Ceiliúradh á dhéanamh ag Gaelchultúr ar chúig bliana de Choláiste na hÉireann

Deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Choláiste na hÉireann, go bhfuil ‘níos mó deiseanna fostaíochta’ ann anois do dhaoine a bhfuil ardscileanna Gaeilge acu le hais mar a bhí cúig bliana ó shin

Ceiliúradh á dhéanamh ag Gaelchultúr ar chúig bliana de Choláiste na hÉireann

Tá ceiliúradh á dhéanamh ag Coláiste na hÉireann, an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge, ar chúig bliana ar an fhód.

Ag searmanas a bhí ar siúl i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath le déanaí, bronnadh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán ar an cheathrú grúpa mac léinn a thug faoin chúrsa le Coláiste na hÉireann.

Dúirt Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Choláiste na hÉireann go bhfuil “níos mó deiseanna fostaíochta” ann anois do dhaoine a bhfuil ardscileanna Gaeilge acu le hais mar a bhí nuair a cuireadh tús leis an chúrsa in 2013.

“Nuair a chuir muid tús leis an chúrsa beagnach cúig bliana ó shin, bhí an cúlú eacnamaíochta ann go fóill agus is beag post Gaeilge a bhí ar fáil. Tá cúrsaí i ndiaidh dul i bhfeabhas go mór le cúpla bliain anuas, ar an dea-uair – tá níos mó deiseanna fostaíochta ar fáil in institiúidí an Aontais Eorpaigh, cuir i gcás, go háirithe dóibhsean a bhfuil ardscileanna Gaeilge acu,” a dúirt Stiúrthóir Oideachais Choláiste na hÉireann.

Alan Titley. Pictiúr: Lafayette Photography

Dúirt Ó Dónaill go dtiocfadh “méadú suntasach” ar an líon daoine a bheidh ag obair trí Ghaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh idir seo agus tús 2022 agus gur “mór an buntáiste é” an Dioplóma Iarchéime san Aistriúcháin, agus cáilíochtaí dá leithéid, dóibhsean atá ag iarraidh na deiseanna seo a thapú.

Dúirt sé gur “cúis bhróid” do Choláiste na hÉireann go bhfuil an Dioplóma bainte amach ag beagnach caoga duine anois agus go bhfuil “an-ráchairt ar an chúrsa i gcónaí”.

“Tá cláir dá leithéid á reáchtáil ag na coláistí móra seanbhunaithe agus tá sé spéisiúil go bhfuil spás sa mhargadh do Choláiste na hÉireann dá ainneoin sin. Sílim gur maith le daoine an múnla úrnua atá againn, go háirithe an bhéim atá á cur againn ar an ríomhfhoghlaim agus ar an nuatheicneolaíocht,” a dúirt Ó Dónaill.

Cuireadh tús leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán i mí Mheán Fómhair 2013 tar éis do Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (HETAC) stádas mar institiúid tríú leibhéal a bhronnadh ar Ghaelchultúr.

Fág freagra ar 'Ceiliúradh á dhéanamh ag Gaelchultúr ar chúig bliana de Choláiste na hÉireann'