Deir Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) go gcreideann formhór príomhoidí nár cheart díolúintí ó staidéar na Gaeilge a bhronnadh ar dhaltaí bunscoile.
Deir an INTO, an ceardchumann múinteoirí is mó sa tír, go dtagann ceist na ndíolúintí chun cinn ag gach seimineár a reáchtáiltear le príomhoidí agus go léirítear “leibhéal uafásach frustrachais” ina taobh.
Dúradh go gcreideann formhór príomhoidí nár cheart go mbronnfaí díolúine ag an mbunleibhéal ach go mothaítear faoi bhrú ag tuismitheoirí a bhíonn ag lorg ceann dá bpáistí.
Faoi athrú a tháinig i bhfeidhm in 2019, is faoin bpríomhoide atá sé cinneadh a dhéanamh díolúine a bhronnadh ar dhalta, chomh fada is go gcomhlíonann an dalta critéir áirithe.
Agus é ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt Ard-Rúnaí an INTO, John Boyle, nach bhfuil córas na ndíolúintí ag obair agus go bhfuil an ceardchumann ag éileamh ar an Roinn taighde a chur ar fáil a thugann fianaise go bhfuil aon tairbhe le bronnadh díolúintí.
Breis is 73,000 dalta bunscoile agus iarbhunscoile a raibh díolúine acu ón nGaeilge anuraidh, an líon is mó riamh.
Tá laghdú tagtha ar líon na ndíolúintí a bhronntar ag an mbunleibhéal le blianta beaga anuas ach dúirt Máirín Ní Chéileachair, Rúnaí Cúnta leis an INTO, gur cheart ‘health warning’ a chur leis na figiúirí sin.
Mhínigh Ní Chéileachair don gcoiste gur minic do phríomhoidí gan díolúine atá deonaithe ar dhalta a chlárú ar an mBunachar Sonraí ar Líne do Bhunscoileanna go dtí deireadh na bliana, rud a chiallódh nach mbeadh sé san áireamh i bhfigiúirí na Roinne. Dúirt sí go mbíonn iontas ar phríomhoidí go minic nuair a deirtear leo go bhfuil bronnadh na ndíolúintí ag titim ag an mbunleibhéal.
Dúirt Ní Chéileachair go mbíonn páistí i rang a cúig nó rang a sé go hiondúil faoin am go dtosaíonn tuismitheoirí ag lorg díolúine ach go mbíonn “mionlach tuismitheoirí” á lorg nuair a bhíonn an páiste i rang a dó.
Is féidir díolúine a bhronnadh ar dhalta a léiríonn go bhfuil sé nó sí sa deichiú peircintíl nó faoina bhun i dtriail litrithe nó léamh focal nó i léamhthuiscint. Dúirt Ní Chéileachair gur údar imní é go bhfuil ardú ag teacht ar líon na dtuismitheoirí a bhíonn ag iarraidh go dtabharfadh a bpáiste faoin scrúdú arís mura gcomhlíonann sé nó sí na critéir chun an díolúine a fháil.
Dúradh nach bhfuil aon bhunús le córas na ndíolúintí agus gur tacaíocht a theastaíonn ó dhaltaí le riachtanais bhreise seachas cuid den churaclam a cheilt orthu.
“Is fiú a thabhairt faoi deara gurb í Éire an t-aon tír Eorpach a thugann díolúine den sórt sin – níl siad ann i ndlínsí eile agus léiríonn taighde nach bhfuil aon bhunús oideachasúil leo,” a dúirt Ní Chéileachair.
“Creidimid go han-láidir ón méid atá ar eolas againn i gcomhthéacs curaclam teanga comhtháite nach ndéanann [bronnadh díolúintí] ciall ag an mbunleibhéal a thuilleadh.
“Tá sé ar nós a rá go dtabharfaimid díolúine duit ón roinnt fhada sa mhata. Is cuid den churaclam í. Sin an chaoi a smaoiním air i gcónaí. Ní thabharfainn díolúine duit ó na codáin nó ó chéatadáin nó cibé.”
Dúirt Ní Chéileachair gur chóir an curaclam a chur in oiriúint don pháiste. Má bhíonn deacrachtaí ag páiste le léamh agus scríobh, mar shampla, dúirt sí gur cheart díriú ar labhairt na teanga.
Dúirt an INTO freisin go raibh neamhréir ann sa mhéid is go bhféadfadh díolúine ón nGaeilge a bheith ag dalta mar gheall ar dheacrachtaí foghlama ach go bhféadfadh an duine sin teanga iasachta nua-aimseartha a fhoghlaim. Bhí níos mó ná leath na ndaltaí iarbhunscoile a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama fós ag déanamh staidéar ar theanga iasachta anuraidh.
Dúirt John Boyle go raibh tionchar na dtacaíochtaí breise atá curtha ar fáil do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna DEIS lán-Ghaeilge le blianta beaga anuas le feiceáil. Dúirt Boyle gur minic le daltaí ón iasacht “a bhíonn 9, 10, 11 bliain d’aois” nuair a thagann siad isteach sna scoileanna sin leanúint leis an nGaeilge mar go mbíonn an tacaíocht sin ar fáil.
“Ba chóir go mbeadh an tacaíocht sin in achan scoil,” a dúirt sé.
D’aontaigh an coiste le moladh an INTO go réiteodh an Roinn Oideachais bileog eolais do thuismitheoirí faoi “na himpleachtaí fad saoil” a d’fhéadfadh a bheith ann do dhalta nach ndéanann staidéar ar an nGaeilge.
Dúirt John Boyle nach dtuigeann tuismitheoirí go minic go mbeadh rochtain laghdaithe ag dalta nach dtugann faoin nGaeilge ar an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, ar chúrsaí tríú leibhéal, agus ar ghairmeacha áirithe.
Adhna
Aineolas na Roinne Oideachais ar thionchar díolúine ón nGaolainn ar ionchuimsiú scoláirí sa chóras oideachais. Imeallú agus beag ‘s fiú do dhul chun cinn na bpáistí i scoileanna atá á chothú acu. Is maith iad an INTO seasamh suas i gcoinne na frith-ghaeil sa ROINN!