‘Cén chaoi a mbeadh draíocht ann, nach thú fhéin a cheannaigh é sa euroshop?’

Tá sé in am don turas contúirteach go dtí tír an áiléir don Eilf ar an tSeilf do ‘Damhsa an Tinsil’ agus do mhaisiúcháin eile na Nollag

‘Cén chaoi a mbeadh draíocht ann, nach thú fhéin a cheannaigh é sa euroshop?’

Tharraing muid maisiúcháin na Nollag anuas ón lochta an tseachtain seo. Is dóigh nár cheart dom a rá gur ‘muid’ a tharraing na maisiúcháin anuas mar is é Fear an Tí a rinne an turas contúirteach go dtí an lochta á n-iarraidh.

Níl aon staighre ag dul suas ann is níl spás ceart ann do dhréimire agus tá meascán den aclaíocht agus den ádh ag teastáil ón té a ghabhfadh suas go tír an áiléir.

Caithfear seasamh ar chathaoir ar dtús, uaidh sin go dtí barr ráille na staighre agus ina dhiaidh sin caithfidh tú thú fhéin a lainseáil suas mar a bheadh Dia á rá leat is tú ag guí go dtiocfaidh tú slán thuas. Caithfidh muid cuimhneamh ar phlean eile don bhliain seo chugainn.

Tá chuile ní de mhaoin an tsaoil againn clúdaithe le gealra ildaite cheana féin pébí cén chaoi ar tharla sé. Tá barúil agam go bhfuil baint aige le damhsa nua a chum an Cailín Mór Beag nuair a tháinig sí trasna ar mhála mór tinsil. ‘Damhsa an Tinsil’ a bhaist sí air, tráthúil go leor. Tá sé ar nós damhsa na scuaibe ach amháin go clúdaíonn tú thú féin le tinsil ar dtús is go dtéann tú ag rince ar fud an tí.

‘Tá an Eilf imithe!’ a bhéic an Babaí amach agus é ag cartadh trí na boscaí. Bhí dearmad déanta agam ar an Eilf ar an tSeilf. Tháinig sé go dtí an teach anuraidh gan aon chuireadh is chaith sé mí na Nollag i mbun diabhlaíochta.

‘Caithfidh go bhfuil sé thíos ansin i gceann de na boscaí,’ a dúirt mé leis.

‘Níl Mamaí,’ a dúirt sé agus a éadan lán le gliondar croí, ‘d’imigh sé ar ais ag Santaí arís nuair a bhí an Nollaig thart.’

‘Níor imigh,’ a dúirt an Bheainín ar nós cuma liom agus í ag breathnú aníos ar feadh meandair as an leabhar a raibh sí sáite ann fad is a bhí pléaráca na maisiúchán faoi lán seoil mórthimpeall uirthi. ‘Is í Mamaí a bhíodh ag corraí an Eilf.’

Bhreathnaigh an Babaí orm go hamhrasach. ‘Ná breathnaigh ormsa!’ a dúirt mé go cosantach. ‘Cheap mise gur sibhse a bhí á bhogadh timpeall.’

‘Bhí a fhios agam é!’ a deir an Babaí agus áthas arís air. ‘Ní raibh Mamaí á dhéanamh. Bhí a fhios agam go raibh draíocht ann.’

‘Cén chaoi a mbeadh draíocht ann,’ a deir an Bheainín, ‘nach thú fhéin a cheannaigh é thuas san euroshop?’

‘Níl aon bhaint aige sin leis an scéal,’ a deir an Babaí. ‘Is cuma cá gceannaíonn tú é.’

Caithfidh mé a admháil go raibh iontas orm nach raibh an Eilf istigh i gceann de na boscaí in éindí leis na maisiúcháin eile. Cá ndeachaigh an diabhal? An é go bhfuil sé imithe go dtí an Mol Thuaidh in éineacht le Santaí dháiríre? Agus, níos measa fós, an é go mbeidh sé ag filleadh orainn ar an gcéad lá de mhí na Nollag?

‘Beidh sé ar ais,’ a deir an Babaí, ‘fan go bhfeicfidh sibh.’

Fág freagra ar '‘Cén chaoi a mbeadh draíocht ann, nach thú fhéin a cheannaigh é sa euroshop?’'