OIDEACHAS: ‘Níl aon rud tarlaithe’ – frustrachas ar an INTO maidir le heaspa gnímh an rialtais i leith plean do mhúineadh na Gaeilge

Dúirt ionadaithe ó Chumann Múinteoirí Éireann go raibh caighdeán Gaeilge ábhar oidí tite le 20 bliain anuas agus go raibh tacaíocht ón rialtas ag teastáil chun caighdeán teanga múinteoirí a fheabhsú

OIDEACHAS: ‘Níl aon rud tarlaithe’ – frustrachas ar an INTO maidir le heaspa gnímh an rialtais i leith plean do mhúineadh na Gaeilge

Deir an ceardchumann múinteoirí is mó sa tír go bhfuil sé in am ag an rialtas agus an Roinn Oideachais gníomhú maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna an stáit.

Dúirt ceannaireacht Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) le coiste Oireachtais gurb é easpa muiníne múinteoirí sa nGaeilge an bhuairt is mó a bhí léirithe leis an gceardchumann le roinnt mhaith blianta anuas. Cé gur fhoilsigh an Roinn Oideachais dhá phlean anuraidh maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Béarla, dúradh nach bhfuil tada déanta ó shin chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

Dúirt Máirín Ní Chéileachair, Rúnaí Cúnta le Cumann Múinteoirí Éireann, ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge go raibh imní faoi fhoghlaim na Gaeilge i mbunscoileanna Béarla á léiriú ag cigireacht na Roinne Oideachais le deich mbliana anuas agus gur dúradh anuraidh go raibh “géarghá” le tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí chun a gcumas Gaeilge a fheabhsú.

“I mí na Samhna seo caite, foilsíodh plean gnímh don Ghaeilge i scoileanna Béarla…Tá bearna anois ann, ó mhí na Samhna seo caite nuair a foilsíodh an plean seo, níl aon rud tarlaithe. Táimid fós ag fanacht,” a dúirt Ní Chéileachair.

“Caithfidh luas agus brú a bheith faoi na rudáí seo. Caithfidh fuadar a bheith fúinn agus gan a bheith [díreach] ag caint faoi.”

Mhol Ní Chéileachair an obair chomhairliúcháin a rinneadh mar chuid d’ullmhú an phlean agus dúirt sí gur thug na páistí a ghlac páirt ann le fios gurb é an rud ba mhó a bhí uathu ná a bheith in ann an teanga a labhairt.

I measc na spriocanna atá sa bplean, deirtear go bhfuil sé mar aidhm aige “tacú le scoileanna agus le múinteoirí chun feabhas a chur ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar úsáid na Gaeilge”.

Tá an INTO ag iarraidh go gcuirfí cúrsaí “forbairt ghairmiúil ardchaighdeáin” ar fáil do mhúinteoirí saor in aisce chun tacú leo an Ghaeilge a mhúineadh.

“Easpa muiníne na múinteoirí an bhuairt is mó atá léirithe,” a dúirt Ní Chéileachair. “Caithfidh muid rud éigin a dhéanamh chun muinín na múinteoirí sin a mhúscailt.”

Dúirt Ní Chéileachair go gcaileann múinteoirí muinín ina gcuid Gaeilge nuair nach mbíonn siad i bhfeighil ar rang ar feadh roinnt blianta, mar shampla, sa chás go mbeadh siad ag obair mar mhúinteoir tacaíochta,.

“Cén tacaíocht atá ar fáil do na múinteoirí sin [chun feabhas a chur ar a gcumas teanga]? Níl tada ann,” a dúirt sí.

Maidir leis an gcaighdeán Gaeilge a bhíonn ag múinteoirí agus iad ag fágáil na gcoláistí oiliúna, dúirt Ní Chéileachair gur mhaith léi dá mbeadh córas teastais TEG in úsáid ag na coláistí uile. Coláiste Froebel in Ollscoil Mhá Nuad an t-aon cheann a bhaineann úsáid as TEG faoi láthair, a dúirt sí.

Dúirt John Boyle, Ard-Rúnaí an INTO, leis an gcoiste go raibh caighdeán Gaeilge níos airde i measc ábhar oidí nuair a bhí scrúdú cainte le déanamh chun áit ar chúrsa oiliúna a fháil. Dúirt Boyle gur tháinig “athrú mór” ar chúrsaí nuair a cuireadh deireadh leis an scrúdú cainte agus nuair a tugadh isteach na cúrsaí iarchéime sa mhúinteoireacht.

“Bhí muid i gcónaí ag iarraidh go mbeadh caighdeán ard [Gaeilge ag daoine] ag dul isteach sa choláiste ach d’athraigh muid meon thart fá 20 bliain ó shin, ag rá ‘Muna bhfuil an caighdeán ard go leor ag dul isteach, tá sé iontach tábhachtach go mbeadh sé ard go leor ag teacht amach.

“Anois tá meon difriúil againn arís mar chíonn muid cuid de na múinteoirí a thagann amach, cailleann siad muinín taobh istigh de chúig nó sé bliana,” a dúirt Boyle.

Dúirt Boyle go raibh deacrachtaí chomh maith ag múinteoirí a bhain a gcuid cáilíochtaí amach thar lear nó ar líne agus go gcaithfeadh an rialtas tacaíocht a chur ar fáil dóibh maidir leis an nGaeilge. Dúirt Boyle gur meon “paddle your own canoe” a bhí ag an rialtas maidir leo faoi láthair.

“[Caithfear] seans a thabhairt daofa dul go dtí an Ghaeltacht agus gan na costais arda atá ansin [a íoc]. Má tá siad ag iarraidh cáilíocht speisialta a bheith acu sa Ghaeilge mar bhunmhúinteoir, níl tacaíocht ar bith ar fáil. Tá scrúdú ann agus ‘paddle your own canoe’. Níl cúrsa ar bith ann. Caithfidh siad na táillí a íoc iad féin.”

Agus iad os comhair an choiste ag an gcruinniú céanna, d’aontaigh ionadaithe ó Institiúid Oideachais Marino go raibh gá le “cúrsa uasoiliúna” a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile, “ar nós an Dioplóma sa Ghaeilge do mhúinteoirí meánscoile”.

Dúirt an Dr Noel Ó Murchadha, Ollamh Comhlach i gColáiste na Tríonóide, gur cheart go mbeadh múinteoirí in ann tabhairt faoin mbreis-oiliúint sin le linn am scoile.

Fág freagra ar 'OIDEACHAS: ‘Níl aon rud tarlaithe’ – frustrachas ar an INTO maidir le heaspa gnímh an rialtais i leith plean do mhúineadh na Gaeilge'