Cén pláinéad ar a gcónaíonn na Tráchtairí Móra le Rá seo ar chor ar bith?

Tá faitíos ar ár gcolúnaí go mbíonn muid i bhfad rómhúinte agus róleithscéalach agus sin ag plé le tuairimíocht na dTráchtairí Móra le Rá

georgehook

Is gearr ó dúirt an craoltóir agus an tráchtaire ar chúrsaí rugbaí, George Hook, nach é an rugbaí ach an sacar cluiche an phobail sa tír seo. Ní raibh náire ar bith air é a rá.

Seo mar a dúirt sé: ‘Rugby is still primarily the sport of choice of fee-paying schools. No matter how hard we try, we rugby people can’t say that this game is the game of the people. The game of the people is soccer…’

Cén pláinéad ar a gcónaíonn na Tráchtairí Móra le Rá seo ar chor ar bith? Ar chuala George Hook trácht ariamh ar Pháirc an Chrócaigh nó an raibh sé ariamh ag cluiche maith iománaíochta?

Shílfeá mura mbeadh ann ach sracfhéachaint a fháil ar chluiche Gaelach ar an scáileán teilifíse nach bhféadfadh an t-eolas a dhul thairis.

Tá suas le 2,500 club ag Cumann Lúthchleas Gael in Éirinn. Níor ghá do George Hook a dhul thar Chontae Átha Cliath féin lena fháil amach go bhfuil os cionn 200 club ag CLG sa gcontae sin.

Cé mhéad club atá ag an FAI?

Maidir le himreoirí a bheith ag imirt cluichí, tá sé ag luí le réasún go mbíonn i bhfad Éireann níos mó ag imirt na gcluichí Gaelacha chuile dheireadh seachtaine ná a bhíonn amuigh ar na páirceanna sacair.

Níl locht ar bith agamsa ar an sacar ná ar an rugbaí ach níor ghá do George Hook ach breathnú ar an idirlíon agus d’fheicfeadh sé go soiléir go nglactar leis abhus agus thall gurb iad na cluichí Gaelacha is mó a bhfuil tóir orthu sa tír seo.

Ó thaobh freastal ar chluichí, bheadh díomá ar Chumann Lúthchleas Gael mura mbeadh os cionn 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh lá an chluiche ceannais. Imríodh príomhchluiche an FAI an lá faoi dheireadh idir Cathair Chorcaí agus Dún Dealgan. 25,000 duine a bhí i láthair.

Bheadh an méid sin ag cluiche maith camógaíochta agus ní ag maslú na mban atá mé mar is mór mo mheas ar na héachtaí a dhéanann siad sna cluichí Gaelacha, go háithrid ó thosaigh TG4 ag léiriú a gcumais dúinn.

Seoiníneachas is bun agus is barr leis na tuairimí atá ag leithéidí George Hook. Ní hiad gnáthmhuintir na hÉireann is mian leo a léiriú.

Blianta fada ó shin, d’fhiafraigh an scríbhneoir Dónall Ó Corcora cé a léireodh sa litríocht na daoine a bheadh ag Cluiche Ceannais Iománaíochta na Mumhan i nDurlas Éile? Rinneadh magadh faoi ó shin.

Fiú amháin an file Seamus Heaney, bhí sé ag tabhairt le tuiscint gur ‘nativist’ a bhí in Ó Corcora, cibé rud a chiallaíonn ‘nativist’ sa gcás seo.

An chaint sin a rinne Dónall Ó Corcora faoi chluiche ceannais na Mumhan, chuir sé i gcuimhne dhom an chomhairle a chuir W.B.Yeats ar John Millington Synge nuair a dúirt sé leis gur cheart dhó a dhul go hÁrainn: ‘Go to Aran and give expression to a life there that has never found expression.’

Cén chaoi ar cheart dúinne, Gaeil, déileáil le leithéidí George Hook?

Tá faitíos orm go mbíonn muid i bhfad rómhúinte agus róleithscéalach agus muid ag plé le daoine mar é. Bíonn imní ar chuid mhór againn i gcónaí go gceapfaí nach bhfuil muid ‘leathanaigeanta’.

Caithfidh muid a bheith ‘inclusive’ , a deirtear linn, chomh maith is go mbíonn meas ag dream ar bith ar dhaoine nach mbíonn meas acu orthu féin.

Nuair a chloisimse duine ag déanamh gaisce as gan aon Ghaeilge a bheith aige, fiafraím de ar an bpointe an raibh sé ag éisteacht le ranganna Gaeilge sa mbunscoil, sa meánscoil agus ag an ollscoil? Nuair a fhreagraíonn sé go raibh, fiafraím de ansin arb eisean nó an múinteoir a bhí mall, nó an mbeadh baol ar bith gur taom den seoiníneachas a choinnigh dall é?

Is iondúil go bhfiafraíonn sé ar ais díom an gceapaim gur fearr an tÉireannach mé ná an té nach bhfuil aige ach Béarla? Deirim leis nach gceapaim ach gur cinnte gur fearr a thuigim Éire agus muintir na hÉireann ná an duine atá taobh le Béarla.

Chuir muid Joe McHugh go dtí Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. Caithfidh muid cuid de na Tráchtairí Móra seo a chur ann freisin.

Thagair mé don fhile Seamus Heaney ar ball. Lena cheart a thabhairt dó, thuig sé tábhacht na Gaeilge. Níl sé i bhfad ó foilsíodh cuid dá chuid cainte faoin nGaeilge ar Tuairisc.ie. Níor mhiste an ráiteas sin a thabhairt do na Tráchtairí Móra agus iad ar a mbealach go dtí an Gleann.

Seo mar a dúirt Heaney: ‘Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding life in this country’.

Fág freagra ar 'Cén pláinéad ar a gcónaíonn na Tráchtairí Móra le Rá seo ar chor ar bith?'

  • seamus

    Peidhce ‘madáin é Hook a shíleann gur scata babún is ea sinn, cuid den ‘consensus’ is ea é ach é ag ligean air gur radaiceach atá ann, labhrann sé go teann fuinniúil I gcónaí ach is bladar agus baothchaint a bhíonn ar siúl aige formhór an ama (seachas cúrsaí rugair); prapa de chuid lucht an chinsil agus Fhine Gael. An bhfaigheadh a leithéid éisteacht ar na meáin aon áit eile? Na daoine atá gan Ghaeilge sa tír seo tugann said fúithi toisc (a) náire (b) féin-ghráin (c) aineolas a bheith á n-ithe.