‘Easy win’ – bogadh scrúdú Gaeilge na hArdteiste in ainneoin imní faoi impleachtaí ‘tromchúiseacha’

Deir Conradh na Gaeilge gur cheart don Aire Oideachais Norma Foley dul siar ar a cinneadh scrúduithe Gaeilge agus Béarla a bhogadh go dtí Bliain a 5

‘Easy win’ – bogadh scrúdú Gaeilge na hArdteiste in ainneoin imní faoi impleachtaí ‘tromchúiseacha’

Chinn an tAire Oideachais Páipéar a hAon do scrúdú Gaeilge na hArdteiste a bhogadh go dtí an cúigiú bliain in ainneoin gurb í an tuairim a bhí ag státseirbhísigh shinsearacha go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ag a leithéid d’oideachas na ndaltaí.

Léiríonn cáipéisí a fuarthas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur chuir Príomh-Chigire na Roinne an moladh go ndéanfaí cuid den Ardteist  ag deireadh an chúigiú bliain i láthair mar ‘easy win’ a d’fhéadfadh an tAire a fhógairt mar chuid den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach.

Léiríonn na cáipéisí gur socraíodh dul ar aghaidh leis an ‘easy win’ seo in ainneoin go raibh imní mhór faoin moladh ar oifigigh shinsearacha sa Roinn, i gCoimisiún Scrúduithe an Stáit agus sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoin bplean.

Ar an 7 Lúnasa 2021, chuir Harold Hislop, a bhí ina Phríomhchigire sa Roinn ag an am, ceist ar chomhghleacaí dá chuid faoi dháta na scrúduithe a athrú.

“Further to conversation with NCCA and Minister on Senior Cycle, are there elements of the package of change that could be advanced at an early stage as ‘easy wins’…

“Could we introduce some early assessment changes? What would they be?…Sitting of exams spread out – eg. Some exams at Christmas of year 6?”

Léirítear sna cáipéisí a fuair Conradh na Gaeilge faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise agus a bhfuil scagadh déanta ag Tuairisc orthu, gur sna seachtainí ina dhiaidh sin a thosaigh oifigigh ag trácht ar na húdair imní a bhí acu faoin bplean.

Dúradh i nóta a seoladh ar an 20 Lúnasa, mar shampla, “it must be remembered that the earlier a component is assessed the less the overall examination is an accurate representation of the candidate’s achievement at the end of the programme of study”.

Is as ag caint faoi scrúduithe a bhogadh go dtí mí na Nollag sa séú bliain a bhíothas ag an bpointe seo.

Measadh chomh maith go raibh an baol ann go gcuirfeadh an t-athrú “ualach breise” ar scoileanna, ar dhaltaí agus ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Bheadh buachaillí go háirithe faoi mhíbhuntáiste toisc iad a bheith níos moille ag teacht in aibíochta.

An tAire Oideachais, Norma Foley. Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Faoin 9 Meán Fómhair ba chosúil go raibh sé socraithe go rachfaí ar aghaidh leis an bplean agus Páipéir a hAon na Gaeilge agus an Bhéarla a bhogadh go dtí deireadh bhliain a 5.

“The Minister could state that she had asked the SEC to alter the timing of Paper One in Irish and English in Leaving Cert 2024 and to consider the feasibility of also altering the timing of Paper One in Mathematics as soon as possible,” a dúradh i ríomhphost a seoladh sa Roinn.

Ar an 5 Deireadh Fómhair scaipeadh nóta plé sa Roinn inar dúradh go gcaithfí na trí ábhar a scagadh go cúramach, ceann ar cheann, féachaint conas ab fhearr na hathruithe a chur i bhfeidhm ó thaobh an teagaisc de.

Ach bhí an chuma ar an scéal go raibh cinneadh déanta cheana faoi dhul ar aghaidh leis an bplean agus is ag trácht ar na scrúduithe a athrú go dtí deireadh an chúigiú bliain a bhíothas anois.

Ar an 20 Deireadh Fómhair, i gcáipéis den teideal ‘Decision and Announcement’, cuireadh ceist ar imeall an leathanaigh faoi cén uair a bhí na scrúduithe le bheith ann – deireadh an chúigiú bliain nó mí na Nollag sa séú bliain.

