Ceist nár réitíodh fós – conas cur le líon na mban sa saol polaitiúil?

Ní bheidh saol polaitiúil folláin againn go mbeidh cothromaíocht inscne i réim ann

Ceist nár réitíodh fós – conas cur le líon na mban sa saol polaitiúil?

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Ní bheidh rath ar an saol polaitiúil go dtí go mbeidh ionadaíocht níos cothroime ag mná san Oireachtas agus in údaráis áitiúla na tíre.

Cé nach n-aontódh gach duine sa tír leis an ráiteas thuas, tá ár bhformhór ar aon tuairim: ní leor an céatadán ban atá tofa faoi láthair.

Sin ráite, ní féidir a bheith cinnte go n-aontódh móramh le beartas a mhol Comhairle Náisiúnta na mBan le gairid. Teastaíonn cuóta inscne i gcomhair na dtoghchán áitiúil mar atá i bhfeidhm cheana féin i dtoghcháin Dála, dar leis an gComhairle.

Sula bpléitear moladh na Comhairle, seo mar atá céatadáin ionadaíochta na mban faoi láthair:

Dáil Éireann 22%, 35 as 158 Teachta Dála
Seanad Éireann: 30% 18 as 60 Seanadóir
Údaráis áitiúla: 23% 209 as 949 Comhairleoir
Parlaimint na hEorpa 56% naonúr as 16 feisire (6/13 sa Phoblacht, 3/3 ó thuaidh)

Cuireadh cuóta reachtúil i bhfeidhm roimh olltoghchán 2016 a chuir iachall ar pháirtithe 30% dá n-ainmniúcháin ar a laghad a thabhairt do mhná – sin, nó chaillfidís a leath den mhaoiniú a fhaigheann siad ón stát. Chloígh siad go léir leis an gcuóta agus tá ionadaíocht na mban sa Dáil níos airde anois ná mar a bhí aon uair eile ó bunaíodh an stát.  

Cuirfear coinníoll reachtúil níos déine i bhfeidhm in 2023 nuair a bheidh ar na páirtithe 40% dá n-ainmniúcháin a thabhairt do mhná lena maoiniú stáit a choimeád. 

Is léir ó na figiúirí thuas go bhfuil an bhanionadaíocht ag méadú de réir a chéile ach go fíormhall, ainneoin na mbeartas a tugadh isteach lena hardú. Ní féidir breathnú ar pharlaimint ina bhfuil thart ar cheithre shuíochán as gach cúig cinn ag fir mar pharlaimint fholláin.

Ainneoin gur toghadh an chéad bhean mar Uachtarán 29 bliain ó shin, ní dhearnadh dul chun cinn ó shin mar a thuar Mary Robinson an uair sin agus ‘Mná na hÉireann’ á moladh aici. I 1990, bhí Éire sa 37ú háit ar domhan ó thaobh na banionadaíochta de. Tá an tír san 81ú háit anois.

Faoi láthair, is iad torthaí na dtoghchán áitiúil atá ag cur imní ar dhaoine a shíleann go dteastaíonn beartais bhreise de chineál éigin chun céatadán níos cothroime ó thaobh inscne a bhaint amach ag gach leibhéal den saol polaitiúil. 

Thug an t-aire stáit John Paul Phelan tacaíocht gan choinne don chuóta atá á éileamh anois ag Comhairle Náisiúnta na mBan nuair a labhair sé le cruinniú de chomhairleoirí cathrach agus contae nuathofa a reáchtáil an Chomhairle Déardaoin. Ní tacaíocht iomlán ná gan choinníoll a thairg sé, ach ba léir a mhíshásamh le líon na mban sna húdaráis áitiúla nua.

Ba mhná 28% de na hiarrthóirí a ainmníodh. Mar is léir thuas, níor bhuaigh siad ach 23% de na suíocháin. Dúirt John Paul Phelan nár chóir cur suas le páirtithe a d’ainmnigh scata iarrthóirí sa cheantar céanna gan oiread agus bean amháin a bheith ina measc.

Cén toradh a bheas ar mhíshásamh an aire stáit, a dúirt chomh maith gur mhaith leis ar tharla sa toghchán áitiúil a phlé le mná nár toghadh? Neosfaidh an aimsir, ach is léir go mbeidh cuóta reachtúil á mholadh go láidir as seo amach ag an gComhairle, agus an ceart acu.

Ní hionann sin agus a rá gur chóir cuóta mar a cuireadh i bhfeidhm i dtoghcháin Dála a chur i bhfeidhm i dtoghcháin áitiúla freisin. Bíonn i bhfad níos mó iarrthóirí neamhspleácha páirteach i dtoghcháin áitiúla (toghadh 186 comhairleoir neamhspleách i mbliana) agus ní féidir cuóta de chineál ar bith a bhainfeadh leo a chur i bhfeidhm.

Caithfear an éagothromaíocht inscne a leigheas – mar a dúradh thuas, is beag duine sa tír nach n-aontódh leis an tuairim sin. Ní bheidh saol polaitiúil folláin againn go mbeidh réiteach ar an bhfadhb a léiríonn na figiúirí thuas. B’fhéidir nach leor cuótaí mar réiteach, agus b’fhéidir go mbeidh athruithe níos bunúsaí riachtanach.

Bheadh an fhadhb réitithe gan stró ar ndóigh dá bhfógrófaí gur ar bhonn 50/50 a roinnfí suíocháin Dála agus áitiúla feasta. Ach ar chúis éigin nach dtuigeann scríbhneoir an cholúin seo, is ar éigean a phléitear ar chor ar bith réiteach chomh simplí leis sin.

Fág freagra ar 'Ceist nár réitíodh fós – conas cur le líon na mban sa saol polaitiúil?'