Cén fáth go gcuireann cogadh in aghaidh daoine bána isteach níos mó orainn ná na cogaí a bhíonn á bhfearadh ar dhaoine de dhath?

Tá an cogadh san Úcráin tar éis féith ghránna an chiníochais a nochtadh, ní hamháin san Úcráin féin ach sa Domhan Thiar ar fad

Cén fáth go gcuireann cogadh in aghaidh daoine bána isteach níos mó orainn ná na cogaí a bhíonn á bhfearadh ar dhaoine de dhath?

Ráiteas séanta ar dtús: ní bolscaireacht ón gCreimil é seo.

Tacaím go láidir le muintir na hÚcráine atá ag cosaint a dtíre go cróga agus nár iarr an cogadh suarach, gan chúis dhlisteanach, atá á fhearadh ag Vladimir Putin orthu.

Mar sin féin, ní dóigh liom ach oiread gur chóir dúinn ligean orainn féin nár nocht an cogadh seo féith ghránna an chiníochais san Úcráin, sna tíortha máguaird agus go deimhin sa Domhan Thiar ar fad.

San Úcráin, rinneadh leatrom córasach ar dhaoine de dhath a bhí ag iarraidh teitheadh ón tír sin i gcéad laethanta an chogaidh. Tá neart fianaise ar fáil gur cuireadh bac orthu dul ar bord traenacha agus busanna a bhí ag fágáil na tíre – tús áite á thabhairt do dhaoine bána – agus gur tugadh drochíde dóibh i gcásanna áirithe. 

Caitheadh chomh dona sin le hAfracaigh agus le daoine de dhath gur cháin rialtas na Nigéire údaráis na hÚcráine go hoifigiúil.

Ach ní daoine san Úcráin amháin nach bhfuil gan locht sa scéal seo, ar ndóigh. Is beag fáilte a chuirtear roimh theifigh go hiondúil ar an taobh eile den teorainn, sa Pholainn – mar is léir ón sconsa ar fiú €350 milliún é atá á thógáil ar a teorainn thoir ag an tír sin, agus mar is léir ó chlúdaigh irise cosúil leis an gceann seo ina bhfuil maighdean bhán na hEorpa faoi ionsaí ag lámha fhear de dhath. Ach féach mar a athraíonn an scéal nuair a bhíonn na teifigh bán agus nuair a labhraíonn siad teanga atá gaolta leis an bPolainnis.

Agus ar ndóigh táimid féin sa Domhan Thiar díreach chomh dona céanna. Má tá fianaise uait, breathnaigh ar an snáithe seo a chuir an t-iriseoir Albanach Alan MacLeod le chéile ar Twitter:

‘Cuireann sé isteach orm go mór breathnú ar dhaoine Eorpacha, daoine a bhfuil súile gorma acu agus gruaig fhionn, a bheith á marú’, ‘Ní hé seo an Iaráic nó an Afganastáin… cathair réasúnta sibhialta, réasúnta Eorpach í seo’, agus seoda eile a craoladh ar stáisiúin teilifíse san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.

Agus muid ag caint faoin Iaráic agus faoin Afganastáin… 

Céard faoin tSiria, áit ar thosaigh aerfhórsa Putin ag caitheamh buamaí ar shibhialtaigh thiar in 2015, ag tacú le réimeas Bashar al-Assad? 

Ar chuir sé sin isteach orainn mórán?

An raibh muid ag léirsiú taobh amuigh d’ambasáidí na Rúise an t-am sin? 

Ní hea ach a mhalairt: táimid ag ligean do na báidíní beaga ina bhfuil muintir na Siria ag iarraidh teitheadh ón gcogadh sa tír sin dul go tóin poill sa Mheánmhuir; tá teifigh ón gcogadh sin agus ó chogaí eile sa Mheánoirthear á mbrú siar thar teorainn an Aontais Eorpaigh againn, agus tá sconsa 5.5 méadar ar airde á thógáil ina gcoinne ag ballstát Eorpach ar a teorainn thoir.