An lá roimhe sin bhí cruinniú fada ag oifigigh shinsearacha na Roinne le hoifigigh ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit agus ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

Sa chomhfhreagras idir oifigigh na Roinne, dúradh go raibh “serious concerns” ag daoine ag an gcruinniú faoi na scrúduithe a bhogadh. Údar imní a bhí ann ar bhonn oideachais, a dúradh. Bheadh tionchar diúltach ag an moladh ar “the integration of the subject and how it is taught” agus bhí amhras ann chomh maith an mbeadh daltaí ullamh don scrúdú.

Dúradh go bhféadfaí na scrúduithe a bhogadh go dtí mí na Nollag sa séú bliain gan aon athrú mór a dhéanamh ar chúrsaí na Gaeilge ná an Bhéarla. Dúirt Coimisiún Scrúduithe an Stáit, áfach, go gcaithfeadh meascán a bheith sna páipéir, is é sin go mbeadh gnéithe den litríocht agus de na scileanna  teanga ar Pháipéar a hAon agus ar Pháipéar 2.

Macalla a bhí ansin ar thuairimí duine de phríomhoifigigh na Roinne a bhí ag plé leis an scéal.

Ar an 13 Deireadh Fómhair 2021, dúirt an príomhoifigeach nach mbeadh sé stuama aon fhógra a dhéanamh faoin bplean.

“Without having worked through the types of assessment, it would be imprudent to make initial high profile announcements…”

Dúradh chomh maith go mbainfeadh “dúshlán mór” le scrúduithe a reáchtáil aimsir na saoire agus gur ar éigean go bhféadfaí a bheith ag iarraidh ar dhaoine ‘íobairt’ a dhéanamh ó thaobh laethanta saoire de.

Dúradh go raibh gá le “some circumspection” faoin bhfógra.

“So rather than announcing that Paper 1 will be moved forward, the Minister might announce that she has asked the SEC to examine splitting the assessment demand on students.”

Dúirt an príomhoifgeach dá mbeadh Páipéar 1 an Bhéarla ann i mí Feabhra sa séú bliain go mb’fhéidir go bhféadfaí páipéar a haon agus páipéar a dó a leasú “reducing time to 2 hrs 20 mins and to have language and literature assessed on each paper”.

Maidir le cás na Gaeilge, dúradh nach raibh scagadh déanta go fóill air.

‘We have not yet given the same consideration to Irish but it may be possible to recraft in a similar fashion.”

Thug an príomhoifigeach le fios go raibh imní ann faoin bplean na scrúduithe a chur siar nó “disconnecting the timing”, mar a thug sé air. Dúirt sé gur dócha go mbeadh impleachtaí ag an athrú “on performance in the Orals and in Irish Paper 1”.

Na daltaí a bheadh thíos leis an athrú, a dúirt sé, agus d’fhéadfadh go gcuirfeadh sé isteach chomh maith ar an bplean go mbeadh dhá chúrsa Gaeilge ann amach anseo – T1 agus T2.

“This will increase the burden of preparation on students and could be counter-productive. Also where would such an announcement sit with the plans in relation to T1 and T2? What is the timing here?”

Dúradh go bhfágfadh cinneadh Páipéar a hAon a chur siar go dtí deireadh an chúigiú bliain go mbeadh na daltaí faoi mhíbhuntáiste mura ndéanfaí athrú ar an gcúrsa.

Mar sin féin, i mí na Nollag 2021, dúradh i ndréacht den tuairisc faoin athbhreithniú a rinneadh ar an tsraith shinsearach gur dócha nach mbeadh aon leasú á dhéanamh ar na páipéir féin ceal ama.

“Given the tight timeline, it is likely that the splitting of the two papers in English and Irish will only involve a change in scheduling and not a change in specification,” a dúradh.

Dúradh chomh maith gur chóir machnamh a dhéanamh faoin tionchar a bheadh ag an athrú ar an leibhéal a roghnódh daltaí, gnáthleibhéal nó ardleibhéal.

Ar an 22 Nollaig 2021, scaip Dalton Tattan, leasrúnaí sa Roinn agus  comhchathaoirleach ar an gcoiste a bhí i bhfeighil ar an athbhreithniú ar an tsraith shinsearach, dréacht d’óráid don Aire ina raibh ceist  curtha arís faoi na scrúduithe a bheith á mbogadh go dtí deireadh an chúigiú bliain. ‘Timing?’ a bhí scríofa ar imeall an leathanaigh.

