Ceist is fiú a chur i dtús an Charghais – céard is milseán ann? 

Ní haon chabhair dom i mo shaol an alter ego reibiliúnach a íosfaidh milseáin nuair a thograíonn sí…

Ceist is fiú a chur i dtús an Charghais – céard is milseán ann? 

‘Céard atá tú ag éirí as don Charghas, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Bheainín díom agus muid ag siúl abhaile ón mbaile mór. Ní mórán misnigh atá agam asam féin i gcás an Charghais caithfidh mé a admháil. Blianta eile mhionnaigh mé go n-éireoinn as na milseáin agus an tseacláid is ní raibh an ghrian faoi tráthnóna Céadaoin an Luaithrigh nuair a bhí mo mhóid briste agam.

Chuala mé caint ansin ar chur chuige nua don Charghas. In áit éirí as rud éigin gur chóir nós nua maith cráifeach a thosú ina áit. Nach iontach an plean é sin a chuimhnigh mé agus shocraigh mé go ndéanfainn é sin, tosóidh mé saol nua agus nósanna sláintiúla nua agus déanfaidh mé an Carghas an chaoi sin. Níor éirigh liom leis sin ach an oiread.

Níor mhaith liom aon ghealltanas a dhéanamh i mbliana nuair atá a fhios agam i mo chroí istigh nach bhfuil mé lena choinneáil. Ní chabhraíonn sé ach an oiread nuair atá triúr finnéithe istigh sa teach in éineacht liom a choinníonn súil agus taifead ar chuile shórt a dhéanaim, nó, agus seo é an píosa is géire de, nach ndéanaim.

‘Níl mé cinnte céard a dhéanfaidh mé i mbliana,’ a dúirt mé leis an mBeainín.

‘Bhuel,’ a deir sí, ‘tá mise ag éirí as milseáin i mbliana. D’fhéadfá é sin a dhéanamh in éineacht liom.’

Ní hé an oiread sin milseán a ithim ar aon nós, ach ní maith liom a bheith sáinnithe isteach ar aon bhealach. B’fhéidir nach n-íosfainn aon mhilseán as seo go Domhnach Cásca ar aon chaoi.

Is í an fhadhb ná chomh luath is atá sé ráite liom nach bhfuil cead agam iad a ithe go n-éiríonn lasair reibiliúnaí i mo chroí istigh. ‘Íosfaidh mé milseáin má thograím é,’ a deir an glór istigh, ‘ní íosfaidh mé tada eile ach amháin milseáin, má thograím é!’ Ní haon chabhair dom i mo shaol an alter ego reibiliúnach seo, ach tá a hintinn féin aici, faraor is ní éisteann sí liom.

An fhadhb eile atá agam ná go bhfuil mé ag iarraidh cosaint a dhéanamh ar mo chlú agus ligean orm féin go mbeidh mé ag éirí as na milseáin. Níl a fhios agam an bhfuil sé seo ag teacht le spiorad an Charghais dháiríre ná leis an bhfocal ach an oiread.

‘Ní cheapaim go n-éireoidh mé as na milseáin,’ a dúirt mé leis an mBeainín. ‘Céard atá i gceist againn nuair a deir tú ‘milseáin’?’

Is ansin a thosaíonn an sainmhíniú ar théarmaíocht, céard é go díreach atá i gceist? Cén gheallúint atá mé a dhéanamh má aontaím éirí as na milseáin?

Nuair a rinne Íosa dhá scór lá sa bhfásach, bunús an Charghais, ní cheapaim gur chuir sé liosta fada téarmaí agus coinníollacha sa gcló beag. Nó má rinne, níl aon tagairt déanta dhó sna scéalta a tháinig chomh fada linn sa mBíobla.

Ach is dóigh, nuair a chuimhneoidh tú air, ba é Íosa Mac Dé, is níor mhaith liom mé fhéin a chur i gcomparáid leis. Níl ionamsa ach gnáthdhuine. Níl mé in ann a ghabháil suas an baile mór gan mo mhála ar mo ghualainn lán le sneaiceanna, deoch uisce, balsam béil agus wipes. Cén seans a bheadh agam sa bhfásach ar feadh dhá scór lá?

Só, sula dtosóidh mé ar Charghas ar bith, ní mór soiléireacht a fháil ar an gceist mhór. Céard is milseán ann?

Fág freagra ar 'Ceist is fiú a chur i dtús an Charghais – céard is milseán ann? '