Céard is crônica ann? Léigh Maeve Brennan, Clarice Lispector nó Bridget Bhreathnach s’againne

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: seánra ar leith i litríocht na Portaingéilise, an crônica, ach tá dul amú ar an té a cheapfadh nach bhfuil gort na croinice á threabhadh i litríocht na Gaeilge nó an Bhéarla

Céard is crônica ann? Léigh Maeve Brennan, Clarice Lispector nó Bridget Bhreathnach s’againne

Maeve Brennan

B’fhéidir gurbh é an t-athléamh a rinne mé le gairid ar My Salinger Yearle Joanna Rakoff, leabhar a thugann léargas géarchúiseach ar Nua-Eabhrac, ba chúis leis ach bhain mé The Long-Winded Lady anuas den tseilf an tseachtain seo, leabhar ó pheann Maeve Brennan atá suite sa chathair chéanna.

Is éard atá sa leabhar seo ná cnuasach colún a scríobh Brennan don rannóg iomráiteach The Talk of the Town san iris The New Yorker, sna 1950í agus sna 1960í, faoin ainm cleite ‘The Long-Winded Lady’. Aistí mealltacha iad a léifeá ceann i ndiaidh a chéile gan stopadh – mar a dhéanfá  seacláidí i mbosca a ithe – ina gcaitheann Brennan súil ghéar ar Nua-Eabhrac agus ar mhuintir na cathrach agus ina dtugann sí lón machnaimh don léitheoir go minic. Ach ní hionann agus seacláidí, d’fhágfaidís blas searbh i do bhéal: blas searbh an uaignis. Bíonn ‘The Long-Winded Lady’ i gcónaí léi féin.

Tá an t-uaigneas plúchtach sin i gcoiteann ag Maeve Brennan le Clarice Lispector, scríbhneoir as an mBrasaíl a mheabhraíonn an scríbhneoireacht sa chnuasach ‘The Long-Winded Lady’ dom go mór. San áit a mbíodh Brennan ina flâneur uaigneach amuigh ar shráideanna Nua-Eabhrac bhí Lispector ina haonarán misteach istigh ina hárasán i gcathair Rio de Janeiro, ach tá rudaí eile i gcoitinne ag an mbeirt bhan. Ní hamháin go raibh Brennan agus Lispector i mbarr a réime ag an am céanna, i lár an 20ú céad, ach tharla gur fhág an bheirt acu a dtíortha dúchais agus iad an-óg. Seacht mbliana déag d’aois a bhí Brennan nuair a d’fhág sí Éire le haghaidh a thabhairt ar Mheiriceá; rud beag le cois bliain d’aois a bhí Lispector nuair a theith a muintir, ar Ghiúdaigh iad, ón Úcráin go dtí an Bhrasaíl. D’fhág an imirce sin a lorg ar stíl na beirte acu: tá súil an duine ón taobh amuigh le brath go láidir ar a gcuid scríbhneoireachta. 

Ach is é an rud is mó atá i gcoitinne ag Brennan agus Lispector, dar liom, ná an seánra neamhghnách ina mbídís ag saothrú. Ní dóigh liom go n-aithnítear an seánra seo mar sheánra ar leith i litríocht na Gaeilge nó an Bhéarla, ach seánra iomráiteach í an crônica i litríocht na Portaingéilise. ‘Croinicí’, nó cuntais bheaga, ar eachtraí ón saol laethúil a fhoilsítear i bhfoirm sraithe a bhíonn i gceist ach is í an neamhfhoirmeáltacht an ghné is suaithinsí faoin seánra seo: is éard atá sa crônica dea-scríofa ná comhrá pearsanta, príobháideach (ach aontreoch) idir an t-údar agus an léitheoir. De réir a chéile, agus forbairt ag teacht ar an tsraith, cuireann an léitheoir aithne fhíorphearsanta ar an údar – nó ar an bpearsa a chothaíonn an t-údar sa crônica, cibé – agus dlúthchuid de mhealltacht an tseánra an méid sin.

Is maith le haos liteartha na Brasaíle a mhaíomh gur gort atá sa crônica nach bhfuil á threabhadh ach sa Bhrasaíl, ach bréagnaíonn scríbhneoireacht Maeve Brennan an teoiric sin. 

Agus creid é nó ná creid, tá cronista (ní hea, níl comhartha an chuairín in easnamh ar an ‘o’ sin) ag saothrú i nGaeilge agus bíonn sí ag scríobh don suíomh seo: Bridget Bhreathnach. Sampla níos fearr i nGaeilge de céard is crônica ann ná na scéalta a insíonn Bridget dúinn faoi Bheainín na Naíonáin Bheaga, faoin gCailín Mór Beag agus faoin mBabaí ní rithfeadh liom. 

Fág freagra ar 'Céard is crônica ann? Léigh Maeve Brennan, Clarice Lispector nó Bridget Bhreathnach s’againne'