Alex Hijmans
Tá an scríbhneoir ón Ísiltír Cees Nooteboom tar éis bháis; cailleadh údar an úrscéil iomráitigh Het volgende verhaal (The Following Story, sa leagan Béarla) Dé Céadaoin in aois a 92 ar an oileán Spáinneach Menorca, mar a raibh teach aige ó 1965 i leith.
Bhí tithe ag Nooteboom, leis, in Amsterdam, i mBeirlín agus in aice le loch an Bodensee i ndeisceart na Gearmáine; bhí rath as cuimse air, mar scríbhneoir, ach ní raibh sé riamh sásta.
An chúis a bhí leis sin ná nach raibh an meas céanna air riamh ina thír dhúchais, an Ísiltír, agus a bhí thar lear. Fuar go maith a bhí an fháilte a cuireadh roimh an úrscéal gearr iar-nua-aoiseach Het volgende verhaal (1991) ina thír féin, mar shampla, ach bhí mórdhíol taibhseach air sa Ghearmáin agus d’éirigh go maith leis i scór teangacha eile; uaireanta, ó shin i leith, d’fhoilsítí a chuid saothar i nGearmáinis ar dtús sula gcuirtí amach an bunleagan in Ísiltíris – iarracht de chuid na bhfoilsitheoirí, seans, léitheoirí na hÍsiltíre a mhealladh leis an tóir a bhí ar an údar ag na comharsana.
Mar a tharlaíonn, níor léigh mé féin Het volgende verhaal – scéal múinteoir Gréigise agus Laidine a théann a chodladh ina árasán féin in Amsterdam ach a dhúisíonn, go míorúilteach, i seomra óstáin i Liospóin an mhaidin dár gcionn – níor léigh mé féin an saothar sin go dtí go ndúirt scríbhneoir Gaeilge aitheanta liom go raibh orm é a léamh, agus níor thaitin sé liom. Ró-iarnua-aoiseach, seans, nó b’fhéidir go raibh mise ró-óg – nó ró-Ísiltíreach.
Breathnaíodh ar Nooteboom go hidirnáisiúnta mar scríbhneoir Eorpach agus is minic a luaití a ainm maidir le Duais Nobel na Litríochta (nár bronnadh air riamh.) Bhuaigh sé dornán mórdhuaiseanna san Ísiltír, an ceann is mó, an P.C. Hooftprijs, ina measc, ach b’ábhar díomá agus go deimhin cantail dó é nach raibh an tóir chéanna ag na léitheoirí air ina thír féin agus a bhí thar lear.
‘Scríbhneoir Ísiltíreach atá ionam agus a bheidh ionam go brách, agus gan dabht teastaíonn aitheantas agus meas uaim ó mo phobal teanga féin freisin,’ a dúirt sé in agallamh, tráth.
Tá trí cinn d’úrscéalta le Nooteboom ar na seilfeanna i dteach mo mhuintire, atá á fholmhú agam faoi láthair, cóip de Het volgende verhaal ina measc. B’fhéidir go dtabharfaidh mé liom iad anois, féachaint ar tháinig aon fhorbairt orm féin mar léitheoir ó thug mé faoi Nooteboom cheana.
Paul Laughlin
Ní fáidh fear ina dhúchas féin! Níl ach The Following Story léite agam ach bhí sé soiléir dom gur scríbhneoir sármhaith a bhí ann.