Ceisteanna go leor faoi Chorcaigh ach ba cheart go bhfaighfí freagra in aghaidh na nDéise

Tá Cill Chainnigh agus Luimneach slán i gcluichí ceannais Laighean agus na Mumhan ach gheobhaidh muid amach an deireadh seachtaine seo cé a bheidh leo

Ceisteanna go leor faoi Chorcaigh ach ba cheart go bhfaighfí freagra in aghaidh na nDéise

An deireadh seachtaine seo táimid ag teacht chuig deireadh chluichí na ngrúpaí sa dá chúige agus tá cúpla ceist ollmhór fós le freagairt. Tá an séasúr ag críochnú do sheaimpíní na hÉireann 2024 amárach agus an cluiche deireanach á imirt ag na Cláirínigh i bPáirc na nGael. Tá Luimneach sa bhaile agus iad ar ais i gcluiche ceannais na Mumhan agus iad ar thóir a seachtú craobh as a chéile.

Tá na himreoirí céanna, nach mór, ar fhoireann Luimnigh is a bhí anuraidh ach tá struchtúr difriúil i bhfeidhm anois seachas mar a bhí anuraidh nuair nach raibh siad in ann Corcaigh a shárú. Tá Kyle Hayes imithe go huimhir a 6, tá Barry Nash ag uimhir a 7, tá Adam English i lár na páirce, Cian Lynch ag stiúradh na himeartha mar leath-thosaí láir agus Shane O’Brien mar lántosach.

Léirigh taispeántas an Domhnaigh seo caite gach rud maith faoin múnla nua. Bhí siad dochloíte sa chluiche sin agus is ag dul i bhfeabhas atá siad. Ní dóigh liom go bhfuil aon seans go gcaillfidh siad an cluiche seo amárach.

Caithfidh go bhfuil go leor féinanailíse déanta ag Corcaigh maidir le dearcadh, cur i bhfeidhm agus fiú cur chuige na dteaicticí i gcoinne Luimnigh. An bhfuil Rob Downey go hiomlán aclaí? Cén fáth ar imríodh é mar leathchúlaí ar chlé nuair a bhuaigh sé All-Star mar leathchúlaí láir anuraidh? Mar a bhí i ndiaidh an chluiche i gcoinne an Chláir sa chéad babhta, tá cuid mhaith ceisteanna le freagairt ag na himreoirí agus ag an mheitheal bainistíochta. Cuirfidh na Déisigh cuid mhaith ceisteanna crua orthu amárach ach beidh ionadh orm mura mbuann Corcaigh.

Agus céard faoi Thiobraid Árann? An Domhnach seo caite bhí an chéad bhua craoibhe acu ar Phort Láirge ó mhí na Bealtaine 2019. An chéad bhua craoibhe sa bhaile ó mhí an Mheithimh 2019 agus an chéad uair ar bhuadar dhá chluiche craoibhe as a chéile ó shamhradh na bliana céanna sin. Ach an rud is tábhachtaí, agus a sháraíonn gach rud thuas, ná go bhfuil áit ag Tiobraid Árann i gcomórtas Liam Mhic Cárthaigh 2025.

I Laighin, tá sé chomh maith duit a rá go bhfuil cluiche leathcheannais an chúige á imirt i bPáirc Parnell amárach agus an Ghaillimh mar fhreasúra ag Áth Cliath. Beidh cluiche maith anseo. Tá Áth Cliath ag feabhsú. Is dócha gur féidir a rá go bhfuil an Ghaillimh freisin ach tá sé deacair a rá cé chomh maith is atá siad mar bhí Aontroim an-lag mar fhreasúra sa chluiche deireanach.

Tá Cill Chainnigh tríd go dtí cluiche ceannais, agus cluiche fós le spáráil acu, ach ba bheag nár theip orthu i bPáirc Uí Nualláin i gcoinne Átha Cliath sular éalaigh siad leis an mbua déanach sa cluiche. Bhí an-tábhacht leis an 1-9 a d’aimsigh TJ Reid agus chinntigh an 2-2 ó Billy Ryan agus cúil ó Martin Keoghan agus Adrian Mullen gur bhuaigh na Cait a gceathrú cluiche as a chéile chun barr an tábla a bhaint amach leo féin. Tá Loch Garman acu amárach agus na Carmannaigh ag teacht amach as an chluiche deireanach le bua i gcoinne Uíbh Fhailí a bhuíochas le cúl déanach Lee Chin.

Is cuma céard a tharlaíonn sa chluiche sin i bPáirc Uí Nualláin, áfach. Beidh deireadh le séasúr Loch Garman ag am tae agus Cill Chainnigh cinnte d’áit sa chluiche ceannais. Casfaidh buaiteoirí an chluiche idir Gaillimh agus Áth Cliath orthu agus tá cluiche tábhachtach ag bun an tábla agus an dream a chaillfidh an cluiche idir Uíbh Fhailí agus Aontroim le díbirt ó Chraobh Laighean.

I gcúige Mumhan, tá Luimneach slán sa chluiche ceannais chomh maith agus muid ag fágáil slán le contae an Chláir pé toradh a bheidh eatarthu amárach.

Tá suas le deich gcinn d’fhéidearachtaí maidir leis na torthaí eile. An dá cheann is simplí ná, má bhuann Corcaigh beidh siad le Luimneach sa chluiche ceannais agus má bhuann na Déisigh ar Chorcaigh, Tiobraid Árann a bheidh sa chluiche ceannais agus Port Láirge a chríochnóidh sa tríú háit. Bheadh deireadh déanta ag Corcaigh don bhliain.

I gcomórtas Mhic Dhonncha, tá éacht déanta ag Cill Dara, a fuair an ceann is fearr ar Laois den chéad uair riamh an tseachtain seo caite, díreach seachtain tar éis dóibh Ceatharlach a shárú. Tá cos amháin acu sa chluiche ceannais anois tar éis dóibh an t-ardú céime a fháil ó chomórtas Chorn Uí Rinn anuraidh.

Má bhuann Laois ar an Dún sa bhabhta deiridh, cinnteoidh sé sin áit dóibh, agus beidh an buaiteoir sa chluiche idir Ceatharlach agus Laois ina chéile comhraic acu. Mar sin féin, má theipeann ar Chill Dara an bua a fháil agus má chríochnaíonn Ceatharlach agus Laois ar comhscór, caillfidh Cill Dara áit sa chluiche ceannais.

Dé Domhnaigh, 25 Bealtaine

Craobh Iomána Laighean

Uíbh Fhailí v Aontroim – Páirc Uí Chonchúir, 14:00 (Beo ar GAA+)
Áth Cliath v Gaillimh – Páirc Parnell, 14:00 (Beo ar RTÉ)
Loch Garman v Cill Chainnigh – Páirc Loch Garman, 14:00

Craobh Iomána na Mumhan

Corcaigh v Port Láirge – Páirc Uí Chaoimh, 16:00 (Beo ar RTÉ)`
Luimneach v An Clár – Páirc na nGael, 16:00

Fág freagra ar 'Ceisteanna go leor faoi Chorcaigh ach ba cheart go bhfaighfí freagra in aghaidh na nDéise'

  • Carraig

    Luimneach 3-26
    Corcaigh 1-16
    “Rope a dope” a dúirt Mohamad Ali.
    Cuimhnìgí ar an méid sin a thráchtairí!