Ceiliúradh na bpóilíní ar bhua Ard Mhacha – ciall cheannaithe ag an PSNI 

B’fhéidir nach sásóidh sé Jim Allister, ach tá an chuma ar an scéal go dtuigeann an Príomh-Chonstábla gur botún a bheadh ann géilleadh do bhrú ó pholaiteoirí maidir le cúrsaí smachta 

“Ní bhrisfear éinne as a phost agus ní chuirfear éinne ar fionraí.” 

Faoiseamh do mhórán de lucht tacaíochta Ard Mhacha ab ea an freagra sin ó Phríomh-Chonstábla an PSNI don Bhord Póilíneachta maidir leis an gconspóid faoi cheiliúradh ar chraobh na hÉireann a bheith buaite ag foireann peile an chontae. 

Dé Domhnaigh seo caite tamall gearr tar éis bhua Ard Mhacha ar Ghaillimh i bPáirc an Chrócaigh cuireadh físeán ar mheáin shóisialta a thaispeáin carr de chuid an PSNI le bratach Ard Mhacha ar foluain ag déanamh comhghairdis le lucht tacaíochta ar an gCamloch i ndeisceart Ard Mhacha. Chuaigh an carr thart ar thimpeallán cúpla babhta, bonnán á shéideadh agus soilse ar lasadh agus bhí carr eile i scuaine gluaisteán freisin.  

Ba mhór idir an taispeántas sin agus na laethanta nuair a thaistil póilíní (an RUC, réamhtheachtaí an PSNI) i héileacaptair sa cheantar toisc nach raibh siad sábháilte ag tiomáint ann.  

Tá dhá léamh ar an gceiliúradh.  

Sampla de phóilíneacht phobail ón PSNI, a dhéanann iarracht ballraíocht atá ionadaíoch ar an bpobal ar fad a bhaint amach, fiú agus ganntanas náisiúnaithe/Caitliceach fós san fhórsa. Bhí fógra earcaíochta ag an PSNI i gclár an chluiche ceannais.  

Nó mí-iompar a sháraigh rialacha neamhchlaontachta na bpóilíní agus a thuill bata is bóthar.  

Admhaíonn chuile dhuine, seans, nach raibh an tiomáint thar mholadh beirte. Ba dhóbair do charr na bpóilíní agus gluaisteán eile bualadh faoina chéile. Más de bhunadh an chontae na póilíní a bhí i gceist is furasta a thuiscint go gcaillfeadh siad guaim orthu féin faoi ghaisce fhoireann McGeeney. Ní chuirfí amhail ar bith ina leithéid de bhuaileam sciath ó ghardaí ó dheas.  

Chuir sé alltacht ar pholaiteoirí aontachtacha, áfach. Aontaobhach, neamhghairmiúil, as ord. Fionraíocht nó briseadh tuillte. D’fhógair ceannaire an TUV, an feisire Parlaiminte d’Aontroim Thuaidh, Jim Allister go ndéanfadh sé gearán le hOmbudsman na bPóilíní chomh maith leis an bPríomh-Chonstábla. Ní léir céard a theastaigh uaidh ón Ombudsman mar nach mbeadh ról aici ach amháin sa gcás nach ndéanfadh an PSNI féin aon rud faoi iompar na mball. 

Bhuail toscaireacht ón DUP leis an PSNI chun gearán a dhéanamh freisin. Iompar claonta do-ghlactha ab ea an ceiliúradh dar leo. Bhí an feisire parlaiminte don Bhanna Uachtair, Carla Lockhart, buartha mar gur chuir duine éigin bratach Ard Mhacha ar stáisiún póilíní ar An Lorgan agus nár chuir an PSNI stop leo. Cháin an DUP an tiomáint go speisialta.  

Tá go leor teachtaireachtaí faighte ag an Ombudsman agus ag ceannairí an PSNI ag moladh na bpóilíní, chomh maith le comhfhreagras á gcáineadh. Tá fiosrú inmheánach ar siúl agus an Príomh-Chonstábla míshásta faoin tiomáint agus faoi ‘iompar nach raibh gairmiúil’. Dúirt Jon Boutcher nach mbeadh an fiosrú inmheánach faoi thionchar éinne lasmuigh den tseirbhís. 

Comhréir nó coibhneas idir an míghníomh agus an pionós a theastaíonn ón bPríomh-Chonstábla. Tá ciall cheannaithe ag an PSNI. Tá Boutcher ina phost toisc go mb’éigean dá réamhtheachtaí éirí as nuair a rialaigh breitheamh go ndeachaigh sé thar fóir ag smachtú beirt phóilíní agus é faoi bhrú ó pholaiteoirí. Bhain an rialú le heachtra le linn na paindéime, tráth a raibh rialacha scaradh sóisialta i bhfeidhm nuair a ghabh comhaltaí óga den PSNI fear a bhí ag comóradh na ndaoine a maraíodh in ionsaí dílseach ar shiopa geallghlacadóra ar Bhóthar Ormeau Bhéal Feirste. Chinn an breitheamh gur ghníomhaigh an Príomh-Chonstábla Simon Byrne agus é faoi bhrú ó Shinn Féin.  

Is cosúil go dteastaíonn óna chomharba, an Príomh-Chonstábla Jon Boutcher botún den chineál sin a sheachaint fiú más beag seans go nglacfaidh Jim Allister agus a lucht leanúna le mionphionós. 

Fág freagra ar 'Ceiliúradh na bpóilíní ar bhua Ard Mhacha – ciall cheannaithe ag an PSNI '

  • Carraig

    Seargánach cruthanta a mhaífeadh a mbua agus a gceiliúradh ar Ard Mhacha.
    Is deacair dul amach ar mheon dúr dalba gearánach leithéidí McAllister agus na pusacháin eile.
    Mar adeir an Béarla, “Lighten up ffs!”
    Ach, im briathar féin, tá daoine daonna croíléiseacha sa PSNI fós agus iad sásta a ríméad a roinnt le cách.
    Ard Mhacha abú!