Ceithre athrú déanta ag O’Neill agus foireann na hÉireann ainmnithe

Má bhuann foireann na hÉireann anocht rachaidh siad tríd go dtí an dara babhta de Chraobh Sacair na hEorpa den chéad uair

Foireann

Tá ceithre athrú déanta ag Martin O’Neill ar fhoireann na hÉireann a rachaidh chun páirce anocht i gcoinne na hIodáile sa bhabhta deireanach de Ghrúpa E ag Euro 2016.

Tá Shane Duffy agus Richard Keogh tagtha isteach in áit chaptaen na foirne John O’Shea agus Ciaran Clark, agus tá James McClean ag tosú in áit Wes Hoolahan, a scóráil an t-aon chúl atá aimsithe ag an bhfoireann go dtí seo sa chomórtas. Ach an oiread le Duffy agus Keogh, beidh Daryl Murphy ag imirt den chéad uair sa chomórtas seo anocht. Níl aon chúl faighte fós d’Éirinn ag an tosaí ó Ipswich Town agus 20 cluiche imeartha aige dá thír. Is é Glenn Whelan an t-imreoir eile atá thíos le hathruithe O’Neill.

Má bhuann foireann na hÉireann anocht rachaidh siad tríd go dtí an dara babhta de Chraobh Sacair na hEorpa den chéad uair agus iad ag imirt sa chomórtas don tríú huair. Níl ach cluiche amháin buaite riamh ag Poblacht na hÉireann i gCraobh na hEorpa. B’in i gcoinne Shasana i Staid Neckar i Stuttgart na Gearmáine ar an 12 Meitheamh 1988, an chéad chluiche riamh acu ag craobhchomórtas sacair idirnáisiúnta.

Má éiríonn leis na hÉireannaigh bua mór dá leithéid a fháil anocht is in aghaidh na Fraince a bheidh siad sa chéad bhabhta eile. Thabharfadh foireann O’Neill aghaidh ar fhoireann baile an chomórtais i Lyon  tráthnóna Dé Domhnaigh.

Is i Staid Pierre-Mauroy i Lille i dtuaisceart na Fraince a imreofar cluiche cinniúnach na hoíche anocht agus amhras ann faoi chaighdeán dhromchla na páirce.

Go deimhin is í seo an uair dheireanach a imreofar cluiche ar an dromchla céanna ó tá sé beartaithe dromchla nua a leagan don chuid eile den chomórtas.

Ar ndóigh, is róchuma le foireann na hÉireann faoi chaighdeán na páirce má éiríonn leo an beart a dhéanamh i gcoinne fhoireann Antonio Conte atá cáilithe cheana féin don dara babhta ag barr an ghrúpa.

Cé go bhfuil cuid mhór athruithe déanta ag Conte ar an bhfoireann ar éirigh leo an chéad dá chluiche a bhuachan, is cinnte go mbeidh ar fhir na hÉireann taispeántas níos fearr a thabhairt uathu anocht ná mar a thug siad Dé Sathairn i gcoinne na Beilge.

Bhí mí-ádh ar fhoireann na hÉireann nár éirigh leo an bua a fháil sa chéad chluiche acu i gcoinne na Sualainne ach fágann an pointe atá acu de thoradh an chomhscóir sin go bhfuil deis i gcónaí acu na cosa a thabhairt leo as Grúpa E.

Bhíothas ag súil go ndéanfadh foireann bhainistíochta na hÉireann roinnt athruithe i ndiaidh don Bheilg bua bog, 3-0, a fháil orthu.

Foireann Éire