Cén t-am den lá a mbíonn tú ag scríobh?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Chuile dhuine agus a rithim oibre féin, ach ba cheart don scríbhneoir dul i mbun pinn nuair a bhíonn obair le déanamh

Cén t-am den lá a mbíonn tú ag scríobh?

‘Cén t-am den lá is fearr leat a bheith ag scríobh?’

Caithfidh sé gurb í sin ceann de na ceisteanna is minice a chuirtear ar scríbhneoirí.

Shíl mé riamh gur ceist saghas amaideach í.

Ní chuirfeá ceist ar phluiméir cén t-am den lá is fearr leis a bheith ag pluiméireacht.

Bíonn an pluiméir ag pluiméireacht nuair a bhíonn píopa briste, nuair a bhíonn doirteal nua le cur isteach, nuair a bhíonn draein an fholcadáin plúchta ag gruaig agus saill. Bíonn an pluiméir ag obair nuair a bhíonn obair le déanamh. Agus sin é, dar liom, an dearcadh ba cheart do scríbhneoir a bheith aige ar a sceideal oibre féin chomh maith.

Sin ar fad ráite, tá cúis ann, dar liom, go mbíonn iriseoirí ag iarraidh fáil amach cén t-am den lá a bhíonn scríbhneoirí i mbun oibre. Go minic, tugann an cheist sin léargas gan choinne ar shaol príobháideach an údair a bheadh faoi agallamh.

Seo mar a d’fhreagair an t-údar as Meiriceá, Curtis Sittenfeld, an cheist an lá cheana ar an suíomh liteartha LitHub, ‘I write for a few hours in the morning, after dropping my kids off at school’.

Freagra neamhurchóideach, ach ar an bpointe boise, tá íomhá againn de Curtis Sittenfeld, an duine – seachas Curtis Sittenfeld, an t-údar. Máthair í. Agus in ainneoin gur údar mórdhíola í, níl feighlí leanaí aici a thabharfadh a clann chuig an scoil. Samhlaímid Sittenfeld i dtranglam tráchta na maidine, ag breathnú thar a gualainn agus ag fógairt ar a cuid páistí gan a bheith ag bualadh a chéile.

Dála Sittenfeld, is iomaí údar arbh fhearr leo a bheith i mbun pinn ar maidin ná am ar bith eile sa lá. Ach bheadh dul amú ar an té a cheapfadh go bhfuil chuile scríbhneoir mar a chéile.

I lár na hoíche a scríobh an scríbhneoir iomráiteach ón mBrasaíl, Clarice Lispector – bean a mbíodh deacrachtaí codlata ag cur as di go síoraí seasta – an chuid is mó dá saothar. 

San oíche, idir luí na gréine agus an t-am go dtiteann a néal air, a bhíonn dlúthchara liom as an Ísiltír ag obair freisin. Scríbhneoir neamhfhicsin é Marcelino Lopez, ach surfálaí é chomh maith. Ní féidir surfáil san oíche agus dá bharr sin is annamh a bhíonn sé i mbun pinn i rith an lae.

Bhínn féin ar dhuine de na scríbhneoirí seo arbh fhearr leo an mhaidin ná am ar bith eile sa lá, ach le blianta beaga anuas is é an tráthnóna, idir am lóin agus a trí nó a ceathair a chlog, an t-am is fearr liom le peann a chur ar pháipéar. Idir an bolg lán agus marbhtheas an trátha sin den lá sna críocha ina bhfuil cónaí orm, tagann saghas bogmhasmas orm a dtagann m’fhochomhfhios i dtír air. An néal sin orm (ach pota caife le mo thaobh ar eagla go bhfaigheadh an codladh an ceann is fearr orm) téim i mbun pinn. An chéad rud eile, beidh trí nó ceithre leathanach líonta agam.

Mholfainn do chuile dhuine a bheadh ag tosú amach ar cheird na scríbhneoireachta triail a bhaint as amanta éagsúla sa lá, féachaint cén tráth ab fhearr a thaitneoidh leis agus leas a bhaint as an uain sin nuair is féidir, ach ag deireadh an lae ba cheart go mbeadh scríbhneoir in ann dul i mbun oibre am ar bith a mbíonn scéal le scríobh. Ní fhágfadh pluiméir píopa briste ag stealladh uisce ach an oiread.

Fág freagra ar 'Cén t-am den lá a mbíonn tú ag scríobh?'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Is líofa an scríbhneoir é Alex. Cén mí-adh an diabhail atá ar mhuintir na hÉireann chor ar bith nach bhfuil in ann aithris a dhéanamh air, Gaeilge a fhoghlaim agus a dhul i mbun pinn mar a rinne seisean?