Ceathrar gafa maidir le tine in óstán i gConamara a bhí á réiteach d’iarrthóirí tearmainn

Bhí lóistín á réiteach in Óstán an Ross Lake House i Ros Cathail do 70 iarrthóir tearmainn ach chuaigh an áit trí thine ar an 16 Nollaig

Ceathrar gafa maidir le tine in óstán i gConamara a bhí á réiteach d’iarrthóirí tearmainn

Bhí lóistín á réiteach in Óstán an Ross Lake House i Ros Cathail do 70 iarrthóir tearmainn ach chuaigh an áit trí thine ar an 16 Nollaig

Tá ceathrar gafa maidir le tine a tharla in óstán i gConamara nach raibh in úsáid ach a bhí á réiteach d’iarrthóirí tearmainn agus amhras ann gur ionsaí coirloiscthe ba shiocair leis an tine.

Bhí Óstán an Ross Lake House i Ros Cathail i gceantar Mhaigh Cuilinn á réiteach le lóistín a chur ar fáil do 70 iarrthóir tearmainn ach chuaigh an áit trí thine ar an 16 Nollaig anuraidh.

Mar chuid dá bhfiosrúchán ghabh an Garda Síochána ar maidin beirt fhear agus beirt bhan, iad ar fad sna daichidí agus sna caogaidí.

Gabhadh na fir maidir le cionta líomhnaithe in aghaidh an Achta um Dhamáiste Coiriúil 1991 agus tá siad ar a gcoimeád faoi láthair faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984.

Maidir le cionta líomhnaithe in aghaidh an Achta um Chiontaí in aghaidh an Stáit (leasú) 1998 a gabhadh an bheirt bhan agus tá siadsan ar a gcoimeád faoi láthair faoi Alt 30 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939.

Tá an ceathrar á gcoimeád faoi láthair i stáisiún Gardaí san iarthuaisceart.

Tá fiosrúchán na nGardaí fós ar siúl.

Fág freagra ar 'Ceathrar gafa maidir le tine in óstán i gConamara a bhí á réiteach d’iarrthóirí tearmainn'