Cén treo nua a thabharfadh i dtír Fianna Fáil?

Is cuma cén locht a gheobhadh muid ar Éamon Ó Cuív caithfear a admháil gurb é leas an pháirtí a bhunaigh a sheanathair atá ar a aire

Cén treo nua a thabharfadh i dtír Fianna Fáil?

Sa mbliain 1918 tháinig deireadh le réimeas Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann. Sinn Féin a tháinig i gcomharbacht orthu. Níl sé an fhad sin blianta ó scriosadh an SDLP sna Sé Chontae. Sinn Féin a fuair buntáiste as sin. Tá chuile chosúlacht ar an scéal anois go bhfuil ré Fhianna Fáil beagnach thart. Aríst is iad Sinn Féin atá ar fáil lena mbróga a líonadh.

Fear é Éamon Ó Cuív a bhfuil an-tuiscint ar an stair aige. Is cuma cén locht a gheobhadh muid air caithfear a admháil gurb é leas an pháirtí a bhunaigh a sheanathair atá ar a aire. Sin agus leas na tíre mar a fheictear dósan é.

Tá seisean a rá le tamall nach mórán atá i ndán d’Fhianna Fail mura n-athróidh siad cúrsa.

Creideann daoine amhrasacha gur cantal atá air faoin gcaoi ar thug Micheál Martin ísliú céime dó sa bpáirtí. Sin breithiúnas nach bhfuil ceart ná cóir.

An chuid againn atá ag teannadh amach sna blianta is cuimhin linn an t-am a raibh cumhacht an-mhór ag Fianna Fáil agus ag an Eaglais Chaitliceach. D’imigh sin agus tháinig seo. Tháinig lagan mór ar an Eaglais Chaitliceach freisin idir an dá linn.

Ba spéisiúil an scéal é sin a bhí i gceann de na nuachtáin náisiúnta le gairid i dtaobh sagart paróiste a ghlaoigh ar Theachta Dála le Fianna Fáil nuair a thaispeáin pobalbhreith go raibh tacaíocht Fhianna Fail tite go dtí 10%.

Dúirt sé leis an Teachta Dála nuair a thosaigh éigeandáil na hEaglaise fiche bliain ó shin nár tugadh aon aird ar na comharthaí meatha an uair sin. B’eagal leis gurb amhlaidh an cás anois ag Fianna Fáil.

Is é an rud céanna a bheag nó a mhór atá á rá ag Éamon Ó Cuív.

Deacracht mhór amháin atá ag Fianna Fáil nach bhfuil mórán muiníne ag go leor de na baill as Micheál Martin. Bhí sé de mhisneach ag Marc McSharry a rá go bhfuil Varadkar ag déanamh beithé de. Ag déanamh bobaide de a déarfaí i gcaint Ros Muc.

Is é Varadkar an Tánaiste ach shílfeá ón gcaoi a mbíonn sé ag caint gurb é an Taoiseach é.

Bhí ag éirí go maith leis an gcaoi a raibh Varadkar ag cur scéal an víris i láthair sular cuireadh an comhrialtas le chéile. Go deimhin tá daoine ann a cheapann anois gur ó tháinig Micheál Martin i gcumhacht a thosaigh an útamáil rialtais faoin víreas as éadan .

Ní breithiúnas cóir é sin ach an oiread sa méid is go raibh sé níos éasca déileáil leis an ngalar i dtús aimsire ná anois. Go deimhin bhí tacaíocht mhaith ag ceannairí ar fud na hEorpa nuair a thosaigh Covid-19 ag scaipeadh. Thit a dtacaíocht i measc an phobail ó shin. Má thit níor thit tacaíocht Fhine Gael.

Tá a scéal féin sna figiúirí a tháinig as an bpobalbhreith is deireanaí.

Is cosúil go bhfuil Fianna Fáil taobh le 4% tacaíocht i mBaile Átha Cliath.

An bhfuil aon slánú i ndán d’Fhianna Fáil? Creideann Éamon Ó Cuív nach bhfuil mura n-athróidh siad béasa go luath. Ar an drochuair níor mhínigh sé fós cén treo nua a thabharfadh i dtír iad.

Is dócha go bhfuil sé ag smaoineamh ar na bunphrionsabail a bhí ag Éamon de Valera ach na prionsabail sin a bheith curtha i bhfeiliúint don saol nua.

Bhí Fianna Fáil sách maith nuair a tháinig siad i gcumhacht sna tríochaidí. Bhí siad ar son an té a bhí thíos agus ní raibh fonn orthu cos a bhualadh air.

Ba mhór acu saoirse na hÉireann agus sheas siad go daingean le neodracht na tíre.

Chuir lucht na gcultacha móihéir agus TACA deireadh leis an leagan amach sin.

Ní fhágfar ach dhá pháirtí mhóra sa deireadh agus ní bheidh Fianna Fáil ar cheann acu, a dúirt Éamon Ó Cuív.

Ar dhuine acu siúd atá ag coinneáil súil ar chúrsaí tá Eoghan Harris. Nuair a thiocfas lá na cinniúna, ar seisean, rachaidh cuid de na Fianna Fáiligh atá imníoch le Sinn Féin, agus gheobhaidh “an chuid is fearr acu” ballraíocht i bhFine Gael.

Mar is eol don saol Fódhlach bíonn Eoghan Harris ceart i gcónaí.

Fág freagra ar 'Cén treo nua a thabharfadh i dtír Fianna Fáil?'

  • Seán Mag Leannáin

    Achoimre mhaith ag Alan Titley ar an ngéarchéim i bhFianna Fáil ina cholún san Irish Times inné: “Thréig an mheánaicme FF toisc go raibh páirtí ceart méanaicmeach acu cheana féin agus cén fáth a mbeadh smugacheirt bhréige acu in ionad an chiarsúir shíoda a bhí ar fáil cheana féin; thréig an lucht oibre iad toisc go raibh dreamanna eile nach raibh leithscéalach d’fhonn cur ar son a gcearta; agus thréig poblachtánaigh bhoga iad – is é sin daoine a mhothaigh ina gcroí istigh go raibh dearmad ar fad á dhéanamh ar cheist na sé chontaetha – toisc gur tháinig páirtí eile chun cinn a chuir an cás sin i lár an aonaigh.”

  • Poraic o'hEipicín

    Tá ceannra nua atá eagal Dé air, De dith ar FF.