Cén ceangal atá idir Donald Trump, John DeLorean, Sammy Davis Junior agus Gaeltacht Chonamara?

Tá an ceangal ann agus is fiú é a ríomh, a deir ár gcolúnaí, ach foighid oraibh go fóill beag…

Donald Trump

Cén ceangal atá idir Donald Trump, John DeLorean, Sammy Davis Junior agus Cuan na hAirde Móire, atá le feiceáil uaim agam agus mé i mo shuí anseo in Aill na Brún i nGaeltacht Chonamara?

Tá an ceangal ann agus is fiú é a ríomh.

Úrscéal nua Béarla atá díreach foilsithe a chuir i mo cheann é. Gull is teideal don leabhar agus is é Glenn Patterson as Tuaisceart Éireann a scríobh.

Is éard atá sa leabhar ná cuntas i gcruth an úrscéil ar an monarcha gluaisteán a bhunaigh John DeLorean i mBéal Feirste sa mbliain 1981 agus ar thit an tóin as go gairid ina dhiaidh sin.

Tiocfaidh mé go dtí Donald Trump agus go dtí Cuan na hAirde Móire ar ball má bhíonn foighid agaibh.

Meiriceánach ba ea John DeLorean a bhí ag obair i dtosach do chomhlacht General Motors. D’fhág sé iadsan sa mbliain 1973 agus thosaigh sé ag cur comhlachta dá chuid féin le chéile le carr nár facthas a leithéid cheana a dhéanamh agus a chur ar an margadh.

Orthu siúd a cheannaigh scaireanna sa gcomhlacht, bhí Johnny Carson, a chuireadh an clár cáiliúil teilifíse The Tonight Show i láthair i Meiriceá, agus an t-amhránaí Sammy Davis Junior.

Thuig DeLorean go dteastódh deontas flaithiúil stáit uaidh leis an ngluaisteán taibhseach a bhí deartha aige a dhéanamh.

Mheas sé gur i gceantair a mbeadh dífostaíocht ard ann ab fhearr a mheallfadh sé cúnamh stáit.

Chuaigh sé chun cainte le húdaráis Phuerto Rico ach níor thóg siadsan an baoite. D’fhéach sé le dhul i bhfeidhm ar rialtas na Poblachta seo againne ach níor bhog sé a gcroí siúd ach an oiread.

Chuaigh sé ag triall ar rialtas na Breataine ansin. Chuir siadsan fáilte roimhe.

Bhí an cogadh ar bun go tréan sna Sé Chontae ag an am agus b’fhacthas dóibh dá bhféadfaí obair a chur ar fáil do shlua mór fear in aice le Béal Feirste go dtarraingeodh sé tacaíocht ón IRA.

Gheall siad deontas breá dó — 60%.

Idir ceantar Náisiúnach na Laidhre agus ceantar Dílseach Dhún Muirígh a rinneadh an mhonarcha ollmhór leis an gcarr suntasach a bhí beartaithe ag DeLorean a chur ar fáil.

Go deimhin, bhí bealach isteach ar thaobh amháin sa monarcha ag na náisiúnaigh agus bealach ar an taobh eile ag na dílseoirí.

Níor éirigh rómhaith leis an táirgeacht ón tús. Dream neamhoilte ba ea formhór na n-oibrithe agus ní raibh an margadh chomh láidir agus a ceapadh roimh ré.

Ghoill cúrsaí polaitíochta orthu freisin.

Bhí Bobby Sands agus a chuid compánach ag fail bháis ar stailc ocrais. Bhíodh faisean ag cuid de na hoibrithe ‘Up the Ra’ a scríobadh ar pháirteanna sna carranna. Nós a bhí ann a chuireadh lán a gcruite d’olc ar na dílseoirí.

B’fhéidir go dtiocfadh DeLorean trí na deacrachtaí seo ar fad ach buaileadh buille trom eile anois air: cuireadh ina leith i gCalafornia go ndearna sé iarracht lasta mór cocaine a thabhairt isteach sa tír.

Gníomhairí as an FBI a chuir an dallamullóg air ach cruthaíodh sa gcúirt gur go mídhleathach a rinne siad é. Scaoileadh saor é.

Má scaoileadh, bhí an dochar déanta. Bhí a chlú scriosta.

Mar a dúirt sé féin ag an am, “would you buy a used car from me?”

Sa mbliain 1982, dhún monarcha DeLorean.

Chaill 2,500 duine a gcuid oibre.

Ach maireann cáil ghluaisteáin DeLorean fós, go háirithe ó úsáideadh ceann acu i scannáin cáiliúil Back To The Future. Agus tá carachtar sna scannáin sin, Biff Tannen, atá bunaithe ar Donald Trump.

Ach cén bhaint atá aige seo ar fad le Gaeltacht Chonamara agus le Cuan na hAirde Móire a bhfuil mé in ann breathnú siar air tríd an bhfuinneog as an áit a bhfuil mé á scríobh seo?

Nuair a leachtaíodh comhlacht DeLorean, díoladh an trealamh ar ardaigh orm é. Bhí múnlaí móra troma iarainn ann agus ba é an deireadh a bhí leo gur cheannaigh comhlacht feilméireachta éisc, Emerald Fisheries, iad.

Chuir siad amach ina n-ancairí ar na heangachaí iad i gCuan na hAirde Móire.

Tá Emerald Fisheries imithe anois freisin.

Cúpla bliain ó shin, chuaigh tumadóirí síos go bhfeicfidís cén bhail a bhí ar na múnlaí iarainn. Bhí siad ite ag meirg ach ba chóiriúil na haicí iad ag portáin agus ag gliomaigh.

Má thoghtar Donald Trump ina uachtarán ar Mheiriceá, tabharfaidh muid cuireadh don Aird Mhóir dó. Crochfaidh muid siar as sin é go dtí Ionad na n-imirceach i gCarna.

Beidh pictiúr mór breá de charr DeLorean crochta ar an mballa roimhe.

Fág freagra ar 'Cén ceangal atá idir Donald Trump, John DeLorean, Sammy Davis Junior agus Gaeltacht Chonamara?'

  • Colmán

    Níor chóir go bhfaigheadh Donald Trump aon chuireadh go Conamara ná páirt ar bith eile den oileán seo ba mhasla a bheadh ann do Mhuislimigh na tíre seo. Tháinig máthar Donald as Gaeltacht na hAlban, Oileán Leodhais. Ach cé gur inimirceach í a mháthair féin creideann Trump nár chóir aon duine eile a ligean isteach i MEIRICEA. Ba mhór an náire do dhuine ar bith a thabharfaidh cuireadh do Trump teacht go hÉireann.

  • Seosamh Ó Cuaig

    An gceapann tú go gcreidim go mbeidh Donald Trump ina Uachtarán ar Mheiriceá? Nár lige Allah go mbeadh.