Ceiliúradh déanta ar bhunú Comhar ceithre scór bliain ó shin

Rinneadh ceiliúradh sa Mhúsaem Náisiúnta Cló ar 80 bliain den iris liteartha agus polaitíochta ‘Comhar’

Ceiliúradh déanta ar bhunú Comhar ceithre scór bliain ó shin

Donncha Crowley, Seán T Ó Meallaigh agus Bríd Ní Ghruagáin. Pic: Andrew Downes

Rinneadh ceithre scór bliain na hirise Comhar a cheiliúradh ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath aréir.

Reáchtáladh an ceiliúradh COMHAR@80 sa Mhúsaem Náisiúnta Cló agus ba í Sinéad Ní Uallacháin ó RTÉ a bhí i bhfeighil na hócáide.

Lucht na heagraíochta idir-ollscoile, An Comhchaidreamh, a bhunaigh an iris mhíosúil sa bhliain 1942 agus tá sí ar fáil ó shin i leith. Foilsíodh an chéad eagrán i mBealtaine na bliana 1942, tráth a raibh páipéar gann sa tír agus an dara cogadh domhanda faoi lán seoil. Go deimhin, bhí páipéar chomh gann sin ag an am go raibh ar eagarthóirí na hirise nua cead speisialta a lorg ón Aire Seán Lemass chun an iris a chur i gcló.

Ag tagairt don scéal sin agus d’ochtó bliain de Comhar, dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir na hirise, gur iontach an rud go raibh sí beo beathaíoch i gcónaí.

“Cuimhnigh ar na giuirléidí go léir a bhíonn síoraí ag iarraidh d’aird a tharraingt agus do chuid ama a mheilt, ar na cúraimí eile go léir a bhaineann le tiaráil an tsaoil…Ach in ainneoin an fhothraim agus an fhuadair sin go léir tá an iris bheag Ghaeilge seo ina lámha ag daoine á léamh i gcónaí.”

Dúradh ag ócáid na hoíche aréir gur chrann taca í Comhar do shaothrú agus do bhláthú na nualitríochta Gaeilge ó 1942. Dúradh gur san iris a foilsíodh saothar le beagnach gach scríbhneoir Gaeilge a thuill clú sa tréimhse sin. Maidir le cúrsaí reatha, dúradh nár leasc riamh le Comhar labhairt amach “go calma agus go neamhspleách” faoi cheisteanna móra na linne.

“Chothaigh Comhar scríobh, litríocht agus machnamh na Gaeilge le ceithre scór bliain anuas. Is ann riamh a bhí plé, díospóireacht, aighnis, greann, géire agus gaois. Is saibhrede Éire Comhar,” a dúirt t-iriseoir, scríbhneoir agus Ollamh Emeritus, Alan Titley.

Ag an ócáid sa Mhúsaem Náisiúnta Cló aréir chuir aisteoirí dánta, giotaí as eagarfhocail, agallaimh agus ailt ón iris I láthair chun léargas drámatúil a thabhairt scéal na hirise. Eoin McEvoy ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a léirigh an seó a bheidh le feciéail in áiteanna éile roimh dheireadh na bliana.

Ceol ó na 1940idí le Billy Ó hAnluain a bhí le cloisteáil le linn na hóiche agus chuir clódóir gairmiúil an Mhúsaeim ceann de na chéad lógónna a bhí ag Comhar i gcló arís. Cuireadh leabharmharcanna comórtha ar fáil don lucht féachana le breith abhaile leo.

Eagrófar ócáidí eile chun COMHAR@80 a cheiliúradh le linn na bliana agus tá sé i gceist go mbeadh camchuairt ó thuaidh agus ó dheas mar chuid den cheiliúradh. Beidh COMHAR@80 mar théama ag Comhdháil na Gaeilge, OÉ Gaillimh i Meán Fómhair 2022 freisin.

Chomh maith leis sin bíonn alt speisialta le Donncha Ó hÉallaithe á fhoilsiú san iris gach mí a thugann spléachadh ar na hailt agus ar an ábhar is suimiúla a foilsíodh san iris le hochtó bliain anuas.

Tá na hailt seo ar fáil saor in aisce ar Comhar.ie.

Fág freagra ar 'Ceiliúradh déanta ar bhunú Comhar ceithre scór bliain ó shin'