Tá maoiniú bronnta ar Ollscoil na Gaillimhe chun STEM trí Ghaeilge a chur chun cinn.
Deontas €268,000 atá bronnta ag Taighde Éireann ar an ollscoil chun spéis a spreagadh in ábhair Eolaíochta, Theicneolaíochta, Innealtóireachta agus Mhatamaitice trí Ghaeilge. Tá an t-airgead á bhronnadh chun clár dhá bhliain a mhaoiniú.
Tá an maoiniú á chur ar fáil le clár náisiúnta cumarsáide eolaíochta, imeachtaí poiblí agus tionscnamh oideachais a eagrú trí Ghaeilge, a chuirfidh le feiceálacht STEM agus a neartóidh conairí oideachais agus gairmeacha STEM do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre.
Tá comórtas náisiúnta do dhaltaí scoile, imeachtaí STEM i gceantair Ghaeltachta, agus oiliúint speisialaithe do dhaoine atá ag obair i réimse STEM i measc na dtionscadal atá beartaithe.
Chuir ceannaire an tionscadail, an Dr Fintan Hegarty ó Scoil na nEolaíochtaí Matamaitice agus Staitistice san Ollscoil, fáilte roimh an maoiniú.
“Is teanga bheo í an Ghaeilge, agus tá sé tábhachtach go n-úsáidfimid í chun plé a dhéanamh ní hamháin ar ár n-oidhreacht, ach ar na ceisteanna a mbeidh tionchar acu ar a bhfuil i ndán dúinn amach anseo chomh maith,” arsa Hegarty.
Baineann STEM linn ar fad – ní gá ach smaoineamh ar an dul chun cinn i ngnóthaí leighis le linn na paindéime agus ar a bhfuil á fhorbairt maidir leis an intleacht shaorga, mar shampla. Is é an aidhm atá againn spásanna a chruthú inar féidir linn díospóireacht shuimiúil, bunaithe ar eolas, a bheith againn faoi STEM, agus dearmad a dhéanamh gur trí Ghaeilge atáimid á phlé.”
Eagraíodh togra píolótach chun modúil trí Ghaeilge a mhúineadh i Scoil na nEolaíochtaí Matamaitice agus Staitistice in Ollscoil na Gaillimhe roimhe seo ach cuireadh deireadh leis tar éis dhá bhliain ceal maoiniú fadtéarmach.
Fág freagra ar '€270,000 bronnta ar Ollscoil na Gaillimhe chun STEM trí Ghaeilge a chur chun cinn'