágadh amach as an bhfoireann All Stars.

Bhí cúpla bliain ann freisin nuair a bronnadh an Texaco ar imreoir nár bhuaigh bonn chraobh na hÉireann an bhliain sin – Christy Ring i 1958, Tony Doran i 1976, Brian Corcoran i 1992 agus Dan Shanahan in 2007.

Bhuaigh Henry Shefflin trí ghradam agus bhuaigh Brian Whelahan, DJ Carey agus Brian Corcoran an gradam faoi dhó.

Rí na gCat, Henry Shefflin. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Is i 1995 a thosnaigh CLG ag bronnadh gradam d’imreoir na bliana. Ba é Brian Lohan, lánchúlaí fíochmhar an Chláir, a bhuaigh an chéad cheann. Taobh amuigh de chorrbhliain, tháinig an buaiteoir as an gcontae a bhuaigh craobh na hÉireann.

Thosnaigh an GPA ar bhronnadh a ngradam féin in 2001 agus Tommy Dunne as Tiobraid Árann a thug leis an chéad cheann.

Bhí an-mheas ag na himreoirí ar ghradaim an GPA mar gurbh iad na himreoirí a chaith vóta agus a phioc an buaiteoir.

In 2011 deineadh nasc idir gradam CLG agus ceann an GPA agus gradam amháin atá ann ó shin.

Bronnfar an gradam arís anocht agus gearrliosta bhliain eisceachtúil 2020 fógartha. Tá triúr ainmnithe ann a bhí ar fheabhas le linn an tséasúir dhúshlánaigh ghairid a bhí againn an geimhreadh seo caite. Ar bharr an liosta tá rogha na n-údar Gearóid Hegarty a bhí thar a bheith seasmhach maidir le caighdeán a chuid imeartha i ngach cluiche. Rinne sé obair na gcapall mar thosaí agus bhí sé lárnach chomh maith i gcóras cosanta Luimnigh. I gcluiche na linne seo bítear ag éileamh an t-uafás ón líne leatosach. Agus imreoir é Gearóid Hegarty atá sásta an tsíorobair a dhéanamh. Dar ndóigh rinne sé a chuid scórála freisin agus fiche cúilín ón imirt aige.

Gearóid Hegarty. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Roimh chluichí ceannais na hÉireann ba é an Cláiríneach Tony Kelly a bhí chun cinn ar chách. Bhí sé ina Roy of the Rovers sa chéad trí chluiche agus b’amhlaidh an scéal fiú agus é gortaithe do chuid mhaith den cluiche ceathrú ceannais a chailleadar i gcoinne Phort Láirge. Chríochnaigh sé sa dara háit ar an liosta scórála le 1-53. An tríú himreoir atá san iomaíocht d’imreoir na bliana ná Stephen Bennett. Bhí cúilín níos mó ag Bennett ná Kelly. Agus cé nach dtugtar mórán airde ar na cluichí sraithe nuair a bhíonn na gradaim mhóra aonair á mbronnadh, scóráil Kelly 0-68 tsraith.

Ach oiread le Kelly bhí Bennett ina laoch sna cluichí go léir. Thug sé an-cheannaireacht agus bhí sé thar a bheith cruinn leis na pocanna saora sa tsraith agus sa chraobh. 3-24 a fuair Bennett sa chomórtas sraithe.

Toisc gur chaill an Clár an cluiche ceathrú ceannais agus toisc gur críochnaigh a bhliain an tráthnóna sin is dócha nach bhfaighidh Kelly an gradam.

Stephen Bennett (Port Láirge) ag ceiliúradh agus cúl scóráilte i gcoinne an Chláir. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Dá mbeadh vóta agamsa, rud nach bhfuil, bheinn á thabhairt do Stephen Bennett é. Bheinn ag déanamh an cháis gur sheas Bennett amach in aonad tosaithe na nDéise nach raibh leath chomh láidir le haonad Luimnigh.

Ach is dócha nuair a bheidh gach rud ráite agus pléite gurb é ainm Ghearóid Hegarty a bheidh ar an ngradam tábhachtach seo. Tosóidh an bronnadh ar RTÉ ag 6.30pm.

Fág freagra ar 'Cérbh é imreoir na bliana, Hegarty, Bennett nó Kelly?'