‘Céim bheag shuntasach’ – físeáin i nGaeilge seolta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste den chéad uair

Tá ceithre fhíseán seolta ag an gComhairle mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus léargas tugtha iontu ar chuid de na poist atá ar fáil do chainteoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann

‘Céim bheag shuntasach’ – físeáin i nGaeilge seolta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste den chéad uair

Tá físeáin nua i nGaeilge seolta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste chun spreagadh a thabhairt do dhaoine gairmeacha le Gaeilge a roghnú.

Tá ceithre fhíseán seolta ag an gComhairle mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus léargas tugtha ar chuid de na poist atá ar fáil do chainteoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Sna físeáin, déanann Gráinne Ní Ghilín, bainisteoir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich; Pádraig Mac Mathúna, eagarthóir agus aistritheoir CCEA; Caoimhe Ní Chathail, iriseoir agus láithreoir; agus an Dr Pádraig Mac Congáil, bainisteoir Chultúrlann Uí Chanáin; cur síos ar an obair a bhíonn ar bun acu agus an chomhairle a bheadh acu do dhaoine óga a bhfuil suim acu a bheith ag obair trí Ghaeilge.

Seoladh na físeáin i gcomhar le straitéis teanga Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus tá Oifigeach Gaeilge na Comhairle, Colm Mac Uiginn, ag súil go spreagfaidh siad daoine le tabhairt faoi phoist ina mbeidh Gaeilge á húsáid acu.

“Shíl muid go mbeadh sé fiúntach an éagsúlacht atá ann ó thaobh gairmeacha le Gaeilge a thaispeáint do dhaoine óga,” a mhínigh Mac Uiginn. “Is cuimhin liom nuair a bhí mise ar scoil, nuair a luaigh mé go raibh mé ag dul leis an Ghaeilge, dúirt daoine liom ‘Caithfidh go mbeidh tú ag dul leis an múinteoireacht?’ Ní hamhlaidh an cás anois agus bhí muid ag iarraidh sin a thaispeáint.”

Dúirt Mac Uiginn go bhfuil na físeáin dírithe ar dhaltaí scoile atá ag smaoineamh faoin nGaeilge a roghnú ag an dara leibhéal nó an tríú leibhéal agus a mbeadh suim acu gairm le Gaeilge a roghnú amach anseo.

Dúirt sé gur mhaith leo sa Chomhairle Cathrach go scaipfí na físeáin sa seomra ranga agus go mbainfeadh daoine tairbhe astu.

Mhínigh Mac Uiginn go mbíodh ócáid mhór á heagrú do dhaltaí scoile i Halla na Cathrach de ghnáth chun “dlaoi mhullaigh” a chur ar imeachtaí Sheachtain na Gaeilge sa chathair ach gur fhág srianta na paindéime go raibh orthu teacht ar smaoineamh nua.

“Níl daltaí scoile ar scoil ag an bhomaite agus dá ndéanfá rud beo a chraoladh, ní bheifeá ábalta brath air go mbeadh na daltaí os comhair ríomhairí. Chinn muid úsáid a bhaint as an suíomh idirlín agus an cainéal Youtube atá againn,” a dúirt Mac Uiginn.

“Síleann muid gur céim bheag ach céim shuntasach atá anseo againn ó thaobh muidne mar Chomhairle a bheith ag plé le pobal na Gaeilge sa chathair.”

Fág freagra ar '‘Céim bheag shuntasach’ – físeáin i nGaeilge seolta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste den chéad uair'