Ar an 20 Márta i mbliana, d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley a plean nua don oideachas dara leibhéal ag an tSraith Shinsearach, Cothromas agus Sármhaitheas do Chách. Dúirt sí gur sa chúigiú bliain a dhéanfaí Páipéar a hAon na Gaeilge agus Páipéar a hAon an Bhéarla feasta.

Daltaí Gaeilge agus Béarla a thabharfaidh faoin gcéad bhliain den tSraith Shinsearach i Meán Fómhair 2023 an chéad dream a fheicfidh aon athrú ar an seanchóras. Tabharfaidh na daltaí sin faoi Pháipéar a hAon sa nGaeilge agus sa Bhéarla ag deireadh bhliain a cúig agus súil ann, a dúirt an tAire, go laghdódh sin an brú ag deireadh an séú bliain.

Mura ndéantar aon leasú ar pháipéir na Gaeilge, fágfaidh an t-athrú go mbeidh deireadh déanta ag an dalta Ardteiste leis na scileanna teanga a fhoghlaimítear sa chluastuiscint agus sa cheapadóireacht ag deireadh an chúigiú bliain.

Deir Conradh na Gaeilge gur cheart don Aire dul siar ar a cinneadh.

“Is cinneadh é seo nach bhfuil aon bhunús oideachasúil leis agus a bhfuil údar imní ina leith ardaithe taobh istigh den Roinn Oideachais féin mar is léir ó eolas atá tagtha chun cinn trí cheist a cuireadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise le déanaí.

“Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais dul siar ar an gcinneadh seo agus tús a chur le Polasaí Gaeilge a fhorbairt gan a thuilleadh moille don chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, mar a gheall Fianna Fáil san olltoghchán in 2020.”

Deir an Conradh nach bhfuil an t-athrú atá beartaithe ar dhátaí na scrúduithe ag teacht leis an “dea-chleachtas”.

“Sealbhaítear scileanna teanga idir scríobh, léamh, labhairt agus éisteacht ar bhealach chomhtháite thar thréimhse dhá bhliain na Sraithe Sinsearaí. Baintear úsáid as meáin éagsúla, téacsanna litríochta, téacsanna físe agus éisteachta agus téacsanna ó na meáin chomhaimseartha le topaicí an chúrsa a chlúdach agus scoláirí á n-ullmhú don Bhéaltriail agus do na tascanna scríofa a scrúdaítear ar Pháipéar 1 Gaeilge (ceapadóireacht, cluastuiscint).

“Tá an moladh seo go ndéanfar cuid de na scileanna a mheas ag deireadh an chúigiú bliain ag teacht salach ar an dea-chleachtas maidir leis an gcur chuige comhtháite i múineadh scileanna teanga.”

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur léir nach raibh “aon bhunús oideachasúil” leis an gcinneadh agus nár pléadh é le múinteoirí.

“Ní hamháin sin, ach bhí sé an-soiléir go raibh Coimisiúin na Scrúduithe Stáit buartha faoin bplean. Dúirt siad go minic sa chomhfhreagras go mbeadh gá na sonraíochtaí a athbhreithniú agus a chur in oiriúint dá mbogfaí Páipéar1  chun tosaigh níos mó ná cúpla seachtain agus luaigh siad an míbhuntáiste a d’fhéadfadh a bheith ann do bhuachaillí ó thaobh aibíochta de agus an cheapadóireacht á scrúdú ag deireadh bhliain a 5.

“Cuireann sé iontas orainn go ndeachaigh an Roinn Oideachais ar aghaidh leis an moladh agus an t-ábhar imní  seo curtha in iúl dóibh.”

Fág freagra ar '‘Easy win’ – bogadh scrúdú Gaeilge na hArdteiste in ainneoin imní faoi impleachtaí ‘tromchúiseacha’'

  • Aingeal

    Léiríonn an cinneadh gan dul ar aghaidh leis na hathruithe sa mhata go bhfuil beag beann ag an Roinn ar an Ghaeilge agus ar ndóigh, an Béarla.

  • Seán

    Cé a scríobhann na hailt seo? Ní thabharfar freagra..