Cén fáth go mbíonn orm a bheith síoraí ag caint faoin nGaeilge?

Léirigh scéal a foilsíodh an tseachtain seo faoin Ardteist gurb í an Ghaeilge a bhíonn ar aghaidh na bpiléar i gcónaí nuair atá cinneadh le déanamh

Cén fáth go mbíonn orm a bheith síoraí ag caint faoin nGaeilge?

Airím laethanta go gcaithim mo shaol ag caint ar Ghaeilge. Labhraím Gaeilge chuile lá – sí mo theanga dhúchais í, sí teanga ár dteaghlach í agus sí mo theanga oibre í. Tá mé i mo chónaí i gceantar atá fós ina ceantar Gaeltachta sách láidir agus tá mé in ann uaireanta lá a chaitheamh gan focal ar bith Béarla a labhairt.

Cén fáth gur díol iontais dom an méid sin? Mar chomh maith le bheith ag labhairt na Gaeilge, bím ag caint faoin nGaeilge. Ní díograiseoir mé, ní gníomhaí mé. Is bean Ghaeltachta mé a oibríonn mar chraoltóir trí mheán na Gaeilge. Agus, faraor, mar gheall ar an gcaoi go gcaitheann an Stát agus córais riaracháin na tíre leis an teanga is minice ná a mhalairt go mbíonn muid ag caint ar chonstaic a bhaineann le húsáid na teanga nó foghlaim na teanga.

An tseachtain seo bhí scéal ann faoin gcinneadh atá déanta ag an Roinn Oideachais agus an tAire Norma Foley go dtabharfaí na chéad pháipéir sa nGaeilge agus sa mBéarla i scrúdú na hArdteiste chun cinn go dtí deireadh an chúigiú bliain. Mar gheall ar go bhfuil eagraíochtaí Gaeilge ag obair le seasamh na teanga sa gcóras oideachais a neartú ar mhaithe le seasamh na Gaeilge trí chéile a neartú, lorg siad eolas faoin gcinneadh agus an bunús a bhí leis.

Léirigh na cáipéisí a fuarthas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, agus ar foilsíodh eolas fúthu Dé Luain, nach raibh bunús ar bith ó thaobh an oideachais leis an moladh. Go deimhin, bhí an chuma ar an scéal gur gníomh caidreamh poiblí is mó a bhí i gceist, gníomh ar mhaithe le tabhairt le fios go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar an mbrú atá ar dhaltaí Ardteiste.

Dá mbeadh bunús oideachais leis cén fáth ar cuireadh deireadh leis an moladh céanna i gcás na Matamaitice? An é nach mbíonn brú ar dhaltaí agus iad ag tabhairt faoin Matamaitic san Ardteist. Chaithfinn a rá, i mo chás féin, nuair a thug mé faoin Ardteist blianta fada ó shin gur mó brú a chuir an mhatamaitic orm mar nach raibh mé go maith leis na huimhreacha.

Táthar ag impí anois ar an Aire dul siar ar a cinneadh. An cheist a bheadh agamsa ná cén fáth go ndírítear ar an nGaeilge i gcónaí? Nach mbeadh an oiread céanna fiúntais ó thaobh laghdú brú de an páipéar Fraincise a thabhairt chun cinn go dtí deireadh an chúigiú bliain? An amhlaidh go gceaptar nach bhfuil mórán againn ann (lucht labhartha na Gaeilge) agus dá réir go mbeidh sé níos éasca an chluain a chur orainn? Baineann an cheist chéanna le seirbhísí dochtúra a bheith ar fáil dúinn nó dár gcuid gasúr nó comhfhreagras ón Stát a bheith ar fáil trí Ghaeilge.

Cén fáth go gcaithim a bheith síoraí ag caint faoin nGaeilge seachas díreach mo shaol a chaitheamh trí Ghaeilge, mo theanga dhúchais? Nár bhreá na rud dá mba díol iontais é a bheith ag caint faoi nGaeilge seachas a bheith ag caint faoin aimsir nó luach na pheitril?

Fág freagra ar 'Cén fáth go mbíonn orm a bheith síoraí ag caint faoin nGaeilge?'

  • Peadar Ó Máille

    A Mháirín, tá an ceart ar fad agat! Ní athróidh an scéal sin faraor, mar go gcreidim go bhfuil an Ghaeilge cosúil leis an gcráin a ligeanns dho chuid dhá hál diúl uirthi ach go gcuirfidh sí an chuid eile dhá bainbh in aer le go n-íosfaidh sí iad len í féin a choinneáil beo.

  • Muireann Ní Mhóráin

    Tá an cuma air seo gur glacadh le moladh gan plé leis na fíor-pháirtnéirí. Cé go dtuigim na moltaí faoi strus, is é an páipéar litríochta a chuireann strus. Má tá Páipéar 1 le bheith ann sa chúigiú bliain, cé nach n-aontaím, ba cheart fáil réidh le cur i gcéill staidéar na litríochta agus díriú isteach ar labhairt agus scríobh na teanga sa séú bliaain.

  • Seán

    Is beag tionchar atá ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta is léir. Cur amú acmhainní stáit agus cur i gcéill?

  • Máiread

    Maith thú Máirín. Is trua an scéal. Ní aontaím le plan Norma Foley.

  • pádraig ÒMuircheartaigh

    An fáth go bhfuil sè ar intinn ag an Rialtais an gnìomh sin a dhèanamh mar tá dhá pháipèar I gceist.Aontaìm leis an gcinneadh

  • Dónall

    Quangos na Gaeilge is cúis leis seo.