Cén toradh a bheidh ar mhargadh Merkel agus Schulz?

Níl aon dabht ach oiread faoin athrú meoin agus polasaí atá ag teacht i réim sa Ghearmáin

Cén toradh a bheidh ar mhargadh Merkel agus Schulz?

Angela Merkel. Pictiúr: Photocall Ireland/David Sleator/The Irish Times

Is dlúthchuid den saol polaitiúil é geallúint a chaitheamh i leataobh. Ainneoin an amhrais a chothaíonn an tsean-ealaín, ní bheidh iontas ar dhuine ar bith má chloistear a thuilleadh geallúintí agus Mary Lou McDonald ag dul i gceannas go foirmiúil ar Shinn Féin ag ardfheis speisialta an pháirtí.

Déarfaidh urlabhraithe Fhine Gael agus Fhine Gael arís eile nach rachaidh siad i gcomhrialtas le Sinn Féin tar éis an chéad olltoghcháin eile. Is fiú cuimhneamh ar a ndúirt Martin Schulz tar éis olltoghchán na Gearmáine agus na geallúintí abhus á meá.

Go gairid tar éis an chomhairimh, gheall Schulz, ceannaire na nDaonlathach Sóisialta (SPD), nach rachadh sé i gcomhrialtas leis an Seansailéir Angela Merkel “go deo”. Sheas sé lena fhocal ar feadh cúpla mí, ach d’fhógair sé a mhalairt Dé Céadaoin agus margadh nua comhrialtais á fhógairt aige agus Merkel ina theannta.

Beidh Schulz ina aire gnóthaí eachtracha sa rialtas nua, má thugann móramh san SPD tacaíocht don mhargadh a rinne sé. Ní beag an ‘má’ sin, agus fearg ar mhórán sa pháirtí nach bhfuil an gheallúint shoiléir a thug Schulz cúig mhí ó shin á comhlíonadh aige. Ní féidir tréimhse eile éiginnteachta ná fiú toghchán eile a chur as an áireamh.

Mar sin féin, glactar leis thall gur comhrialtas a bhunófar faoi dheireadh agus gurb í Angela Merkel, nó tar éis tamaill, b’fhéidir, a comharba, mar cheannaire ar na Daonlathaigh Chríostaí (CDU), a bheas mar Sheansailéir.

Níl aon dabht ach oiread faoin athrú meoin agus polasaí atá ag teacht i réim sa Ghearmáin. Fiú má thugann cosmhuintir an SPD droim láimhe don mhargadh a rinne Schulz, is ar éigean a tharraingeoidh rialtas nua siar ón gcuid is mó de na beartais nua a fógraíodh Dé Céadaoin.

Ó toghadh Merkel mar Sheansailéir den chéad uair in 2005, chuir sí béim ar chomhardú fioscach agus ar dhéine airgeadais. Tá cur chuige de chineál eile ar fad beartaithe aici anois, de réir an chomhréitigh leis an SDP.

Caithfear 50 billiún ar fheabhsú an chórais leasa shóisialaigh, ar thithíocht, ar an gcóras oideachais agus ar scéimeanna infreastruchtúir. San áireamh, tá scéim a chuirfidh mórshaothar nár tugadh chun críche fós in Éirinn i gcuimhne do mhórán sa tír seo: feabhsú an chórais leathanbhanda.

Beidh tionchar tábhachtach ar an Eoraip ag an gcaiteachas breise seo ar fiú aird a thabhairt air. Is caoile dá bharr an caolseans a bhí ann roimhe seo go n-athródh dearcadh rialtas na Gearmáine ar fhiacha bainc, ar fhiacha rialtais ná ar bhochtaineacht i mballstáit an AE.

Ní léir fós cén toradh dáiríre a bheas ar an gcaint go léir ar fud an AE ar chleasanna, gabhaim mo leithscéal, ar chur chuige dleathach na gcomhlachtaí ilnáisiúnta chun éalú ó cháin. Ach neartóidh an comhrialtas nua i mBeirlín an brú béil, ar a laghad, ar chóras cánach na hÉireann.

Dúirt Schulz le linn an fheachtais toghcháin go ndéanfadh sé gach dícheall chun córas cáin chorparáideach an AE a chomhchuibhiú. An riachtanas, dar leis: srian a chur ar chórais a chuidíonn le mórchomhlachtaí éalú ó cháin, le cabhair ó thíortha ar nós na hÉireann.

Is é bun agus barr an scéil nach féidir iachall a chur ar rialtas ar bith san AE glacadh le rialacha cánachais murar mian leo. Ach ab é an brú a chuirfidh na comhráite faoin Bhreatimeacht atá romhainn ar chaidreamh na tíre seo le ballstáit eile, ní bheadh mórchúis imní ag rialtas na hÉireann. 

Beidh toradh fiúntach amháin ar bhunú rialtais i mBeirlín maidir leis an mBreatimeacht. Neartóidh an rialtas nua an brú ar an mBreatain, toisc nach bhfuil páirtithe na Gearmáine ar aon tuairim faoin rogha chrua a chuirfidh an tAontas Eorpach faoi bhráid Theresa May.

Bhí sampla dá meon, agus de chaint dhíreach na nGearmánach maidir le cúrsaí na hÉireann, in alt faoi chúrsaí na tíre seo a foilsíodh sa nuachtán gnó Handelsblatt Dé hAoine.

Rinne Carsten Valkery, comhfhreagraí Handelsblatt i Londain fonóid faoi ráitis Theresa May go dtarraingeodh an Ríocht Aontaithe amach as margadh aonair an AE agus go mbeadh teorainn oscailte ag an tír leis an AE dá ainneoin. 

“Ní féidir leat an dá rud a roghnú,” a thairg sé mar chomhairle dhíreach don phríomh-aire. Maith an fear, Carsten! Tá sé thar am ag ceannairí an AE an fhírinne lom a mhíniú dár gcomharsana. Ní leor an chaint dhíreach a fhágáil faoi Michel Barnier amháin.

Fág freagra ar 'Cén toradh a bheidh ar mhargadh Merkel agus Schulz?'

  • Eoin Ó Murchú

    De bharr brú ó bhaill an SPD tá Schulz tarraingthe siar mar aire ghnóthaí eachtracha. Níl aon ról foirmiúil aige anois in aon chuid den SPD. Lagóidh sé sin an brú chun feidearálachais san Aontas Eorpach is dócha ach cén fhaid a mhairfidh an rialtas anois má thagann sé ar an saol ar chor ar bith?