Ar ndóigh is go rímhaith a thuigim go bhfuil difear suntasach – seachas an dath atá ar chraiceann na ndaoine a bhfuil buamaí á gcaitheamh orthu – idir an cogadh seo san Úcráin agus na cogaí sa tSiria, san Iaráic, san Afganastáin agus an cogadh leanúnach idir Iosrael agus na Palaistínigh.

Tá an cogadh seo níos gaire do bhaile. 

Ní féidir sin a shéanadh. 

Den chéad uair le nach mór dhá scór bliain anuas, tá na húdaráis i dtíortha cosúil leis an tSualainn ag scaipeadh eolais ar an bpobal faoi céard ba chóir dóibh a dhéanamh sa chás go ndéanfaí ionsaí orthu. Tá mo dheirfiúr féin, a bhfuil cónaí uirthi in Amsterdam, tar éis na focail ‘foscadán buamála is gaire dom’ a chur isteach i mbosca cuardaigh Google.

Tuigim é sin ar fad. Ach níor mhiste breathnú orainn féin go géar. Cén fáth go bhfuil cogadh atá á fhearadh ar dhaoine bána ag cur isteach orainn níos mó ná na cogaí atá á bhfearadh ar dhaoine de dhath leis na céadta bliain anuas?

Fág freagra ar 'Cén fáth go gcuireann cogadh in aghaidh daoine bána isteach níos mó orainn ná na cogaí a bhíonn á bhfearadh ar dhaoine de dhath?'

  • Pat Butler

    Bullaí fir, a Alex.

    Tá an crú curtha ar an tairne ansin agat, a chara!
    Is ábhar náire dúinn an chaoi inar chaitheamar le teifigh riamh anall.

    An lú an páiste súil dhonn, craiceann donn an tSiria ná an páiste súil ghorm, gruaig fhionn na hÚcráine?

    Is bastard ceart é Putin, gan aon agó.

    Ach cad tá foghlamtha againn fúinn féin as an difríocht idir an bealach inar chaitheamar le muintir an tSiria, nár shampla, agus an bealach ina gcaithimid, go honórach, mar a tharlaíonn, le teifigh geala na hÚcráine?

    Agus anois go smaoiním air, cé mhéad teifeach atá Mícheál Martin, Leo Varadkar, Simon Coveney agus Éamonn Gilmore chun cúr suas ina dteaghlaigh bhaile féin?

    Conas nach bhfuil an cheist sin á chur ag ‘iriseoirí’ reatha RTÉ ar chuile polaiteoir a labhraíonn faoi Fháilte na nGael?

    “Abair liom, a Simon, cé mhéad teifeach a thógfaidh tú féin isteach i do theach galánta ar bhruach na haille ag Bun a’ tSábhairne, nó cé mhéad a ghlacfidh túsa, a Éamoinn i do theach ollmhór sa tSeanchill?

    Go dtuga Dia foighne dhom fútha araon.

  • Antóin

    Tugaim faoi deara nach bhfuil aon pholaiteoir sna páirtithe rialtais ag tál féiríní seamróige Ar an tSiria, ná ar An Iaráic ná ar An Libia ná ar An Éimin ná ar An tSomáil ná ar An Phacastáin ná ar an Phalaistín ná ar An Afganastáin teacht na Féile Pádraig. Agus ní dócha go dtabharfaidh siad silleadh ina ndiaidh ar sheirfigh na tíre seo agus iad ag an aerfort.

    Agus n’fheadair cé mhéad seomraí folmha atá sa tir. Teach an Ardmhéara, Dáil Éireann, Arás an Uachtaráin, páláis na nEaspag….. Ach cá bhfuil mé? Nach beag mo chiall. Is iad na seirfigh agus na giollaí a thugann dídean agus tearmainn do na teifigh. Ní ár gcuid maistrí!

    Is é crann na foighne an crann is airde sna Flaitheas.